Clárú daoine idir 40-44 don vacsaín le tosú Dé Céadaoin

Deir an Taoiseach go ndéanfar an clár vacsaínithe agus scaipeadh an Covid-19 a athbhreithniú roimh dheireadh mhí an Mheithimh sula ndéanfar aon mhaolú breise ar na srianta

Clárú daoine idir 40-44 don vacsaín le tosú Dé Céadaoin

Beidh deis ag daoine idir 40 agus 44 bliain d’aois clárú do vacsáin in aghaidh an Covid-19 an tseachtain seo. Dé Céadaoin a bheidh cead ag daoine atá 44 clárú agus beidh an cead sin ag daoine atá 43 Déardaoin.

Beidh a ndeis ag daoine atá 42 Dé hAoine agus beidh cead cláraithe ag daoine atá 41 Dé Sathairn agus ag daoine atá 40 Dé Domhnaigh.

Deir an Taoiseach go ndéanfar an clár vacsaínithe agus scaipeadh an Covid-19 a athbhreithniú roimh dheireadh mhí an Mheithimh sula ndéanfar aon mhaolú breise ar na srianta.

Sin a bhí le rá ag urlabhraí de chuid an Taoisigh inniu agus é ag tabhairt le fios go raibh sé riachtanach nach gcuirfí as don dul chun cinn a rinneadh le roinnt seachtainí sa tír seo.

Beidh maolú breise ar na srianta ag brath ar an vacsaín a bheith faighte ag níos mó daoine agus an pobal a bheith ag cloí leis na rialacha sláinte phoiblí.

Dúirt an t-urlabhraí go gcuideodh na treoirlínte maidir le hathoscailt na seirbhísí fáilteachais faoin aer sa Mheitheamh le struchtúr sábháilte a chur ar fail don athoscailt.

Dúirt sé go raibh an Taoiseach Micheál Martin ag tnúth go bhféadfaí an tír agus an eacnamaíocht a athoscailt céim ar chéim go slán sábháilte.

Tá impí déanta ag saineolaithe sláinte phoiblí agus an Garda Síochána ar an bpobal leanúint orthu ag cloí leis na treoirlínte sláinte phoiblí agus imní cothaithe ag na sluaite a chruinnigh le chéile i nGaillimh, i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine.

Dúirt Jack Chambers, Príomh-Aoire na Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta, gurb amhlaidh a chuirfí an tsláinte phoiblí i mbaol níos mó dá ndúnfaí spásanna poiblí chun na sluaite a bhí ag ól faoin aer ag an deireadh seachtaine a chosc.

“Sílim nach ndéanann spásanna poiblí a dhúnadh ach an fhadhb a dhíbirt go dtí áit éigin eile. D’fhéadfadh gur i dteach príobháideach a bheidís ansin agus is amhlaidh a bheadh an chontúirt níos measa,” a dúirt Chambers ar chlár Claire Byrne ar RTE.

Ghlan na Gardaí na sluaite a bhí ag ól in áiteanna faoin aer i nGaillimh, i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine.

Chuir Comhairle Cathrach na Gaillimhe i bhfeidhm arís na srianta a bhíodh ar an bplásóg atá anuas ó Dhroichead Wolfe Tone síos go dtí cé an Chladaigh, áit ar a dtugtar an ‘Póirse Láir’. Beidh an áit dúnta anois arís go ceann roinnt seachtainí.

De bharr imní a bheith sa bhFrainc go scaipfeadh an B.1.617, an cineál den choróinvíreas a deimhníodh ar dtús san India, tá srianta á gcur acu ar thaisteal neamhriachtanach as an Ríocht Aontaithe.

Ní bheidh cead isteach chun na Fraince as an mBreatain ach ag saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh, daoine a bhuanchónaíonn sa bhFrainc nó daoine a bhfuil cúis “an-mhaith” acu lena dturas.

Chun cead taistil a fháil caithfidh gach duine os cionn 11 bliain tástáil PCR a dhéanamh agus a bheith sásta seacht lá coraintín a dhéanamh ar shroicheadh na Fraince dó.

Faoi na rialacha is déanaí ón Aontas Eorpach, caithfidh gach duine seachas páistí faoi 6 bliana d’aois tástáil Covid-19 a dhéanamh más mian leo taisteal thar sáile lena muintir.

Fág freagra ar 'Clárú daoine idir 40-44 don vacsaín le tosú Dé Céadaoin'