Clár faoi shaol rugbaí Anthony Foley le craoladh ar an teilifís den chéad uair

Rinneadh an clár nuair a d’éirigh Anthony ‘Axel’ Foley as an imirt do Chúige Mumhan in 2008

Clár faoi shaol rugbaí Anthony Foley le craoladh ar an teilifís den chéad uair

Craolfar clár a rinneadh faoi dhuine de laochra rugbaí na Mumhan den chéad uair ar an teilifís ar TG4 anocht. Rinneadh an clár nuair a d’éirigh Anthony ‘Axel’ Foley as an imirt in 2008.

Bhí Foley ar dhuine de na himreoirí is mó a raibh gean ag lucht tacaíochta na Mumhan orthu agus d’fhág a bhás tobann in 2016, agus é ina chóitseálaí ar Chúige Mumhan, an cumann faoi scamall bróin.

Sa chlár seo, caitheann Foley súil siar ar na laethanta a chaith sé ag imirt agus an rath a bhí ar Chúige Mumhan ag an am. Bhuaigh Foley agus a chomrádaithe Corn Heineken faoi dhó le Cúige Mumhan agus bhain siad clú agus cáil amach ar fud an domhain.

I measc na n-imreoirí a thugann ómós do Foley sa chlár, tá leithéidí Paul O’Connell, Mick Galway, Ronan O’Gara, Keith Wood agus cuid de laochra eile an rugbaí in Éirinn.

Is é Kieran Hartigan stiúrthóir an chláir, an fear céanna a rinne na cláir rugbaí The Brave & The Faithful agus The West’s Awake, agus dúirt sé go raibh sé thar a bheith sásta go mbeadh Axel – Munster’s Heineken Cup Journey le feiceáil ag lucht féachana teilifíse den chéad uair.

“Deirtear nár cheart duit casadh le do chuid laochra. Ach níorbh fhíor sin ar chor ar bith faoi Anthony Foley, fear a raibh saol róghearr aige,” arsa Hartigan.

“Tá mé mórtasach gur léiriú é an clár faisnéise seo ar an saol imeartha eisceachtúil a bhí ag Anthony agus ar chomh tábhachtach is a bhí a chlann dó.”

Taispeánfar ‘Axel – Munster’s Heineken Cup Journey’ ar TG4 anocht ag 10.15pm.

Fág freagra ar 'Clár faoi shaol rugbaí Anthony Foley le craoladh ar an teilifís den chéad uair'