Club Leabhar 1916: ‘A.D. 2016’ le Pádraig Standún

Tá áthas ar Tuairisc.ie an tríú leabhar ó ‘Club Leabhar 1916 Tuairisc.ie’ a fhógairt – 'A.D. 2016' le Pádraig Standún. Sa tsraith seo foilsítear sliocht as leabhar a bhaineann le hÉirí Amach na Cásca 1916

Club Leabhar

A.D. 2016

Le Pádraig Standún

Cló Chonamara, 1988 (á dháileadh ag Leabhar Breac)

Úrscéalaí aitheanta agus drámadóir é Pádraig Standún, agus tá sé ar dhuine de na scríbhneoirí is rathúla sa Ghaeilge. Foilsíodh a chéad úrscéal, Súil le Breith i 1983, agus foilsíodh an deichiú húrscéal leis, Díbirt Dé, i 2007. Tá a shaothar aistrithe go Béarla, Gearmáinis, agus Polannais. Bhunaigh Bob Quinn an scannán, Budawanny (1987) ar a úrscéal Súil le Breith. Sagart is ea an t-údar, agus tá aithne le fada air mar ghníomhaí pobail. Foilsíodh leabhar dírbheathaisnéise leis Eaglais na gCatacómaí i 2014. As Baile Dabhóg, Caisleán na Bharraigh, i gContae Mhaigh Eo dó, agus tá cónaí anois air i gCarna, i gContae na Gaillimhe, mar a bhfuil sé ina shéiplíneach faoi láthair. Is é A.D. 2016 an dara húrscéal leis.

Iarshagart ar oilithireacht go Baile Átha Cliath é Pádraig, an príomhcharachtar san úrscéal A.D. 2016. Le linn na seachtaine beannaithe, 2016, tá sé ar an mbóthar go Baile Átha Cliath, agus aghaidh á tabhairt aige ar Ardoifig an Phoist. Tá a chros féin le hiompar aige, agus cúpla cloch sa mhuinchille. Cé go bhfuil an tsláinte ag cur as dó, tá fonn fíochmhar air a bheith i láthair ag an gComóradh i mBaile Átha Cliath. Mar a deir sé féin: “Sean le bheith ag bualadh bóthair, a deir siad…. Seafóid orm, a deir siad, ach céard tá le cailleadh agam? Bainfidh mé an comóradh seo amach ar ais nó ar éigean…. Tús in Ardfoifig an Phoist … deireadh i gCill Mhaighneann. Comóradh mór na Náisiúntóirí. Na náisiúntóirí oifigiúla, dar ndóigh.  Dhéanfaidís de m’uireasa, mar a rinne siad ariamh, ach ní fhéadfainn ligean leis an iarraidh seo. Ní leo an náisiún. Is linn uilig é. Náisiún na hÉireann.”

Sa sliocht seo as tús an leabhair, tá Pádraig tar éis lá siúil a dhéanamh, agus socraíonn sé an chéad oíche a chaitheamh taobh amuigh de Chaisleán an Bharraigh, i mbrú taistealaithe i Maigh Nulla. “Ní mé an chéad Phádraig a tháinig thart, de réir na scéalta. Seo í an áit nár fhás an tseamróg ariamh ann, a deirtí. D’eitigh siad deoch do Naomh Pádraig.” Tá sé ina luí ina leaba sa suanlios, nuair a thagann beirt ógánach isteach.


Sliocht as an úrscéal A.D. 2016 le Pádraig Standún

AD2016

BHÍ AN SOLAS MÚCHTA, é ag ceapadh go mbeadh an áit fágtha faoi féin nuair a tháinig beirt eile isteach, cailín agus buachaill nár bhreathnaigh mórán thar scór bliain. Bhí mála mór trom ar iompar ag an mbuachaill, ceann níos éadroime ag an gcailín, puiteach greamaithe de bhróga na beirte is ar bhun na mbrístí chomh maith. Leathshúil leath-oscailte aige, lig Pádraig air féin go raibh sé ina chodladh.

‘Tá mé tugtha,’ arsa an cailín, á caitheamh féin siar ar an leaba. ‘Tá siúl déanta againn inniu!’

‘D’fhéadfá a rá. Tá mé ag déanamh go bhfuil suas le tríocha ciliméadar siúlta againn.’

‘Gan trácht ar theacht anuas ón gCruach.’

‘Bhí sé doiligh ach nach raibh an radharc go hálainn?’

‘Is fada ó chéile a bhíonn an spéir chomh glan, chomh soiléir ann.’

‘Is breá an t-amharc é, cinnte — Acaill agus na hoileáin faoi spéir na maidine, ach ní minic a d’fheicfeá í gan cheo, gan scamall.’

‘Is beag nár bhris mé mo chorróg an t-am sin, mé ag siúl is ag breathnú i mo thimpeall san am céanna.’ Bhí sí ag cuimilt a corróige.

‘Is beag nár bhris mise m’easnachaí ag gáirí fút.’

‘Nach agat a bhí an trua dhom, ach gabh i leith, caithfimid rud eicínt a fháil len ithe.’ Dúirt an buachaill go raibh sé róthuirseach le haon bhlas a ithe. ‘Ná dearmad go bhfuil píosa maith le siúl arís amárach.’

‘Déanfaidh ceann de na taibléadbhéilí sin muid.’

