CLUASTUISCINT: Do réab Mickey Harte agus a chuid imreoirí túir éabhair na huaisleachta

Éist leis an bpíosa seo as alt ó Tuairisc.ie agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna

  1. Déan achoimre ar an méid a bhí le cloisint?
  2. Cé mhéad bliain a chaith Mickey Harte mar bhainisteoir ar Thír Eoghain?
  3. Cén fáth a luaitear Peter Keane?
  4. Cé a bheadh ina bhainisteoir idirchontae na laethanta seo?” a deir an t-údar. Cad atá i gceist aige leis sin?
  5. Cad é an t-ábhar iontais dúinn go léir?
  6. Cén chaoi a bhfuil an “taoide ag casadh”?
  7. Cén chanúint atá sa mhír seo? Cuir cúiseanna le do fhreagra?

Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht

  • Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
  • Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déan iarracht na trí abairt a scríobh.
  • Éist leis na habairtí arís más gá.
  • Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.

Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh

  • Éist leis an abairt dheireanach arís agus aimsigh ainm briathartha agus aidiacht bhriathra?
  • Déan iarracht teacht ar thrí fhocal/fhrása nach dtuigeann tú. Déan iad a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 4 – Cur in ord

  • Seo thíos an chéad chuid eile den alt.
  • Ag obair le do pháirtí déan iarracht é a chur in ord.
  • Tabhair réasúnaíocht leis an bhfáth fáth go bhfuil sé san ord sin.
  • Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
  1. thaobh agus anseo i gCiarraí bhraith laochra na gcéadta cath, Mick O’Dwyer agus Páidí Ó Sé féin, gurbh fhuar é a ngnó nuair ná raibh blas na meala ón gcrúiscín sna blianta deireanacha dá ré.
  2. lár na 1990idí agus b’éigean dó é féin a chruthú in athuair le Pat Gilroy chun go bhfaigheadh sé aitheantas ceart in Áth Cliath. Bhí tréimhsí ag Pete McGrath i gcontae an Dúin go raibh an iomarca den aithne ag méadú ar an dtarcaisne ina
  3. bhí seanabhlas ar deireadh ag lucht leanta na caide i gcontae na Mí ar Sheán Boylan. Níor aithníodh an fáidh Mickey Whelan ina dhúthaigh féin ar an gcéad iarracht i
  4. iarracht ar bháide sáraithe ar an líne chúil agus sciorradh suarach caide anseo is ansiúd. B’in a raibh ann. Ba chuma, áfach, bhí rás Mickey Harte rite agus sniogadh déanta, b’fhéidir, ar an mbraon deireanach
  5. a bhí fágtha sa chrúiscín domhain adhartha agus foighne a bhí ag pobal Thír Eoghain don bhfear a bhí ina cheann feadhain ar na laethanta ba ghile a bhí acu mar chontae.
  6. I ndeireadh na himeartha i mBealach Féich ba bheag a bhí idir Tír Eoghain agus coimhlint eile le hArd Mhacha an deireadh seachtaine seo. Cúpla deis amú,
  7. Ní hé Mickey Harte an chéad bhainisteoir a thuig gur i ndoimhneacht a théann poll an amhrais nuair ná fuil an t-uachtar i mbarra an chrúiscín i gcónaí. Ainneoin a ghaiscí,

Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh

  • Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
  • Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déan é a léamh os ard ina mbeirteanna.

Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: Do réab Mickey Harte agus a chuid imreoirí túir éabhair na huaisleachta'