D’fhéadfadh go ndéanfadh an Stát achomharc faoin gcinneadh a rinneadh san Ard-Chúirt inné nach raibh torthaí tástáil anála a tugadh i mBéarla amháin bailí mar fhianaise, de réir foinsí dlí ar labhair Tuairisc.ie leo.
Dúirt an Breitheamh Séamus Noonan inné nach raibh aon éiginnteacht sa mhéid a bhí san Acht Tráchta maidir le ráiteas ó ghléasanna tástála a chur ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla.
Bhain cinneadh an Bhreithimh Noonan le cás Mihai Avadenei ar stopadh é nuair a mheas an Garda Francis McMahon go raibh sé ag tiomáint faoi thionchar an óil. Eisíodh torthaí na tástála anála a rinneadh air i stáisiún Shráid an Stórais i mBéarla amháin.
I mí Iúil na bliana seo caite, d’áitigh abhcóidí Avadenei nach bhféadfaí glacadh leis na torthaí mar nár cuireadh leagan Gaeilge díobh ar fáil.
“In my view, what arises in this case, being a failure to reproduce an entire half of the prescribed form, could not be regarded as ‘mere deviation’ from the form prescribed,” a dúirt an Breitheamh Noonan inné.
Dúirt sé nach seasfadh na torthaí ar an tastáil anála mar fhianaise agus nach bhféadfaí glacadh leo sa chúirt.
Dúirt foinse dlí le Tuairisc.ie gur ‘cloch mhíle’ a bhí sa chinneadh a thacaigh le stádas na Gaeilge agus a léirigh nach rud ‘siombalach’ amháin’ a bhí sa Ghaeilge sa chóras dlí, ach go bhféadfadh an Stát achomharc a dhéanamh faoin gcinneadh mar gheall ar líon na gcúiseamh a mbeadh tionchar aige orthu.
“Níl amhras ar bith ach gur bua an-láidir atá ann don Ghaeilge agus tá impleachtaí thar na bearta thar thréimhse fhadtéarmach ag baint leis. Ba cheart go mbeadh sé ina fhasach d’fhorais eile.
“An t-aon rud amháin faoi ná go bhféadfadh drochainm a bheith tugtha don Ghaeilge agus daoine ag ardú pointí teicniúla le héalú óna ndualgas,” a dúradh le Tuairisc.ie.
Mhínigh foinse dlí amháin gur drochsheans a bheadh ann go ndéanfadh an Stát achomharc ar an gcinneadh dá mba chás aonair a bhí i gceist ach go raibh gach seans go ndéanfaí amhlaidh toisc go mbaineann sé le go leor cásanna eile timpeall na tíre, áit nár eisíodh na torthaí i nGaeilge.
Meastar go bhféadfadh amhras a bheith anois ann faoina bhailí is atá na céadta cúiseamh eile dá leithéid.
Tuairim is leathchéad bliain ó shin, chinn an Chúirt Uachtarach i gcás Coyne agus Wallace go mba leor go ndéanfadh an Stát a ghnó i gceachtar den dá theanga oifigiúil, i nGaeilge nó i mBéarla.
Ó tharla gur airde an Chúirt Uachtarach ná an Ard-Chúirt, ní léir, a dúirt an foinse dlí, cén tionchar a d’imreodh an cinneadh stairiúil ar chinneadh an lae inniu.
Fág freagra ar '‘Cloch mhíle’ don Ghaeilge, ach d’fhéadfadh go ndéanfaí achomharc ar chinneadh na hArd-Chúirte faoi thástálacha anála'