Seo cluas éisteachta don té atá uaigneach…

Seirbhís éisteachta é Seniorline a thugann an t-am do dhaoine inseacht faoina saol. Is maith ann iad...

Seo cluas éisteachta don té atá uaigneach…

Chuir mé suim sa mhéid a scríobh Máirtín Ó Catháin an tseachtain seo caite faoin uaigneas. Bhí cuid de na híomhánna a luaigh sé an-chumhachtach. An deatach ag éirí aníos as simléar amháin i bhfad i gcéin, mar shampla.

Agus mé fós ag smaoineamh ar alt Mháirtín, shocraigh mé glaoch ar an dream a bhíonn i mbun na líne cabhrach teileafóin, Seniorline. Bhí mé fiosrach faoin gcaoi a raibh siadsan agus na daoine a ghlaonn orthu ag teacht chucu féin i ndiaidh Covid-19. Agus bhí mé ag iarraidh a fháil amach cé chomh dona is atá fadhb an uaignis i measc daoine atá níos sine.

Bhí Anne Dempsey, an Bainisteoir Cumarsáide breá sásta labhairt liom. Is iomaí sin difríocht atá idir fir is mná agus iad ag trácht orthu féin, an chéad rud a dúirt sí liom.

‘Déarfaidh bean leat bhí argóint agam le mo chara mór. Bhí sí go hiomlán mícheart. Inseoidh an bhean duit go bhfuil uaigneas uirthi. Ní déarfaidh na fir é sin go brách.’

Bíonn sórt drogall ar na fir aon rud a rá amach díreach.’

Tá fear amháin a ghlaonn orthu agus níl sé an-sean, ach fuair a bhean chéile bás tamall gairid ó shin. Tá gach seans go bhfuil an t-uaigneas ag goilliúint go mór air. Ach nuair a ghlaonn sé ar ‘Seniorline’ b’fhéidir gurb é an chéad rud a déarfaidh sé ná ‘Tá sé fuar inniu.’

Tá bealach an-deas ag Anne chun cur síos a dhéanamh ar an gcaidreamh teileafóin seo. ‘Faigheann sé an rud atá riachtanach gan a chuid riachtanas a chur in iúl.’

Is líne chabhrach theileafóin é ‘Seniorline’ ach ní thugann na daoine a fhreagraíonn an fón aon chomhairle, aon eolas, seachas uimhreacha teileafóin agus mar sin de. D’fhéadfá a rá gur ‘seirbhís éisteachta’ a bhíonn ann go minic.

Faigheann na daoine a oibríonn go deonach ann, traenáil atá an-chosúil le traenáil comhairleoireachta ach ní comhairleoirí proifisiúnta iad. Éisteann siad le gach glaoch go tuisceanach. Cabhraíonn siad leis an té a bhíonn ag glaoch orthu an fhadhb atá acu a thuiscint agus go minic, tagann an duine sin ar an réiteach iad féin. Tugann an glaoch gutháin an deis dóibh an fhadhb a chur i bhfoirm focal agus go minic, sin an chéad chéim lena réiteach.

Fuair ‘Seniorline’ os cionn 18,000 glaoch anuraidh. Agus b’in ardú ar an mbliain roimhe sin. Ar meán bhí ardú 200% ar a gcuid glaonna le linn Covid. Mar sin, cén sórt tionchar a bhí ag an bpaindéim orthu ar fad?

‘Bhí i bhfad níos mó daoine a bhí níos sine, ina gcónaí leo féin,’ a dúirt Anne liom. ‘Mar gheall ar an gcomhairle a tugadh amach faoin gclutharú agus mar sin de, bhí daoine leo féin nach raibh leo féin roimhe sin. Agus ní raibh ag éirí go maith le go leor acu.’

De réir taighde a rinneadh ina dhiaidh sin, d’éirigh níos fearr le daoine a raibh daoine eile timpeall orthu nó i ngar dóibh, daoine a raibh gairdín acu agus daoine a raibh clann acu. Chuaigh sé i gcion ní ba mhó ar dhaoine a bhí astu féin agus a bhí ina gcónaí in árasáin.

