Cleamhnas stairiúil déanta agus Micheál Martin tofa mar an 15ú Taoiseach ar Éirinn

Táthar ag fanacht ar shoiléiriú faoi cé acu an mbeidh an phríomhfhreagracht ó thaobh na Gaeltachta ar an Aire Cultúir, Ealaíon, Meán, Turasóireachta, Spóirt agus Gaeltachta, Catherine Martin, nó an ar dhuine de na hairí stáit a cheapfar an tseachtain seo chugainn a leagfar cúram na teanga

Cleamhnas stairiúil déanta agus Micheál Martin tofa mar an 15ú Taoiseach ar Éirinn

Pictiúr: Áras an Uachtaráin

Deir Taoiseach nua na hÉireann, Micheál Martin, gur chóir do dhuine glacadh le hoifig an Taoisigh “ar choinníoll amháin”, is é sin go nglacfaí leis ar mhaithe le “leas an phobail a dhéanamh”.

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil an méid sin nuair a toghadh ina Thaoiseach é ar lá stairiúil san Ionad Comhdhála ar Dhuga Spencer i mBaile Átha Cliath inné, mar a raibh suí iomlán den Dáil ar siúl chun rialtas nua a bhunú.

Athrú stairiúil i scéal na hÉireann a bhí i mbunú an chomhrialtais nua inné, athrú a fhágfaidh go mbeidh deargnaimhde na polaitíochta, Fianna Fáil agus Fine Gael, i rialtas le chéile beagnach céad bliain i ndiaidh an Chogaidh Chathartha as ar eascair an dá pháirtí.

Beidh sé ar an dara huair ag an gComhaontas Glas a bheith mar chuid de rialtais.

I nGaeilge a chuir Micheál Martin tús lena chéad óráid mar Thaoiseach.

Tráth a bhfuil an tír ag iarraidh teacht slán as paindéim dhomhanda, dúirt sé gur aontaigh sé le Seán Lemass  gur chóir “imní” a bheith ar aon duine a bheadh ag tabhairt faoi chúram an Taoisigh.

Tráthnóna inné, i ndiaidh dó séala a oifige a fháil ón Uachtarán Micheál D Ó hUigínn in Áras an Uachtaráin, d’fhill Martin ar Ionad na Comhdhála agus d’fhógair sé airí an chomhrialtais nua.

An Rialtas nua. Grafaic: Tuairisc.ie

Leagadh cúram na Gaeltachta ar an Roinn Cultúir, Ealaíon, Meán, Turasóireachta, Spóirt agus Gaeltachta, roinn nua a mbeidh leascheannaire an Chomhaontais Ghlais, Catherine Martin, ina bun.

Ach bhí go leor éiginnnteachta aréir ann faoi cad iad na cúraimí sa Roinn nua a mbeidh an phríomhfhreagracht ar Catherine Martin astu agus ní fios mar sin an mbeidh aire sinsearach i bhfeighil ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta den chéad uair ó 2011.

Tugadh suntas do líon na gcúraimí a bheidh ar Catherine Martin sa roinn is faide ainm agus is mó cúraimí sa Rialtas nua.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go mbeidh Catherine Martin ina ceannaire ar an obair a dhéanfaidh an chéad rialtas eile maidir leis “an teanga náisiúnta” agus go dtabharfaidh an Rialtas “suntas nua” don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Chuir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, fáilte aréir roimh cheapachán Catherine Martin ach dúirt sé go rabhthas ag fanacht ar shoiléiriú faoi cé acu an mbeidh an phríomhfhreagracht ó thaobh na Gaeltachta agus na Gaeilge ar an aire nuacheaptha nó ar dhuine de na hairí stáit a cheapfar an tseachtain seo chugainn.

Tá Gaeilge ag ceathrar eile de na hairí nua, an Taoiseach féin, Micheál Martin, an Tánaiste agus Aire Fiontraíochta, Trádála agus Fostaíochta Leo Varadkar, an tAire Tithíochta, Darragh O’Brien agus an tAire Oideachais, Norma Foley.

Tá beirt Ghaeilgeoirí eile a mbeidh cead acu freastal ar chruinnithe rialtais – an Príomh-Aoire nua, leascheannaire Fhianna Fáil, Dara Calleary, agus duine de na sár-airí sóisearacha nua, Hildegarde Naughton, a bheidh freagrach as cúrsaí iompair, eitlíochta agus iompar mara.

