Clár ionraic ó TG4 faoi aisteoir agus duine ar leith

Léiriú ar shaol, ar shaothar agus ar phearsantacht chigilteach Cyril Cusack

Clár ionraic ó TG4 faoi aisteoir agus duine ar leith

Aisteoir cumasach ar leith ba ea Cyril Cusack a chuir an lucht féachana faoi dhraíocht bíodh sé ar ardán nó os comhair ceamara. Chaith sé tuairim is seachtó bliain i mbun aisteoireachta agus tarrac ar fhiche bliain ó cailleadh é, dhein an clár faisnéise Cyril Cusack: Lár an Stáitse (TG4, Lá Nollag) iarracht cuntas a thabhairt ar a shaol, a shaothar agus a phearsantacht chigilteach.

Le tráchtaireacht bhinn Mhacdara Ó Fátharta ár stiúradh deineadh cur síos ar shaol is ar shaothar an duine ar leith seo. Thug tús an chláir éachtaint ar a thógaint neamhghnách; é ag taisteal Éireann lena mháthair agus a leasathair is iad ag obair sna “fit-ups”. Ní raibh sé ach ocht mbliana déag nuair a bhí a chéad ról scannáin aige is é le feiscint i measc an teaghlaigh a díbríodh as a dteach in Knocknagow (1918). Chuir sin tús le saol fada aisteoireachta agus é le feiscint ar ardán agus ar scáileán le leithéidí Peter O’Toole, Vivien Leigh, Richard Burton agus Robert de Niro.

Isteach san hochtóidí chuir glúin nua den lucht féachana aithne a chur air mar Uncle Peter in Glenroe; tugadh le fios dúinn chur chuir sé conach ar an bhfear é féin gurb é an ról sin is mó a samhlaíodh leis. Thuigfeá dó óir gur niúdaí neádaí de charachtar ba ea é.

Bhí ionchur cuimsitheach sa chlár ó mhuintir Cyril agus paistí cainte lena sheachtar clainne. An-chuid Gaeilge le cloisint uathu, rud a thugann a léargas féin ar cheangal Cyril leis an teanga.

Chuir sé de dhua air féin í a fhoghlaim agus theastaigh uaim a thuilleadh a chloisint faoi conas mar a d’éirigh leis í a thabhairt leis chomh paiteanta sin. Lena chois sin theastaigh uaim a thuilleadh a chloisint faoin mbaint a bhí aige le Scoil Lorcáin. Ba é an díograis seo i leith na teanga a ghríosaigh é le páirt a ghlacadh sa chéad fhadscannán Gaeilge, Poitín (1977) le Bob Quinn.

Deineadh cur síos ar a chumas mar aisteoir, a easpa foighne agus a nós an aird a tharraingt air féin i rith an ama, san áireamh. Bhí sé cuideachtúil ach d’fhéadfadh sé a bheith dian ag an am céanna, ag an obair agus ag baile. “Níor thug sé aon cheathrú anama,” a dúirt Stephen Rea linn.

Cor cinniúnach ina shaol ba ea é nuair a fuair sé deis sna daicheadaí luatha a bheith ar stáitse sa West End le Vivien Leigh sa dráma The Doctor’s Dilemma le George Bernard Shaw. Bhí a chóta bán déanta, shamhlófá. Ní hamhlaidh a bhí, áfach mar ar Lá Le Pádraig chuaigh Cusack ar an drabhlás agus thosaigh línte ag imeacht sa bhfraoch air an oíche sin.

Tugadh an bóthar dó agus níor fáiltíodh ar ais chuig an West End roimhe ar feadh fiche bliain. Bhí a dheis sleamhnaithe uaidh agus ghoill an eachtra air riamh ina dhiaidh sin.

Labhraíonn an chlann ar fad ón gcroí amach. Iad ag caint go grámhar ach ag léiriú pearsantacht chigilteacht Cyril i rith an ama. Ní chuireann Jeremy Irons, a mhac cleamhnais, aon fhiacail ann is é ag maíomh go raibh an dá Cyril ann; an t-aisteoir agus an t-athair, agus ba dhuine achrannach an duine deireanach acu sin.

Saothar ionraic faoi aisteoir agus duine ar leith.

Fág freagra ar 'Clár ionraic ó TG4 faoi aisteoir agus duine ar leith'

  • Déaglán Ó Connachtáin

    Chláir an shuimúil ar fad faoi Cyril. Bhí t-ionadh an domhain orm a hiníon ‘is a mhic a chloisteáil ag caint i ngaeilge go háiraithe. Bhí a fhios agam to raibh sé an togatha leis an teanga riamh and gur scríobh sé fiíocht trí Gaeilge chomh maith leis a gcuid Béarla. Ní fheicamuid a léithid arís!

  • Leitheoir profaí (dífhostaithe).

    “Chaith sé tuairim is seachtó bliain i mbun aisteoireachta agus tarrac ar fhiche bliain ó cailleadh é, dhein an clár faisnéise Cyril Cusack: Lár an Stáitse (TG4, Lá Nollag) iarracht cuntas a thabhairt ar a shaol, a shaothar agus a phearsantacht chigilteach.”

    Fuair Cyril Cusack bás i 1993, tríocha bliain ó shin, ní fiche bliain!