Ní den chéad uair, fágadh Ciarraí ar an trá fholamh i ndiaidh géarchoimhlinte. Ó bhuaigh fir na Ríochta Craobh na hÉireann in 2014, tá 32 cluiche craoibhe imeartha ag foireann shinsir Chiarraí. As an méid sin, tá 19 díobh buaite acu, tá ocht gcinn caillte acu agus chríochnaigh cúig cinn eile ar chomhscór.
Seans nach bhfuil níos mó cluichí craoibhe buaite ach ag Áth Cliath agus ag Maigh Eo le linn na tréimhse sin ach, murab ionann agus na foirne sin, níl aon chleachtadh ag Ciarraí ar chluichí crua a bhuachan.
Den 19 bua sin le seacht mbliana anuas, níor tharla sé ach aon uair amháin nach raibh ach farasbarr trí phointe nó níos lú ag Ciarraí ar a gcéilí comhraic. Tharla sin i gcluiche ceannais na Mumhan 2019 nuair a bhí farasbarr trí phointe acu ar Chorcaigh. Fiú sa chluiche sin, áfach, bhí Ciarraí sé phointe chun cinn agus gan ach cúig nóiméad fágtha go dtí gur éirigh le Corcaigh beagán teacht aniar a dhéanamh.
Nuair a bhíonn an bua ag Ciarraí i gcluiche craoibhe, greadadh a bhíonn i gceist go minic. Sna 19 cluiche craoibhe sin a bhuadar, bearna 11 pointe a bhí idir na foirne ar an meán.
Coimhlintí géara a bhí i gcúig cinn de na cluichí craoibhe a chaill Ciarraí ó 2014, gan ach scór amháin idir na foirne, ach theip ar Chiarraí an lá a thabhairt leo i ngach ceann acu.
Ní féidir an milleán uile a chur ar Chiarraí. Ní orthusan atá an locht go bhfuil na foirne eile i gCúige Mumhan chomh fada sin chun deiridh orthu ach bhí bearna níos mó idir Áth Cliath agus foirne Laighean agus, fós, d’éirigh leo réiteach a fháil ar an bhfadhb nuair a tháinig an crú ar na tairne.
Gan mórán faighte ag Ciarraí ón mbinse
Nuair a bhí Tír Eoghain ag lorg síneadh ama eile do chluiche leathcheannais na hÉireann, ceann de na rudaí a dúradh ná nach mbeadh sé ceart iad a chur chun páirce gan fiú 20 nó mar sin den phainéal a bheith ar fáil. Is maith na rud do Thír Eoghain gur cuireadh siar an cluiche seachtain eile mar léiríodh an tábhacht a bhí le fir ionaid Thír Eoghain ag an deireadh seachtaine, go háirithe i gcomparáid lena gcéilí comhraic.
Chuir Peter Keane Adrian Spillane agus Diarmuid O’Connor chun páirce théis 54 nóiméad, nuair a bhí Ciarraí dhá phointe chun tosaigh, agus an chuma ar an scéal go raibh an bainisteoir ag iarraidh ceannas a fháil ar an imirt i lár na páirce ach níor éirigh lena phlean.
Lena cheart a thabhairt do O’Connor, ba é an t-aon duine d’fhir ionaid Chiarraí a raibh roinnt tionchair aige ar an imirt agus fuair sé pointe maith in am breise. Seachas sin, is beag a rinne ionadaithe Chiarraí.
Chuaigh fir ionaid Thír Eoghain i bhfeidhm ar an imirt i bhfad níos minice. Ar ndóigh, scóráil Cathal McShane 1-3 i ndiaidh dó tugadh isteach théis 43 nóiméad. Chruthaigh McShane deacrachtaí do Jason Foley. Bhí déanta go maith ag Foley go dtí sin ach bhí crampaí ag cur as anois dó agus b’fhéidir gur fágadh ar an bpáirc rófhada é. Fuair McShane trí phointe as an gcéad leath d’am breise.
Níor scóráil Darragh Canavan tar éis dó teacht chun páirce ach bhí baint aige le cruthú an chúil a scóráil McShane agus thug Tiernan McCann fuinneamh breise do Thír Eoghain freisin. Ionadaí maith eile é Mark Bradley agus bhain Tír Eoghain i bhfad níos mó leasa as an mbinse ná mar a bhain Ciarraí.
Tír Eoghain imithe sa seans ar na ciceanna amach
Tá an-tábhacht ag baint le ciceanna amach sa pheil le roinnt blianta anuas agus an-bhéim curtha ar sheilbh na liathróide a choinneáil. Is fada an lá ó fágadh faoi na fathaigh lár páirce é seilbh a bhuachan agus ní minic na laethanta seo a bhuailtear cic amach níos faide ná an líne 45m.