‘Tá siad ag rá anois nach bhfuil sé go maith an iomarca acu sin a ithe.’ D’éirigh sí ón leaba. ‘Ní mharóidh ceann amháin eile muid, is dóigh. Nach bhfuil chuile bhlas a theastaíonn ón duine i gceann acu, ar aon chaoi?’

‘Tá, ach, ar ndóighe, laghdaíonn an bolg muna líonann tú é go rialta.’

  ‘NÍ dhéanfadh sé aon dochar mo bholgsa a laghdú beagán.’

‘Is fior duit.’

‘An fíor?’ Léim sí air agus é sínte ar an leaba, ag cur dinglise ina bholg. ‘Tá sé ceart go leor agamsa é sin a rá,

ach na habradh aon duine eile é.’

‘Tóg go réidh é — nó gabhfaidh rudaí níos faide!’ ‘Geallúintí, geallúintí!’

‘Murach na geallúintí…. Séard a bhí mé a rá fá na taibléadaí — ní hé an scéal céanna a bhíonn ag na dochtúirí ná ag saineolaithe aon dá lá as a chéile. Beidh a athrach de phort acu an chéad bhliain eile.’

‘Tá mise ag gabhail a chodladh chomh luath is a bheas mé nite. Déan cupán tae, maith an fear. Ní bheidh mé dhá nóiméad sa seomra folctha.’

‘Beidh féasta againn, tae agus taibléadaí — is codladh go luath, ar nós mo dhuine thall.’

‘Ní fhaca mé go dtí seo é.’

‘Ná déan barraíocht calláin. Thiocfadh leis a bheith sách drochmhúinte dá ndúiseofaí é. Seanlead atá ann agus b’fhéidir go dteastaíonn codladh na hoíche uaidh.’

‘Ní bheadh sé éasca mo dhuine a dhúiseacht. Nach bhfeiceann tí an buidéal le taobh na leapan?’

‘Nach iontach an dúil atá ag an seandream sa deoch.’

‘Fan go mbeidh mise is tusa an aois sin, b’fhéidir go mbeidh muid mar sin freisin.’

‘Ní ólfaidh mise aon deoir go deo,’ arsa an fear, ‘ná tusa ach an oiread, má bhíonn aon bhaint agat liomsa.’

‘Ag bossáil aríst! Ach nach mbeadh fonn ort é a thriall?’ ‘Tá mo sháith agamsa nuair a fheicim an bhail a chuireann sé ar dhaoine.’

‘Níor chuimhnigh mé ar t’athair Tá brón orm.’

‘Ní hé sin uilig é. Tá drochbhail ar bharraíocht daoine dá thairbhe!’

‘Ach ní ar an ól féin atá an locht. Ní choinnítear le aon duine é. Ní chuirtear buidéal siar i mbéal duine ar bith.’

‘Caithfidh sé go mbaineann siad sásamh as nó ní bheidis á ól’

‘Nach ionann an cás ag achan druga, agus ag achan rud peacúil? Murach an féinsmacht, is dóigh go mbeimis féin amhlaidh fosta.’

‘Murach grásta Dé is tacaíocht na hEaglaise…. Beir ar na bróga sin, maith an fear.’ Shuigh sí ar an leaba agus bhí spraoi acu ag tarraingt na mbróga móra siúil de chosa a chéile. ‘Déan deifir anois, nó ní bheidh muid in ann corraí amárach.’ Bhuail sé ar an tóin í. ‘Brostaigh. Thiocfadh linn a bheith ag caint anseo ar feadh na hoíche.’

Chinn sé ar Phádraig titim ina chodladh. Bhreathnaigh sé anonn ar an mbeirt, iad ina gcodladh le fada, an buachaill ag srannadh, an cailín ag tarraingt a hanála go suaimhneach. Leapacha singile a bhí tógtha acu cé go raibh seomraí folamh le leapacha dúbailte san áit. Deartháir is deirfiúr? Níorbh ea. Níorbh ionann an dá chanúint. ‘Nach iontach an greim,’ a dúirt sé leis féin, ‘atá ag an Eaglais ar an dream óg. Dhá scór nó leathchéad bliain ó shoin, ní mar sin a bheidis — Hippies, Yuppies … saoirse ó thaobh grá is collaíochta … Muid ar an tuairim gur mar a chéile an dá rud. Fuair muid amach nach bhfuil tada in aisce. ‘Teanga, is teagasc Chríost!’ B’in an rud deireanach a dúradar le chéile sula ndeachadar a chodladh. Chraitheadar lámh lena chéile. Níor thugadar fiú póg dá chéile. Nach aisteach an saol é. Cé chreidfeadh tamall de bhlianta ó shoin go dtarlódh a leithid. Cé chreidfeadh go mbeadh an teanga Ghaeilge á labhairt go forleathan ar fud na hÉireann, go mbeadh an Eaglais Chaitliceach, is na heaglaisí eile freisin, ar ndóigh, chomh láidir?

Is féidir A.D. 2016 a cheannach anseo.

Fág freagra ar 'Club Leabhar 1916: ‘A.D. 2016’ le Pádraig Standún'

  • Bearnaí Ó Doibhlin

    Más buan mo chuimhne, thuar an Standúnach san úrséal seo go mbeadh an Ghaeilge mar phríomhtheanga arís in Éirinn faoi 2016. Faraor, ní raibh an ceart aige.