Clár tábhachtach tochtmhar ó TG4 faoi shaol eile an mhadra bháin

Ar ‘Saol an Mhadra Bháin’ ar TG4, tugadh éachtaint dúinn ar cé chomh riachtanach agus chomh cabhrach is atá madraí do na daoine ar fud na tíre a bhíonn ag brath orthu

Clár tábhachtach tochtmhar ó TG4 faoi shaol eile an mhadra bháin

Tá an seanrá úd faoi chairdeas dílis an mhadra don duine cloiste againn ar fad.

Le tuiscint a fháil ar bhunús agus fírinne an ráitis sin ní gá ach féachaint ar an tsraith faisnéise Saol an Mhadra Bháin ar craoladh an chéad ghála di Dé Céadaoin ar TG4. Ní comrádaíocht amháin atá i gceist leis an 700 madra treorach agus cúnaimh in Éirinn. Sa dá chlár seo, atá uair an chloig an ceann, tugtar éachtaint dúinn ar cé chomh riachtanach agus chomh cabhrach is atá siad do na daoine ar fud na tíre a bhíonn ag brath orthu.

Tá a fhios ag an saol Fódlach gur féidir leis na madraí cliste, dea-oilte seo a bheith mar chrann taca acu siúd a bhfuil tromlagú radhairc orthu, ach ní dóigh liom go dtuigimid go léir an fhóirithint a dhéanann siad ar dhaoine a bhfuil uathachas orthu agus daoine a bhíonn faoi mhíchumas colainne.

Ag tús an chláir buailimid le muintir Uí Néill agus a mac óg Conor a bhfuil uathachas air is é ag fanacht ar mhadra cúnaimh. Mínítear dúinn gur féidir leis na madraí seo cabhrú maidir le himní, strus, neamhspleáchas agus scileanna sóisialta mar aon le bheith mar chosaint ar chontúirt.

Ina dhiaidh sin cuirtear Katie Coyle agus a mac Aonghus, atá buailte fúthu in Indreabhán, in aithne dúinn. Tá Aonghus buailte ag an diostróife mhatánach Duchenne; galar a chiorraíonn do shaol agus a fhágfaidh Aonghus i gcathaoir rothaí sara i bhfad. Ní briseadh croí go dtí é agus bhainfeadh a mbuíochas agus a bhfaoiseamh as madra a fháil deoir as cloch ghlas.

I gcaitheamh an chláir insíonn beirt a bhfuil tromlagú radhairc orthu a scéalta chomh maith. Tá Ed Harper buailte fé ar Chléire agus tá sé imníoch mar go bhfuil ar an madra éirí as an gcúram. Níl mórán de radharc na súl fanta ag Yvonne Weaver agus beidh sí dall go hiomlán i gceann roinnt blianta. Déantar scéalta na ndaoine seo a chur os ár gcomhair go tuisceanach cáiréiseach.

In ainneoin na ndúshlán a bhfuil ar na daoine seo aghaidh a thabhairt orthu go laethúil labhraíonn sin linn go tomhaiste agus le misneach. 

Déanann guth séimh Dhoireann Ní Bhriain na míreanna éagsúla a chniotáil le chéile agus dreasanna míniúcháin a thabhairt dúinn. Tá gá leo sin óir go bhfuil eolaíocht agus léann ag baint le traenáil agus pórú na madraí. Tá am agus costas ag baint leis an gcúram chomh maith; tugann an eagraíocht Madraí Treorach do na Daill in Éirinn le fios go gcosnaíonn sé tuairim is €33,000 madra a phórú agus a thraenáil.

Is léir dúinn faoi dheireadh an chéad chláir gur fiú go mór é.

Clár tábhachtach é seo atá tochtmhar in áiteanna, go mór mór nuair a bhíonn léiriú á dhéanamh ar ghaiscí na ngadhar do dhaoine atá i ngalar na gcás.

Fág freagra ar 'Clár tábhachtach tochtmhar ó TG4 faoi shaol eile an mhadra bháin'