Cluiche airgeadais agus polaitíochta na vacsaíne

Áiríonn an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte anois an ghluaiseacht frith-vacsaínithe ar cheann de na bagairtí is mó don tsláinte dhomhanda

Cluiche airgeadais agus polaitíochta na vacsaíne

Tá na dea-scéalta faoi vacsaín ag teacht chugainn ar bhonn laethúil beagnach faoin tráth seo.

Ní  hamháin go bhfuil ag éirí leis na comhlachtaí cógaisíochta iad a fhorbairt ach tá ag éirí leo vacsaíní éifeachtacha a chur inár láthair.

Cluiche airgeadais agus polaitíochta a bheidh ann as seo amach. Cé atá in acmhainn dóthain den táirge a cheannach?

Cé na tíortha is túisce a mbeidh fáil acu ar an vacsaín? Nuair a chuirtear ar fáil í cé dó a dtabharfar í a bhonn práinne? Tuigeann muid go mbeidh dhá dháileog le fáil ag daoine i gcás cuid díobh. Tá tuairimí éagsúla ag lucht taighde faoi cén fhad a thabharfaidh an vacsaín cosaint duit. An gcoinneoidh tíortha an oiread den vacsaín agus a cheadóidh do dhaoine dul ag taisteal arís?

An gcuirfidh an brú go mbeadh vacsaín ar fáil dóibh siúd a dteastaíonn uathu tosú ag taisteal leis an gcostas? Bíonn ceannairí an domhain ag maíomh gach lá go bhfuil sé i gceist acu breathnú amach do na daoine is mó a bhfuil gá acu leis an vacsaín – oibrithe sláinte, daoine aosta, daoine atá tinn cheana féin.

Ach céard fúthu siúd nach gcreideann sa vacsaíniú?

Céard faoi  dhaoine atá amhrasach faoin vacsaín seo mar gur forbraíodh faoi luas í? Tá sciar maith den phobal – suas le 20% – a dúirt i bpobalbhreitheanna nach mbeadh siad sásta aon bhaint a bheith acu le vacsaín an Covid-19. Dream iad a chreideann go bhféadfadh an leigheas a bheith níos contúirtí ná an galar. Tá siad sin le mealladh. Is leis na heolaithe agus an lucht leighis dul i gcion orthu le míniú soiléir gur féidir muinín a chur sa víreas.

Ach tá gluaiseacht idirnáisiúnta in aghaidh aon vacsaín ann, gluaiseacht atá ag bailiú nirt. Ó dheireadh an chéid seo caite, tá grúpaí ag teacht chun cinn atá in aghaidh vacsaín de shaghas ar bith. I 1998 rinne an Dr Andrew Wakefield ceangal idir an vacsaín don bhruitíneach agus uathachas. Ní raibh aon bhunús lena chuid argóintí dar le lucht leighis agus bréagnaíodh a chuid taighde ina dhiaidh sin.

Díbríodh Wakefield den chlárlann leighis ach thug an méid a bhí le rá aige ugach do dhaoine, a raibh amhras orthu ar aon nós, éirí as a bheith ag tabhairt na vacsaíne dá bpáistí. Áiríonn an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte anois an ghluaiseacht frithvacsaínithe ar ceann de na bagairtí is mó don tsláinte dhomhanda. Tá os cionn 30 milliún duine ar fud an domhain luaite le gluaiseachtaí frithvacsaínithe

Céard a chiallóidh sé sin sa bhfadtéarma nuair a bheidh an vacsaín le dáileadh? An gcuirfear cosc taistil orthu siúd a dhiúltaíonn an vacsaín a thógáil? An ndiúltófar cead dóibh freastal ar an scoil? An gcuirfear pionós orthu siúd nach dtógann í nó nach dtugann dá gclann í? Tá sé éasca go maith a rá go bhfuil íor na spéire le feiceáil againn ach tá go leor ceisteanna fós le freagairt.

Fág freagra ar 'Cluiche airgeadais agus polaitíochta na vacsaíne'

  • Antóin

    Ní haon iontas é go bhfuil ar a laghad 20% -déarfainn níos mó – den phobal amhrasach faoi na vacsaíní nua trialacha seo. Agus tá mise ar dhuine acu. Síorbholscaireacht ó dhubh go dubh ó na meáin agus ó pholaiteoirí. Agus, ó eolaithe agus lucht leighis a dalladh faoi spotshoilse geala RTÉ agus a cheapann anois gur polaiteoirí iad atá i gceannas ar bheartas poiblí.

    Mar gheall air sin, beidh obair mhór ag eolaithe agus lucht leighis an 20% sin, a thabhairt leo. Ceist mhuiníne atá ann i ndáiríre. Muinín as polaiteoirí a chuir daoine faoi ghlas ina gcontae féin, a dhruid na séipéil, a dhruid na tithe tábhairne agus na bialanna agus a chuir deireadh lenár slí bheatha agus lenár saol sóisialta. Agus muinín as eolaithe a mhol a leithéid.

    Níl ach ceist amháin ag daoine. An bhfuil sí iomlán sábháilte mar vacsaín? Agus ní fheadar aon duine a bhfuil freagra na ceiste sin aige. Agus má thosaíonn an rialtas ag caint ar phionós de shórt ar bith, is ansin a bheidh a fhios agat go bhfuil an cath caillte acu gan aon teacht ar ais.