Cluiche den scoth romhainn ar lá mór na camógaíochta

An lá a mbíonn dhá fhoireann an-ghar dá chéile ó thaobh cumais, is minic gurb iad an dúil agus an díocas a dhéanann an difríocht

Cluiche den scoth romhainn ar lá mór na camógaíochta

Michelle Teehan (Cill Chainnigh) agus Orla Cotter (Corcaigh) ag imirt i gcluiche ceannais na sraithe níos luaithe i mbliana. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

An tseachtain seo is iad na mná a bheidh i mbun na gcamán agus craobh shinsir na hÉireann ar siúl. Bhí díomá ar leantóirí na hiomána i gCorcaigh nár éirigh leis an bhfoireann faoi 21 an chreach a thabhairt leo coicís ó shin ach an oíche sin, ba mhó fonn troda agus buachana a bhí ar Thiobraid Árann.

Agus an lá a mbíonn dhá fhoireann an-ghar dá chéile ó thaobh cumais, is minic gurb iad an dúil agus an díocas a dhéanann an difríocht.

Amárach beidh seans ag mná an chontae cois Laoi corn Duffy a thabhairt leo den dara bliain as a chéile agus den tríú huair le ceithre bliana. Is saineolaithe iad mná Chorcaí ar an gcomórtas seo le blianta agus seacht gcraobh ar fhichid buaite acu ón mbliain 1932. Iad féin agus Baile Átha Cliath a bhí go mór in uachtar go dtí na seachtóidí nuair a thosnaigh Cill Chainnigh ag éirí aníos agus iad faoi eagar. Is iad na Cait bhaineanna chéanna a bheidh mar fhreasúra amárach mar a bhíodar anuraidh agus an bhliain roimhe sin.

Ó tharla bua an taobh a bheith acu sna cluichí sin, caithfidh nach bhfuil mórán eatarthu.

Cé nach saineolaí mise ar an spórt seo, aithním go bhfuil an caighdeán ardaithe go mór ó thosach na mílaoise.  Mar aon leis sin tá teaicticí na bhfear ag teacht isteach chomh maith le cuid den tsoiniciúlacht sin a fheicimid anois is arís san iománaíocht. Caithfear a admháil, áfach, go bhfuil an scil, an luas ,an chomhimirt agus an cruinneas i bhfad níos fearr ná mar a bhíodh siad deich mbliana ó shin.

Beidh an chuid is mó den fhoireann a bhuaigh an corn dhá bhliain ó shin do Chill Chainnigh ag dul chun páirce arís i mbliana. An lá stairiúil sin in 2016, ba í scéal Ann Downey, bainisteoir na gCat an scéal mór a bhí ag na meáin. Ba í Downey a bhí ina captaen ar na Cait an uair dheiridh a bhuaigh a contae i 1994.

Ach níorbh é sin an chúis ba mhó lena moladh. Creid é nó ná creid bhí Downey ina ball de gach uile fhoireann a bhuaigh an dosaen craobh a bhí buaite ag Cill Chainnigh i stair na camógaíochta. Sin díograis duit.

Is í a bheidh ar an taobhlíne arís amárach agus na ceannairí céanna aici agus a bhí aici le trí bliana anuas ag troid ar son a gcontae, na deirfiúracha Farrell, bean na bpocanna saora Denise Gaule, Anne Dalton, Miriam Walsh agus Katie Power agus a thuilleadh nach iad.

Níos luaithe sa bhliain bhí an dá fhoireann chéanna i gcraobh na sraithe agus d’éirigh le Cill Chainnigh an comórtas sin a bhuachan don tríú bliain as a chéile.

Ach ní mór cuimhneamh gurb iad mná Chorcaí na seaimpíní.

Maidir le Corcaigh, tá an fhoireann lán le himreoirí a bhfuil ualach taithí acu agus tá ceannairí iontacha acu. Tá Aoife Murray, Gemma O’Connor, Aisling Thompson, Orla Cotter agus Cronin i measc phearsana móra an spóirt. Agus iad faoi stiúir Paudie Murray, ní ghéillfidh siad faic go héasca.

Anuraidh ba í Rena Buckley, bean a bhfuil ocht mbonn craoibhe sinsir déag aici, a d’ardaigh an corn. Níor imir Rena i mbliana ach tá a comrádaí Briege Corkery, a bhfuil seacht mbonn déag aici agus nár imir anuraidh, ar ais ar an bpainéal agus í ina hionadaí spreagúil.

Amhail gach cluiche dár imríodh riamh, is taobh istigh de na línte bána an lá ar leith sin a shocraítear cé aige a bhíonn an bua.

Táim ag súil le hardchluiche agus go mbeidh an corn ar an Meall Theas i gCorcaigh oíche Dé Luain.

Fág freagra ar 'Cluiche den scoth romhainn ar lá mór na camógaíochta'