CLUICHE CEANNAIS NA SRAITHE: Ré nua iomána buailte linn agus cuma na maitheasa ar an gClár

Tá eolas maith ag bainistíocht an Chláir ar chóras na nDéise, ach an gcuirfidh siad chun páirce chun an córas sin a shárú nó an imreoidh siad de réir a bpleananna féin? Sin í an cheist mhór

Clare-waterford

Caithfidh go mbeidh cluiche an-suimiúil againn amárach nuair a chasfaidh Port Láirge agus an Clár ar a chéile.  Ná bíodh éinne ag ceapadh go mbeidh ceachtar de na contaetha seo ag iarraidh gan aon rún a scaoileadh roimh an gcluiche craoibhe a bheidh eatarthu sara fada.

Thar na mblianta is fíorbheagán comórtas sinsear náisiúnta atá buaite ag an dá chontae agus tá seans acu amárach ar Chorn Náisiúnta a bhuachan agus ní beag an rud é sin.

Táim lánchinnte de rud amháin faoi chluiche an lae amáraigh – ní fheicfimid cluiche traidisiúnta iomána ‘cúigear déag ar chúigear déag’ agus gach beirt ina n-áit féin. Ní fheicfimid ná baol air. Beidh ardluas faoin imirt sa chluiche seo, beidh díocas ar chách agus beidh taicticí ann nach mbeadh as áit ar bhord fichille nó sa Pheil Mheiriceánach.

Nuair a bhuaigh an Clár Craobh na hÉireann in 2013 faoi bhainistíocht Davy FitzGerald d’úsáideadar cosantóir le cois i mbeagnach gach cluiche agus bhíodh na tosaithe ag bogadh timpeall go rialta. Bhí sé thar a bheith deacair déileáil leis sin agus dar ndóigh theip ar aon chontae a bhuail leo teacht timpeall ar na taicticí a bhí acu.

Anuraidh chuir na Déisigh chun páirce agus taicticí dá gcuid féin acu, taicticí ar cuireadh tástáil mhaith ar dtús orthu ar an bpáirc thraenála agus i gcluichí éagsúla ina dhiaidh sin.

Ní foláir a rá go raibh bliain an-rathúil acu tríd is tríd.

In 2016 tá siad ag cloí leis an gcur chuige céanna, cur chuige atá ag obair dóibh. Is cur chuige é atá dian ar na himreoirí ach is deacair imirt ina choinne.

Is cosúil go bhfuil ré nua iomána buailte linn, agus go bhfuil an lá a mbíodh a ionad féin ag gach imreoir caite. Tugtar tús áite anois do sheilbh na liathróide agus do sheachadadh stuama na liathróide. Tá an-bhéim anois ar an gcosaint agus ar an bhfrithionsaí agus líon na bpocanna amach fada ag laghdú i gcónaí.

Amárach feicfimid cluiche den déanamh nua sin. Is minic Derek McGrath cloiste againn i mbliana a rá nach bhfuil sé chun a chóras a athrú chun an lucht féachana nó na meáin a shásamh. Is cuma leis éinne atá ag lorg cluichí oscailte ar an tseanstíl. 

Tá eolas maith ag bainistíocht an Chláir ar chóras na nDéise, ach an gcuirfidh siad chun páirce chun an córas sin a shárú nó an imreoidh siad de réir a bpleananna agus dtaicticí féin? Sin í an cheist mhór.

Pé rud a dhéanfaidh siad beidh cluiche againn ina mbeidh na himreoirí ag rith agus ag gluaiseacht gan stad, suas síos an pháirc mar a bheadh cluiche peile ann.

Cé a bhuafaidh? Bhuel bhuaigh an Clár ar Thiobraid Árann sa dá chluiche dheireanacha a bhí acu. Is an-ullmhúchán an méid sin don choimhlint seo. Ní raibh an caighdeán céanna ag baint leis na cluichí a bhí ag Port Láirge go dtí seo.

Tá painéal láidir ag an dá chontae. Tá Pádraig Mahony ag imirt arís ag na Déisigh, agus cé go bhfuil Tony Kelly agus Podge Collins fillte ar fhoireann an Chláir braithfidh siad uathu John Conlon.

Ní dóigh liom go mbeidh mórán eatarthu ach ceapaim go mbeidh an lá leis an gClár an uair seo, toradh a thabharfaidh an-mhuinín dóibh agus na laethanta is tábhachtaí ar fad amach rompu.

Fág freagra ar 'CLUICHE CEANNAIS NA SRAITHE: Ré nua iomána buailte linn agus cuma na maitheasa ar an gClár'