Cluiche cáilithe na hÉireann do EURO 2020 le himirt mí Dheireadh Fómhair

Má éiríonn le foireann na hÉireann a gcluiche cáilithe a bhuachan ar an 8 Deireadh Fómhair, tabharfaidh siad aghaidh ar Thuaisceart Éireann nó ar an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin ar an 12 Samhain

Cluiche cáilithe na hÉireann do EURO 2020 le himirt mí Dheireadh Fómhair

Matt Doherty. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Tá sé fogartha ag UEFA tráthnóna go n-imreofar an cluiche cáilithe do EURO 2020 idir Éirinn agus an tSlóvaic mí Dheireadh Fómhair.

Bhí na foirne in ainm is aghaidh a thabhairt ar a chéile ar an 26 Márta ach cuireadh an cluiche siar de bharr phaindéim Covid-19.

Tá sé dearbhaithe tráthnóna go n-imreofar an cluiche ar an 8 Deireadh Fómhair sa tSlóvaic.

Is é Stephen Kenny a bheidh i gceannas ar fhoireann na hÉireann don chluiche agus é tagtha i gcomharbacht ar Mick McCarthy.

Má éiríonn le foireann Kenny an cluiche sin a bhuachan, tabharfaidh siad aghaidh ar Thuaisceart Éireann nó ar an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin i gcluiche cáilithe eile ar an 12 Samhain. Beidh áit ag EURO 2020 ag buaiteoir an chluiche sin.

Bhí EURO 2020 le bheith ar súil an mhí seo agus bhí trí chluiche le himirt i Staid Aviva i mBaile Átha Cliath. Cuireadh an comórtas siar go dtí samhraidh 2021, áfach.

Fág freagra ar 'Cluiche cáilithe na hÉireann do EURO 2020 le himirt mí Dheireadh Fómhair'