Clúdóidh brat féitheog na fothraigh a fhágfaimid inár ndiaidh

AN SAOITHÍN AERÁIDE: Tugann coincheap an ama gheolaíoch faoiseamh don Saoithín Aeráide nuair a thagann drochmhisneach air faoi chúrsaí timpeallachta

Clúdóidh brat féitheog na fothraigh a fhágfaimid inár ndiaidh

Tá aithne ag an Saoithín Aeráide ar Ísiltíreach fir a bhog go dtí an Bhrasaíl, a dhála féin, ach i dtús na 1960idí a bhog an fear eile. Bhí an fear i dtús na bhfichidí an t-am sin agus céim sa talmhaíocht thrópaiceach díreach bainte amach aige – fostaíodh é chun na céadta míle crann a leagan i ndufair stát Paraná i ndeisceart na tíre.

Ní raibh iomrá ar bith ar athrú aeráide an tráth sin, ach tháinig aiféala ar an bhfear faoin scrios tráth níos déanaí ina shaol. Dhá bhliain déag ó shin cheannaigh an fear, a bhí breis agus seachtó bliain d’aois faoin am sin, limistéar talún i stát Bahia, in oirthuaisceart na Brasaíle, chun togra athfhoraoisithe a chur ar bun.

Ní raibh cuma ró-iontach ar an togra sin nuair a thug an Saoithín Aeráide cuairt ar an áit den chéad uair, tuairim is deich mbliana ó shin: crainn óga leochaileacha curtha i línte fada díreacha agus leath acu scriosta cheana féin ag plá seangán.

Ach bhí mearbhall air nuair a thug sé athchuairt ar an togra trí nó ceithre bliana ina dhiaidh sin: bhí cuma na foraoise tar éis teacht ar na línte crann óg agus bhí moncaithe agus éanlaith go leor le feiceáil. (Bhí caint ar nathracha, rud nár thaitin leis an Saoithín ar chor ar bith.)

Nuair a bhíonn an Saoithín Aeráide sa bhaile, san Ísiltír, tugann sé aire do ghairdín a mháthar, atá i lár na seachtóidí agus a bhfuil galar Alzheimer uirthi. Gach bliain, bíonn na sceacha troim agus na driseacha sméara dubha le gearradh siar agus bíonn ar an Saoithín na crainn chnó capaill agus na mailpeanna a thagann aníos in áiteanna míchuí a tharraingt amach. Bhíodh saghas trua ag an Saoithín do na sceacha agus do na crainn go dtí gur rith smaoineamh leis, ag tarraingt ar thrí nó ceithre bliana ó shin.

In ionad an fuíoll a chaitheamh amach san araid bhruscair uaine, a bhí i bhfad róbheag pé scéal é, thóg sé fál timpeall an ghairdín leis na craobhacha gearrtha. Rinne sé cuaillí de na cinn ba thibhe agus ba láidre agus d’fhigh na cinn thanaí eatarthu.

Ar feadh bliain nó dhó ar dtús ní raibh cuma ná caoi ar an bhfál. Cual crann marbh, shílfeá. Ach de réir a chéile chlúdaigh an t-eidhneán, an féithleann agus an vistéiria an conablach craobhacha. Fál beo atá san fhál faoin am seo agus tóir air ag féileacáin agus ag beacha, ag an mbóín Dé agus ag an tsnáthaid mhór, ag an lon dubh agus ag corrghráinneog (ar ámharaí an tsaoil, níl nathracha sa chuid sin den Ísiltír ina bhfuil teach mháthair an tSaoithín lonnaithe.)

Ceapaimid gur fada an t-achar bliain ach ní tada bliain i saol na cruinne. Má theipeann orainn srian a choinneáil le téamh an domhain agus má bhímid féin inár speiceas díothaithe amach anseo (agus mura mbíonn an pláinéad ina chaor thine ar fad) clúdóidh brat glas féitheoga na fothraigh a fhágfaimid inár ndiaidh i bhfaiteadh na súl. 

Is mór an faoiseamh sin.

Fág freagra ar 'Clúdóidh brat féitheog na fothraigh a fhágfaimid inár ndiaidh'

  • Kevin Ó Tuathaigh

    Is saghas filíochta an aiste seo! I mo thuairimse is ceann de na scríbbneoirí Gaeilge is fearr sa domhain faoi láthair é Alex Hijmans. Beir bua agus beanacht.