Is as Maigh Eo do Dhara Callaery agus is as Gaillimh Thiar do Hildegarde Naughton, ach níl aon aire sinsearach sa Rialtas as Cúige Chonnacht.

Tuairiscítear go raibh go léir míshástachta i bhFianna Fáil nár tugadh post níos sinsearaí do leascheannaire an pháirtí, agus deirtear nach raibh Calleary féin róshásta faoin scéal.

Is í Heather Humphreys a bheidh mar Aire Coimirce Sóisialaí, Gnóthaí Tuaithe agus Oileán.

Fágann sin go mbeidh cúram na n-oileán á bhogadh ó Roinn na Gaeltachta tar éis blianta fada, cinneadh a d’fhéadfadh roinnt conspóide a chothú ó tharla oiread de na hoileáin a bheith sa Ghaeltacht.

Beidh ceannaire an Chomhaontais Ghlais, Eamonn Ryan ina Aire um Ghníomhú ar son na hAeráide, Gréasán Cumarsáide agus Iompair sa Rialtas nua.

Is é an Teachta Dála do Bhaile Átha Cliath Thiar Roderic O’Gorman an tríú haire a bheidh ag an gComhaontas Glas agus an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais faoina chúram.

Fanfaidh Simon Coveney mar aire sa Roinn Gnóthaí Eachtracha ach cúram na cosanta air chomh maith.

Fanfaidh Paschal Donohoe ina Aire Airgeadais agus tá Simon Harris ag bogadh ón Roinn Sláinte go dtí roinn nua le bheith ina Aire Ardoideachais, Nuálaíochta agus Eolaíochta. Fuair an t-aire stáit do ghnóthaí Eorpacha Helen McEntee ardú céime agus í anois ina hAire Dlí agus Cirt.

Maidir leis na hairí eile de chuid Fhianna Fáil, beidh Michael McGrath, comhghleacaí dáilcheantair an Taoisigh nua, ina Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Beidh Stephen Donnelly ina Aire Sláinte, ceapachán a tharraing go leor cainte i bhFianna Fáil, go háirithe, agus gan é ina bhall den pháirtí sin ach ó 2017.

Beidh Barry Cowen ina Aire Talmhaíochta agus Mara.

Ba í an Seanadóir Pippa Hackett rogha an Chomhaontais Ghlais mar shár-aire sóisearach agus cúram na talamhúsáide agus bithéagsúlachta uirthi.

Paul Gallagher atá ceaptha ina Ard-Aighne, an tríú huair aige sa phost sin.

Cé nach léir fós cad iad na cúraimí a bheidh ar Catherine Martin féin, fágann a ceapachán go mbeidh aire sinsearach a bhfuil Gaeilge aici i Roinn na Gaeltachta den chéad uair le naoi mbliana anuas.

Údar dóchais chomh maith é dóibh siúd ar spéis leo a bhfuil i ndán don Ghaeilge go bhfuil roinnt ráiteas láidir déanta sa Dáil ag leascheannaire an Chomhaontais Ghlais faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht ó toghadh ina Teachta Dála ar dtús í in 2016.

Tá sí ar dhuine den bheagán Teachtaí Dála a bhfuil glactha acu leis go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht.

Thug sí a céad óráid sa 33ú Dáil i nGaeilge amháin chun “aird” a tharraingt ar an ngéarchéim chéanna.

Tharraing ráiteas eile a rinne Catherine Martin faoin nGaeilge aird an phobail in 2016.

Dúirt sí an uair sin go raibh pobal na teanga ag brath ar gach polaiteoir sa Dáil “ceannaireacht a léiriú i dtaobh cearta agus seirbhísí teanga a chur chun cinn”.

“Mo náire sinn mar Theachtaí Dála má thréigimid aisling na Gaeltachta,” a dúirt sí.

Dúirt sí chomh maith sa Dáil go raibh an cur chuige lochtach céanna ag an Rialtas deireanach i leith ghéarchéim na Gaeltachta is a bhí acu acu i leith ghéarchéim na timpeallachta.

Dúirt sí go raibh an baol ann go bhfaigheadh an Ghaeilge bás sa Ghaeltacht fad is a bhí Fine Gael ag cur tvuíteanna ‘deasa’ amach fúithi.

Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Dúirt Micheál Martin go dtabharfadh an Rialtas nua tús áite don “téarnamh agus an athbheochan”.

“Sin iad na téamaí atá mar bhonn le gach a bhfuil sa chlár rialtais nua atá aontaithe ag Fianna Fáil, Fine Gael agus an Comhaontas Glas…” a dúirt an Taoiseach nua, Micheál Martin.

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil gur pribhléid mhór a bhí ann a bheith tofa ina Thaoiseach.

“A bheith tofa mar Thaoiseach ar phoblacht shaor, sin ceann de na gradaim is mó a d’fhéadfaí a bhronnadh ar aon duine,” ar sé.

Dúirt sé gur tháinig na trí pháirtí a bheidh sa chomhrialtas nua ó thraidisiúin “an-éagsúil”.

“Nílimid ar aon fhocal faoi gach aon rud agus ní fhéadfaí a bheith ag súil go mbeadh. Mar sin féin, d’éirigh linn bunphrionsabail dhaonlathacha a aontú agus clár [rialtais] cuimsitheach agus cothrom a aontú,” ar sé.

Dúirt sé gur mór na dúshláin a bhí roimh an rialtas nua ach go ndéanfaí an beart orthu.

“Tá sé cruthaithe arís agus arís eile ag ár dtír gur féidir linn na dúshláin is mó a shárú agus déanfaimid arís é,” arsa an Taoiseach nuathofa.

Tá ceannaire Fhianna Fáil ar an 15ú Taoiseach ar Éirinn.

Dúirt ceannaire Fhine Gael Leo Varadkar go bhfágfadh bunú an chomhrialtais nua idir Fine Gael, Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas go raibh “deireadh le polaitíocht Chogadh na gCarad sa pharlaimint”.

Dúirt Varadkar go raibh a pháirtí ag dul isteach i rialtas don tríú téarma as a chéile, rud nár tharla riamh cheana. Dúirt sé gur mhaith leis tógáil ag an obair a bhí déanta ag an rialtas deireanach ach gur deis a bheadh ann chomh maith cuid de na botúin a rinne Fine Gael a chur ina gceart.

Dúirt ceannaire an Chomhaontais Ghlais Eamonn Ryan go raibh Micheál Martin an-cháilithe le bheith ina Thaoiseach agus gur duine fadradharcach a n-éiríonn leis fanacht stuama nuair a bhíonn géarchéim ann.

Mhaígh ceannaire an Chomhaontais Ghlais gur duine é Martin a chreideann go láidir sa chóir shóisialta agus go mbíonn sé toilteanach smaointe nua a tharraingt chuige féin.

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary-Lou McDonald gurb amhlaidh go raibh a páirtí coinnithe amach as na cainteanna bunaithe rialtais ag Fianna Fáil agus Fine Gael.

Dúirt sí gur vótáil daoine sa toghchán ar son athraithe agus nach raibh aon athrú beartaithe ag an gcomhrialtas nua.

93 Teachta Dála a vótáil ar son a ainmniúchán Mhichíl Martin, Teachtaí Dála Fhianna Fáil, Fhine Gael agus an Chomhaontais Ghlais agus naonúr Teachtaí Dála neamhspleácha. Ba iad na Teachtaí Dála sin Michael McNamara, Marian Harkin, Michael Lowry, Noel Grealish, Richard O’Donoghue, Cathal Berry, Peter Fitzpatrick, Verona Murphy agus Matt Shanahan.

63 a vótáil ina choinne agus triúr a staon ó vótáil, Mattie McGrath, Denis Naughten agus Carol Nolan.

D’fhógair an Taoiseach nua chomh maith a 11 ceapachán chun an tSeanaid.

An t-iar-aire coimirce sóisialaí Regina Doherty a bheidh ina ceannaire ar an Seanad.

Is iad na hainmniúcháin eile ná Mary Fitzpatrick, Lorraine Clifford-Lee, Erin McGreehan, Timmy Dooley, Aisling Dolan, Emer Currie, Mary Seery Kearney, Vincent P Martin, Róisín Garvey agus Eileen Flynn.

Fág freagra ar 'Cleamhnas stairiúil déanta agus Micheál Martin tofa mar an 15ú Taoiseach ar Éirinn'