Clár ionraic álainn a bhí in ‘Snámh in Aghaidh Easa’ ar TG4

Léiríodh go paiteanta an chontúirt agus an chomrádaíocht a bhaineann le saol an iascaire sa chlár faisnéise is déanaí sa tsraith ‘Cogar’ ar TG4

Snamh

Roinnt míonna siar, craoladh an clár Íobairt an Iascaire, saothar a thug éachtaint ghléin ar ghairm an iascaire, idir chraiceann agus chnámha. Is compánach leis an clár seo, Snámh in Aghaidh Easa (TG4, Dé Domhnaigh).

Is é Mícheál Conneely, iascaire agus scoláire, stiúrthóir an dá chlár agus is é an bád an Iúda Naofa, den chuid is mó, a bhí idir chamáin sa chéad chlár. Faoi mar is eol do mhórán, chuaigh an Iúda Naofa go tóin poill amach ó chósta na Alban níos luaithe i mbliana agus is as sin a d’eascair an clár seo.

Ag tosach an chláir, filltear ar théamaí Íobairt an Iascaire agus cur síos á dhéanamh ar shuáilcí agus duáilcí na gairme, mar aon le cíoradh ar dhlúthchairdeas na meithle. In theannta sin, cuirtear abhaile orainn go bhfuil an iascaireacht de dhlúth agus d’inneach sna daoine seo, agus pobail chósta fud fad Éireann.

Ar an gcéad luí súl, thaibhseofaí do dhuine go bhfuil saol an mhadra bháin acu agus cé go bhfuil a suáilcí féin ag baint leis an ngairm, (tá cuid de na radharcanna go hálainn agus tá an chomrádaíocht go hálainn), is gairm í seo a bhfuil sclábhaíocht agus contúirt ag baint léi. Léirítear an chontúirt seo go paiteanta san fhís don bhád ag dul faoi a bhí taifeadta ag an nGarda Cósta. Is scanrúil an feic é an bád a bheith ag dul faoi chomh tapaidh sin. Tharraing an mhír físe seo aird na meán ar fud an domhain agus ba í tuairim na coitiantachta go raibh an t-ádh leis na hiascairí éalú lena mbeo.

Ní hí an tubaiste máithreacha an chláir i ndáiríre ach an léargas a thugtar arís eile ar shaol agus ar mheon an iascaire. Tugtar cur síos dúinn ar an gcomhghuaillíocht idir na báid agus an teicneolaíocht a mbaineann siad úsáid aisti. Déantar trácht ar an Rómánach atá sa mheitheal a bhfuil níos mó Gaeilge aige ná Béarla, caitear sleais le feirmeoirí á rá gurb iad siúd an dream a thagann tinneas farraige orthu agus deirtear go bhfuil an gaol idir na hiascairí cosúil le gaol pósta. Tá lé acu leis an bhfarraige agus iad buíoch den ghairm mar gan í bheidís “ar an tsluasaid i Londain.”

Tugtar foghanna faoi chóras na gcuótaí agus iad ag cáiseamh cuótaí suaracha na tíre seo i gcomparáid le tíortha eile, agus na báid mhóra atá acu, dá réir.

Thuigfeá a ndíomá, agus a bhfearg, nuair a chífeá báid mhóra na nIoruach, na hÍoslannach agus, ar chúis éigin, na nÍsiltíreach, is iad féin i dtaobh le báid i bhfad Éireann níos lú.

Soláthraítear seatanna álainne aeir agus faoi uisce, agus bhíos an-tógtha leis na seatanna des na faoileáin ag iascach agus cinn eile do na héisc ag dul ceangailte sna líonta. 

Is ó Árainn/Chonamara formhór mór na n-iascairí ar na báid seo agus luann na rannpháirtithe go minic an tábhacht agus an buntáiste a bhaineann le nasc na háite dúchais. Tá an buntáiste sin chomh maith ag Mícheál mar dhéantóir scannán; tugann an nasc sin an chos isteach dó agus labhraítear leis go hoscailte agus go hionraic.

Fág freagra ar 'Clár ionraic álainn a bhí in ‘Snámh in Aghaidh Easa’ ar TG4'