Bhí sé aisteach mar sin go raibh Tír Eoghain sásta dul sa seans ar a gciceanna amach féin in aghaidh Chiarraí. Tá cáil ar Niall Morgan as cruinneas a chuid ciceanna amach ach is beag iarracht a rinne sé imreoirí Thír Eoghain a phiocadh amach Dé Sathairn.
Tá déanta go maith ag Ciarraí i mbliana chun brú a chur ar chiceanna amach an fhreasúra agus ba léir nach raibh Tír Eoghain ag iarraidh deis a thabhairt do na Ciarraígh seilbh a bhuachan ar an liathróid gar do chúl Thír Eoghain.
Sa chéad leath, go háirithe, roghnaigh Morgan ciceanna amach a lascadh amach i dtreo lár na páirce, rud a d’fheil do David Moran agus Jack Barry. Chaill Tír Eoghain ceithre cinn de na chéad sé chic amach a bhí acu sa chluiche ach níor bhain Ciarraí leas as an tseilbh sin. Bhuaigh Ciarraí gach ceann de na deich gcic amach a bhí acu féin sa chéad leath, chomh maith le ceithre cinn eile de chinn Thír Eoghain, rud a d’fhág go raibh i bhfad níos mó seilbhe acu ar an liathróid ná mar a bhí ag Tír Eoghain, ach fós bhí Ciarraí pointe chun deiridh ag leath ama.
Nuair a thuirsigh fir Chiarraí agus go háirithe nuair a gortaíodh David Clifford sa dara leath, bhí sé níos éasca ag Tír Eoghain ciceanna amach gairide a bhualadh agus d’éirigh níos fearr leo seilbh na liathróide a choinneáil. Bhí na cosa tugtha leo acu.
Foireann eile iad Maigh Eo atá an-mhaith ag cur brú ar chúl báire an fhreasúra agus díol suime a bheidh ann an mbainfidh Tír Eoghain leas as an gcleas céanna sa chluiche ceannais – an liathróid a bhualadh amach fada agus dul i muinín a gcosantóirí má bhíonn an ceann is fearr á fháil ag Maigh Eo orthu lár páirce. Deacracht amháin a bheidh acu ná nach dtuirseoidh Maigh Eo sa dara leath mar a thuirsigh na Ciarraígh.
Cé eile ach Keane do Chiarraí?
Mar a dúirt Dara Ó Cinnéide an pharóiste seo ar Newstalk inné, céasfar Peter Keane idir seo agus an Nollaig as na cinntí a rinne sé agus na cinn nach ndearna sé in aghaidh Thír Eoghain Dé Sathairn. Táthar ann cheana féin a deir go bhfuil sé in am fáil réidh le Keane más leis an bhfoireann an chéad chéim eile a thógáil.
Mura bhfuil iarbhainisteoir na foirne Éamonn Fitzmaurice ag iarraidh a ainm a chur chun cinn, níl aon duine eile ann a sheasann amach. Bhí a chuid dintiúr cruthaithe ag Keane le foirne mionúir Chiarraí faoin am gur éirigh Fitzmaurice as ach níl a leithéid d’iarrthóir ann faoi láthair.
Bhí ráflaí ann anuraidh nach raibh na himreoirí sásta le bainistíocht Keane i ndiaidh an chlisidh in aghaidh Chorcaí. Shéan Paul Murphy ag tús na bliana go raibh aon easaontas sa champa agus seans gurb iad na himreoirí a shábhálfaidh Keane an uair seo.
Dúirt Éamonn Fitzmaurice féin ar An Saol Ó Dheas inné gur dócha go dtabharfaí seans eile do Peter Keane más é sin atá ag teastáil ó na himreoirí.
Agus Tír Eoghain imithe cúig phointe chun tosaigh in am breise, bhí Ciarraí go mór i dtrioblóid. Bheadh sé éasca ag foireann géilleadh ag an bpointe sin, go háirithe mura raibh muinín acu ina mbainisteoir, ach rinne Ciarraí iarracht mhaith ar theacht aniar a dhéanamh. D’aimsíodar cúig cinn den chéad sé scór eile chun an bhearna a laghdú go dtí aon phointe amháin agus dá mbeadh siad beagáinín níos stuama ag deireadh na himeartha, b’fhéidir go mbeadh an comhscór bainte amach acu.
Bheadh sé ag dul thar fóir a rá gur thug imreoirí Chiarraí faoin teacht aniar sin mar go rabhadar ag iarraidh Peter Keane a tharrtháil – is ag iarraidh cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach a bhíodar – ach má bhíonn fonn ar Keane fanacht d’fhéadfadh gurb í an iarracht sin a rinne siad sa 15 nóiméad sin a shábhálfadh an bainisteoir.
Fág freagra ar 'CLG: Ciarraí sáraithe arís nuair a tháinig an crú ar an tairne'