Cliséanna le feiscint ar fud na mball ar Hinterland

Ach níl dráma seo na Breataine Bige gan a mhaitheasaí féin agus beidh lé ag lucht an noir leis

Hinterland Pic

Táimid ag rith linn féin ar na saolta seo le saothair in iomaire an noir – agus is iad na Lochlannaigh is cúis leis. D’éirigh le táirgí ar nós Wallander, The Bridge, The Killing agus trílóg an tátú dul i bhfeidhm go mór ar an bpobal abhus agus ar fud an domhain.

Ag an bpointe seo, tá na saothair chumasacha seo ina néal os cionn éinne gur mian leo dul ag rómhar in iomaire na bleachtaireachta/coiriúlachta. Caithfidh do shaothar a bheith gruama, tuarúil, teannasach, mistéireach, machnamhach, aigneolaíoch agus lán le hatmaisféar le guailleáil isteach sa chlub móréilimh seo.

Go deimhin, tá Hollywood iad féin ag sodar i ndiaidh na Lochlannach agus leaganacha de The Killing agus trílóg an tátú taghta uathu (nó le teacht uathu).

“Ní sia gob na gé ná gob an ghandail” mar tá luach a leathphingne caite isteach sa seánra seo ag pobal na Gaeilge le táirgí ar nós An Bronntanas agus Corp + Anam. Níl muintir na Breataine Bige fágtha ar an trá fholamh ach chomh beag mar go bhfuil comhghuaillíocht idir S4C agus an BBC tar éis Hinterland -y gwyll (Déardaoin TG) a sholáthar agus beidh na ceithre ghála sa chéad sraith (tá an dara ceann faofa) le feiscint gach Déardaoin.

Is obair chapaill a chuir an chomhghuaillíocht seo rompu mar gur deineadh gach radharc a thaifeadadh faoi dhó, as Béarla ar dtús (do BBC le roinnt Breatnaise) agus ansin an dara babhta sa Bhreatnais. An bhfuil ceacht/nós éigin anseo do shaothair na Gaeilge?

Cloíonn an táirge seo go docht daingean leis na comharthaí sóirt luaite thuas agus go deimhin déanann siad scéal mhadra na n-ocht gcos do chuid acu. I dtosach an chláir, feicimid ceann feadhain an chláir, an bleachtaire Tom Mathais, ag tosnú ina phost nua in Aberystwyth. Tá bean chnagaosta imithe ar iarraidh agus tá rian an fhoréigin le feiscint ar an tigh.

Seo leis an mbleachtaire dúnéaltach, machnamhach ar bhóthar na bleachtaireachta lena leathbhádóirí.

Go deimhin, caitheann Mathais cuid mhaith den chlár ag féachaint go sollúnta, machnamhach ar gach rud ó pháistí ag spraoi go carn cloch.

Tá an bhróg ag luí ar Mathias agus cé go dtugtar nodanna dúinn go mbaineann sé lena bheirt iníon, níl cúis a chráite os ár gcomhair go fóill.

Sin ceann de na snáitheanna atá fós ar foluain cé gur tugadh mistéir na mná chun críche sa chlár seo, rud a thugann le fios gur ‘mistéir na seachtaine’ an struchtúr a bheidh leis an tsraith.

Is táirge foirmleach go maith atá anseo agus cliséanna le feiscint ar fud na mball le suan na muice bradaí a chothú – agus arís téitear thar fóir leis an ngné seo ar uairibh.

Ní chuireann an saothar thar a fhulaingt, áfach, agus bíonn tine ar do chraiceann go dtí an deireadh. Is geall le carachtar ann féin é an tírdhreach agus cuireann scéirdiúlacht na háite le téama an scéil.

Cé nach bhfuil aon ní ceannródaíoch nó úrnua faoin táirge seo, beidh lé ag lucht an noir leis.

Fág freagra ar 'Cliséanna le feiscint ar fud na mball ar Hinterland'