Clár taitneamhach, méaldrámata é ‘Striking Out’ ach do Fáilte Ireland is fearr é

Ní foláir go dtosaigh lucht Fáilte Ireland ag rith le brothall ar fad nuair a chualadar go raibh na cearta craolta do 'Stepping Out' ag Acorn Media do na Stáit Aontaithe agus go mbeadh sé á chraoladh ansin an bhliain seo chugainn

Clár taitneamhach, méaldrámata é ‘Striking Out’ ach do Fáilte Ireland is fearr é

Do Fáilte Ireland is fearr é. Ní dóigh liom go bhfaca Cathair Bhaile Átha Cliath riamh chomh pioctha, bearrtha, péacach, pointeáilte, sciúrtha (Striking Out, RTÉ 1, Dé Domhnaigh). Ón gcéad nóimint thaibhseofaí duit gur fógra snasta de chuid na heagraíochta turasóireachta é, agus leanadh leis an nós sin sa chlár leathdhéanach an tseachtain seo. Seatanna aeir d’fhoirgnimh ghléineacha na ndugaí agus an ghrian ag scoilteadh na gcloch. É sin ar fad gan trácht ar an bpornagrafaíocht tithíochta a chuirfeadh tine ar chraiceann Dermot Bannon. Is fada na tithe seo ón teach leathscoite trí sheomra i gCluain Saileach. Go deimhin is dóigh liom go raibh sé mar pholasaí ag lucht déanta an chláir ná raghaidís, a oiread agus is féidir, ó thuaidh den abhainn. 

Ní foláir go dtosaigh lucht Fáilte Ireland ag rith le brothall ar fad nuair a chualadar go raibh na cearta craolta ag Acorn Media do na Stáit Aontaithe agus go mbeadh sé á chraoladh ansin an bhliain seo chugainn. É sin ar fad agus an darna sraith ar na bacáin cheana féin.

Dlíodóir í Tara Rafferty (Amy Huberman) a chonaiceamar den chéad uair ag a cóisir na gcearc féin. Nuair a thug sí aghaidh ar árasán a leannáin gan choinne tháinig sí ar Eric ag bualadh leathair le comhghleacaí dlí. An lá dár gcionn (canathaobh go raibh an chóisir ar siúl i rith na seachtaine?) thug sí aghaidh ar an oifig lena cip is a meanaithe a bhailiú le chéile. Tá Eric ag obair sa chomhlacht céanna, tá’s agat, agus is lena athair é. Déantar paidir chapaill den nasc seo agus an comhlacht seo mar chéile comhraic aici rómhinic. Táimid in ainm is a bheith ar tinneall maidir le gaol na beirte ach tá sé imithe chun leadráin cheana féin.

Tá aghaidh tugtha ag Tara ar shaol an aonaráin (go pearsanta agus go proifisiúnta) mar sin agus tá comparáidí le The Good Wife ag ráthaíocht im intinn i rith an ama. Tá meascán mearaí de charachtair bailithe ina timpeall;  an dul amú Ray, an bleachtaire corr, Fiona O’Shaughnessy agus an meantóir, Neil Morrissey. N’fheadar fé chuid de na carachtair seo. Ar uairibh measaim gur carachtar iontach é Ray agus go bhfuil taispeántas caolchúiseach, réalaíoch á thabhairt ag Emmet Byrne uaidh ach ar hap an tairne téitear i muinín na seanchaiteachta. Tá Morrissey in áit na leathphingine fé láthair, cé go bhfuil carachtar stuifiúil aige, agus is léir go bhfuil a scéal agus a chás curtha i dtaisce don darna sraith.

Ag an bpointe seo tá Tara curtha fúithi taobh leis an gcaife is hiopstaraí dá bhfaca mé riamh agus is léir go bhfuil splanc de shaghas éigin idir í agus an bainisteoir. Fan na slí, tá sí ag dul in adharca lena máthar, ar meascán de mháthair Bridget Jones agus Mrs Bucket í. Tá iarracht déanta craiceann an ghrinn a chur ar chnámha na drámaíochta dlí agus is go cuibheasach a éiríonn  leis, cé go raibh leibhéal deas anseo is ansiúd.

Carachtar caithiseach í Tara, cé go bhfuil sí ábhairín ró-olagónach ar uairibh. Tugann Huberman taispeántas maith uaithi agus is uirthi a thiteann an t-ualach is mó.

Is deas mar atá cúram á dhéanamh do bhéarlagair an dlí agus tá sé go hiontach go bhfuarthas deis taifeadadh a dhéanamh sna Ceithre Cúirteanna, fiú má bhí blas méaldrámata, saothraithe ar na cásanna a thit ar a bord.

Clár éadrom, taitneamhach, méaldrámata, atá greannmhar ar uairibh.

Fág freagra ar 'Clár taitneamhach, méaldrámata é ‘Striking Out’ ach do Fáilte Ireland is fearr é'