Cluiche craoibhe idir Sligeach agus Gaillimh curtha ar ceal de dheasca an choróinvíris

I ráiteas a chuir Sligeach amach deireanach aréir, dúirt bord an chontae go raibh siad corraithe mar gheall ar an gcinneadh gan cluiche leathcheannais Chonnacht a imirt

Cluiche craoibhe idir Sligeach agus Gaillimh curtha ar ceal de dheasca an choróinvíris

Tá cinneadh déanta ag Sligeach gan foireann peile a chur chun páirce i gcluiche leathcheannais Chonnacht an deireadh seachtaine seo de bharr cásanna Covid-19.

Glacadh an cinneadh ag cruinniú aréir agus fágann sé go mbeidh Gaillimh ag dul díreach ar aghaidh go dtí cluiche ceannais an chúige.

D’fhógair bord an chontae inné go raibh an Covid-19 ar sheachtar d’imreoirí Shligigh. Rinneadh tástálacha ar roinnt imreoirí eile ina dhiaidh sin ach torthaí neamhchinnte a bhí ar na tástálacha sin.

Idir sin agus na himreoirí a bhfuil orthu féinleithlisiú a dhéanamh de bharr go raibh gartheagmháil acu le daoine a a raibh an Covid-19 tolgtha acu, rinneadh cinneadh aréir gan an cluiche i gcoinne na Gaillimhe Dé Sathairn a imirt.

I ráiteas a chuir siad amach deireanach aréir, dúirt bord an chontae go raibh siad corraithe mar gheall ar an gcinneadh. Dúradh go raibh fíor-dhíomá ar na himreoirí nach raibh siad in ann an cluiche a imirt an deireadh seachtaine seo chugainn ach gur measadh go raibh iallach curtha orthu an cluiche a chur ar ceal.

D’fhógair Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael John Horan an tseachtain seo nach gcuirfí siar aon chluichí de bharr cásanna Covid-19, seachas b’fhéidir babhtaí leathcheannais agus ceannais na hÉireann.

Toisc nach mbeidh na babhtaí cáilithe ann i mbliana, tá deireadh tagtha le séasúr Shligigh gan aon chluiche craoibhe a bheith imeartha acu.

Is í foireann Shligigh an chéad fhoireann a raibh orthu cinneadh a dhéanamh gan cluiche craoibhe a imirt de bharr an choróinvíris.

Ní bheidh cluiche anois ag foireann na Gaillimhe go dtí an 15 Samhain, nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar bhuaiteoirí an chluiche leathcheannais eile idir Maigh Eo agus Ros Comáin.

Fág freagra ar 'Cluiche craoibhe idir Sligeach agus Gaillimh curtha ar ceal de dheasca an choróinvíris'