Clár na féile ‘Liú Lúnasa’ seolta i mBéal Feirste

Beidh ceardlanna, ceol, scannáin, drámaí, agus imeachtaí eile ar siúl do phobal Gaeilge Bhéal Feirste ag deireadh na míosa seo chugainn

Clár na féile ‘Liú Lúnasa’ seolta i mBéal Feirste

Beidh an feimineachas, an t-iarchoilíneachas, an cumannachas agus cúrsaí teanga á bplé ag cainteoirí éagsúla le linn na féile ‘Liú Lúnasa’ a bheidh ar siúl i mBéal Feirste don tríú bliain as a chéile an mhí seo chugainn.

Seoladh clár cuimsitheach na féile ag an Sunflower Bar i mBéal Feirste anocht. Beidh ceol, scannáin, ceardlanna, seisiúin phlé agus imeachtaí nach iad ar siúl ar feadh seachtaine i gCultúrlann MacAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál agus ionaid Ghaelacha eile i gcathair Bhéal Feirste ag deireadh na míosa.

I measc na ngigeanna ceoil a fógraíodh anocht, tá an boscadóir Edel Ní Churraoin as Indreabhán i gConamara agus Diane Ní Chanáin, amhránaí as Gaeltacht Thír Chonaill a chuirfidh tús leis an gclár ceoil Dé Céadaoin an 23 Lúnasa; Marit Fält agus Rona Wilkie, Ioruach agus Albanach a bhfuil gradaim bainte amach acu lena gcuid ceoil, iadsan a scríobh an fuaimrian don scannán 16 Years Till Summer, agus JJ Ó Dochartaigh agus Séamus Barra Ó Súilleabháin, beirt fhear óg a bhfuil a n-ainm in airde i saol na Gaeilge le blianta beaga anuas.

Beidh ceardlanna scileanna cócaireachta, féinchosanta, ióga, agus damhsa ann i measc ábhar eile agus beidh scannáin agus drámaí le feiceáil istoíche.

Ar cheann de bhuaiceanna na féile, beidh an ‘Cóisir Trá’ a reáchtálfar i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich oíche Dé hAoine. Beidh na ceoltóirí Daithí, Lauren Ní Chasaide, Pádraig Jack, Séamus Barra, Marit Fält, agus Rona Wilkie ag casadh ag an ‘gcóisir shamhraidh’.

Beidh oíche mhór eile ann an oíche dár gcionn nuair a bheidh Griogair, Dysania, Boss Sound Manifesto, Emma Ní Fhíoruisce, agus JJ Ó Dochartaigh ag casadh sa Bank Square ag an gcoirm cheoil ‘Ceol sa Chearnóg’.

Tá clár iomlán na féile, a bheidh ar siúl ón 21-27 Lúnasa, ar fáil anois i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich agus ó lucht eagraithe na féile ag liulunasa@gmail.com

Fág freagra ar 'Clár na féile ‘Liú Lúnasa’ seolta i mBéal Feirste'

  • Concubhar

    Clár spreagúil d’imeachtaí seolta ag ghlúin óg Bhéal Feirste. Ba cheart go mbeadh leithéid Liú Lúnasa i ngach Gaeltacht agus Gaelphobal sa tír. Is céim sa treo ceart é Aonach Tailteann cé gurbh fhearr liom go mbeadh sé oscailte do gach Gaeltacht agus do phobal na Gaeilge ar fud na tíre agus, go deimhin, na cruinne. B’fhearr liom freisin go mbeadh an mbéim ar thaispeántas agus ar cheiliúradh seachas ar chomórtais, go h-áirithe i réimse na n-ealaíon.