Cluiche ceannais faoi 20 na hÉireann idir Gaillimh agus Áth Cliath curtha ar athlá

Tá deimhnithe ag CLG tráthnóna nach mbeidh na comórtais idirchontae faoi aois ag dul ar aghaidh mar a bhí beartaithe

Cluiche ceannais faoi 20 na hÉireann idir Gaillimh agus Áth Cliath curtha ar athlá

Tá sé fógartha ag Cumann Lúthchleas Gael tráthnóna go bhfuil siad chun stop a chur le cluichí idirchontae faoi aois.

Fágann an cinneadh nach mbeidh cluiche ceannais faoi 20 na hÉireann sa pheile idir Gaillimh agus Áth Cliath ag dul ar aghaidh Dé Sathairn beag seo.

Cé nach bhfuil cead cluichí a imirt faoi na srianta Leibhéal 5 atá ag teacht i bhfeidhm ag meán oíche anocht, tá eisceacht déanta don scothspórt, amhail CLG.

Bhí éiginnteacht ann an raibh cluichí idirchontae faoi aois ceadaithe ach, tar éis dóibh soiléiriú a fháil ón Roinn Spóirt, tá deimhnithe ag CLG nach mbeidh na comórtais faoi aois ag dul ar aghaidh mar a bhí beartaithe.

“Tar éis dúinn soiléiriú a fháil ón Roinn Spóirt faoi chluichí idirchontae, tá CLG ábalta a dheimhniú go bhfuil stop á chur le gach comórtas mionúir agus faoi 20 go dtí go bhfógrófar a mhalairt,” a dúradh sa bhfógra a d’eisigh Cumann Lúthchleas Gael tráthnóna.

Bhí cluiche ceannais faoi 20 na hÉireann sa pheil idir Gaillimh agus Áth Cliath le bheith ar súil i bPort Laoise Dé Sathairn.

Is é seo an dara huair go bhfuil stop curtha leis an gcomórtas de bharr na paindéime Covid-19. Bhí briseadh níos mó ná seacht mí ann idir cluichí ceannais na gcúigí agus cluichí leathcheannais na hÉireann, a imríodh Dé Sathairn seo caite.

Bhuaigh Gaillimh ar Chiarraí agus bhuaigh Áth Cliath ar Thír Eoghain chun áit a bhaint amach sa chluiche ceannais.

Bhí scata cluichí i gcraobhacha mionúir na gcúigí le bheith ann an deireadh seachtaine seo freisin agus bhí cluichí leathcheannais faoi 20 na Mumhan san iomáint le himirt Dé Luain seo chugainn.

Ag meán oíche anocht a thiocfaidh na srianta Leibhéal 5 i bhfeidhm agus tá cinneadh déanta ag CLG na cluichí iomána i gCraobh faoi 20 Laighean a imirt anocht mar a bhí socraithe.

Fág freagra ar 'Cluiche ceannais faoi 20 na hÉireann idir Gaillimh agus Áth Cliath curtha ar athlá'