Cluiche craoibhe idir Cill Charthaigh agus Gaoth Dobhair le craoladh ar TG4 an deireadh seachtaine seo

Déanfar craoladh iarbheo ar chluiche leathcheannais chraobh shinsir peile Dhún na nGall idir Cill Charthaigh agus Gaoth Dobhair Dé Domhnaigh

Cluiche craoibhe idir Cill Charthaigh agus Gaoth Dobhair le craoladh ar TG4 an deireadh seachtaine seo

Beidh an cath cinniúnach idir Gaoth Dobhair agus Cill Charthaigh i gcraobh shinsir peile Dhún na nGall le feiceáil ar TG4 an deireadh seachtaine seo.

Tá an chraobh buaite ag na foirne seo le dhá bhliain anuas. Cill Charthaigh a rinne an beart in 2017 agus thug Gaoth Dobhair an chraobh leo anuraidh. Tabharfaidh siad aghaidh ar a chéile Dé Domhnaigh agus iad ag iarraidh áit a bhaint amach i gcluiche ceannais 2019.

Cé gur thug Gaoth Dobhair an lá leo faoi dheireadh ina gcluiche ceathrú ceannais, bhí am breise ag teastáil uathu chun cumann Bhun Dobhráin, Réalt na Mara, a chur de dhroim seoil Dé Domhnaigh seo caite. Bhí bua cumasach ag Cill Charthaigh ar na Cealla Beaga ina gcluiche ceathrú ceannais an oíche roimhe.

Cuirfear tús leis an gcluiche idir Gaoth Dobhair agus Cill Charthaigh ag 3.30pm agus déanfaidh TG4 craoladh iarbheo ar an gcoimhlint.

Tá cluiche ceannais chraobh iomána Luimnigh idir Na Piarsaigh agus Tobar Phádraig le craoladh beo ag 3.30pm agus taispeánfar an cluiche peile ina dhiaidh.

Tá na cluichí a bheidh le feiceáil ar GAA BEO an tseachtain dár gcionn fógartha chomh maith. Déanfaidh siad craoladh beo ar chluiche ceannais chraobh shinsir iomána an Chláir idir An Chreathlach agus Droichead Abhann Ó gCearnaigh. Beidh craoladh iarbheo ar chluiche ceannais chraobh shinsir peile Ros Comáin idir Pádraig Mac Piarais agus Gaeil Ros Comáin.

Dé Domhnaigh, 6 Deireadh Fómhar

Na Piarsaigh v Tobar Phádraig (Beo)

Cill Charthaigh v Gaoth Dobhair (Iarbheo)

Dé Domhnaigh, 13 Deireadh Fómhair

An Chreathlach v Droichead Abhann Ó gCearnaigh (Beo)

Pádraig Mac Piarais v Gaeil Ros Comáin (Iarbheo)

Fág freagra ar 'Cluiche craoibhe idir Cill Charthaigh agus Gaoth Dobhair le craoladh ar TG4 an deireadh seachtaine seo'

  • Ciaran o daltuin

    Flipeadoiri Longfoirt v Cill Eo an
    Deireadh seachtaine seo freisin cluiche craoibhe