Ach de réir a chéile tháinig deireadh leis an gcuid ba mheasa de. An bhfeiceann sí aon drochthionchar ar dhaoine anois, cé go bhfuil lánchead acu a bheith ag meascadh agus a bheith amuigh faoin saol?

Is í an eagla an rud is coitianta a chloiseann sí anois i measc lucht na nglaonna teileafóin, deir sí. Chuir na hionsaithe gránna a tharla le gairid eagla ar go leor daoine. Bhí tionchar ollmhór acu ar an líon glaonna a fuaireadar maidir le daoine a bhraith leochaileach ina dtithe féin.

‘Ní bheinn in ann mé féin a chosaint,’ a deir go leor acu. Ach maíonn Anne Dempsey gur mó go mór an chontúirt atá sna ceannlínte ná mar atá amuigh ansin sa saol. ‘Taispeánann an taighde ar fad gur minice a dhéantar ionsaí ar dhaoine óga ná ar dhaoine atá níos sine,’ a deir sí.

Ach chuir figiúr amháin a luaigh sí liom ionadh mór orm. Tá sé beagán as dáta, ach de réir na heagraíochta NCPOP (Clár Náisiúnta Cliniciúil do Dhaoine atá Níos Sine), bíonn thart ar 10,000 duine ag fáil drochíde ina gcuid tithe féin, ag aon am ar leith.

Tarlaíonn sé sa mbaile, mar sin, is iad muintir an duine sin féin, nó a gcuid cúntóirí a thugann an drochíde dóibh.

Is mór an chabhair an tseirbhís teileafóin do na daoine sin. Is féidir leo glaoch, gan ainm a thabhairt, ná aon eolas pearsanta, agus gheobhaidh siad cluas éisteachta. Is seirbhís gach lá í an tseirbhís ‘Seniorline’. Bíonn na línte oscailte óna deich ar maidin go dtína deich san oíche, gach lá den bhliain.

‘Éistfidh muid leo,’ arsa Anne. ‘Bíonn daoine cuthaileach, ní maith leo an iomarca a rá faoina muintir féin, nó faoi dhaoine atá gar dóibh. Ach tuigimid nach mbíonn baill teaghlaigh ag caint lena chéile go minic,’ a dúirt Anne. ‘Is finscéal é go mbíonn daoine an-mhór lena chéile i dteaghlaigh mhóra.’

Údar eile uaignis é sin ar ndóigh. Bíonn daoine ina mbaill de chlann mhór, agus de réir a chéile, imíonn daoine nó titeann siad amach lena chéile. Agus fágtar duine ina aonar, duine nach raibh aon súil aige/aici leis sin.

Bíonn na mná níos ‘sóisialaithe’ ná na fir – bíonn bealaí agus nósanna acu a chabhraíonn leo dul i ngleic leis an saol aonair ach ní hin le rá nach mbíonn uaigneas orthusan freisin. Bíonn níos mó ban ag cur glaoch ar Seniorline, mar shampla. Agus cuireann sé iontas orthu i gcónaí a laghad eolais a bhíonn ag daoine faoina bhfuil ar fáil ina gceantar féin.

Bhí fear a bhí tar éis éirí as an obair le gairid agus ní raibh aon eolas aige faoin eagraíocht Seid na bhFear. Tugadh an uimhir agus na sonraí eile a bhain leis an eagraíocht sin dó.

Scríobh mé féin cúpla uair anseo faoi sheideanna na bhfear agus faoin obair fhiúntach a bhíonn ar bun acu. Deirtear go n-éiríonn go maith leis an eagraíocht sin ar chúiseanna éagsúla. Ceann acu, nach gcuirtear iachall ar na fir aghaidh a thabhairt ar a chéile. Go minic is ag an mbord ag plé le hadhmadóireacht nó a leithéid a bhíonn siad. Ní gá dóibh breathnú idir an dá shúil ar an bhfear atá in aice leo.

An rud is mó a thugann an tseirbhís teileafóin do lucht na nglaonna b’fhéidir, ná am. ‘Tugann muid an t-am dóibh inseacht dúinn faoina saol.’

Fág freagra ar 'Seo cluas éisteachta don té atá uaigneach…'