Clár faisnéise tathagach faoi Mhartin McGuinness ach níl deireadh ráite go fóill

Bhí cuntas suimiúil ar TG4 an tseachtain seo ar shaol Martin McGuinness mar throdaí, idirbheartaí agus polaiteoir

Clár faisnéise tathagach faoi Mhartin McGuinness ach níl deireadh ráite go fóill

Gerry Adams agus Martin McGuinness. Pictiúr: Seán McKernan

Níl ach cúpla mí gafa tharainn ó chraol RTÉ léamh Harry McGee agus Colm Bairéad ar shaol agus ar oidhreacht Martin McGuinness. Ar an gCéadaoin chraol TG4 a gclár faisnéise féin faoin bhfear céanna, Martin McGuinness: Trodaí, Idirbheartaí, Polaiteoir. Ba í Sonia Mac Giolla Easbuig a stiúir agus a léirigh an clár nua faoi fhear Dhoire, clár a bhí bunaithe ar scríbhinn Sheáin Uí Mhuireagáin is Chathail Uí Mhanacháin.

Is ceist chigilteach i gcónaí saol agus oidhreacht McGuinness. Do dhream amháin ba sceimhlitheoir cruachroíoch é rud a fhágann a ghníomhartha ar mhaithe leis an tsíocháin faoi smál i gcónaí. Do dhream eile ba throdaí ar son na saoirse agus i gcoinne na héagóra é, duine ar éirigh leis lucht an ghunna a mhealladh chuig bord na hidirbheartaíochta agus as sin go bóthar na síochána.

Ar an iomlán is dóigh liom gur léamh dearfach a deineadh air sa saothar seo. B’fhear é a chuaigh i muinín an fhoréigin in am an ghátair ach a raibh sé de mhisneach agus d’fhís aige an gunna céanna a chaitheamh thar claí ag uair na faille.

Earcaíodh meitheal bhreá chun labhairt faoi, Gerry Adams, Nell McCafferty, David Trimble, Tom McGuinness, Tony Blair, Bertie Ahern, George Mitchell agus Bríd Rodgers ina measc. Go deimhin cuireadh agallamh ar McGuinness féin tar éis dó éirí as a chuid cúraimí mar Leas-Chéad Aire an Tuaiscirt, ceann de na hagallaimh dheireanacha a dhein sé.

Labhair Rodgers, Gearóid Ó hEára, Terry Crossan, Lucilita Bhreatnach agus Aengus Ó Snodaigh as Gaeilge agus bhí Adams siar is aniar idir an Ghaeilge agus an Béarla.
“I fought, I made peace, I made politics,” an achoimre a thug iarUachtarán Mheiriceá, Bill Clinton, ar McGuinness is é caint ag Aifreann a shochraide.

Sí an bhreith chéanna a thug George Mitchell air is é ag caint faoin trodaí, an t-idirbheartaí agus an polaiteoir. Chinn meitheal an chláir an saothar a roinnt bunaithe ar na trí thréimhse faoi leith sin i saol McGuinness. Vae linn mar sin agus Edel Ní Chuireáin mar reacaire ábalta againn.

Cé go raibh an saothar seo breis agus uair an chloig go leith ar fhad bhí seacht gcúraimí an tsléibhe ar lucht an chláir cuntas cuimsitheach a thabhairt ar shaol eachtrúil ilghnéitheach an fhir seo a bhí i mbéal an phobail ar feadh breis agus daichead bliain. Bhraitheas, dá réir, gur caitheadh deifriú trí chodanna áirithe.

Pictiúr: Seán McKernan

Chuireas an-suim sa léiriú a deineadh ar Dhoire na seascaidí agus na seachtóidí. Meabhraíodh dúinn an chos ar bolg a deineadh ar na Caitlicigh. Ní raibh úinéireacht tí ach ag duine as gach deichniúr díobh agus bhí cearta vótála ag brath ar an úinéireacht chéanna sin. Lena chois sin bhí an dífhostaíocht i gceantar Thaobh an Bhogaigh agus an Chreagáin trí huaire níos airde ná aon limistéar eile sna Sé Contae. Cuntais agus ábhar cartlainne ag tabhairt agóidí na gcearta sibhialta, Cogadh Thaobh an Bhogaigh agus Domhnach na Fola chun cuimhne.

Bhí ionchur tomhaiste ann ó Tom, deartháir le Martin agus Nell McCafferty ag cur di go deisbhéalach mar is dual di. Tom ag cur síos ar dhiongbháilteacht Mhartin is é ag fágaint thigh a mhuintire seachas cúl a thabhairt don IRA. Fear diongbháilte é Tom féin agus é ag maíomh nárbh aon údar na héagóracha ar fad tabhairt faoin bhforéigean.

Bogadh as sin go laethanta na hidirbheartaíochta agus na polaitíochta. Ba léir an gean a bhí ag mórán ar Martin – Blair, Clinton agus Mitchell san áireamh. “He could talk an owl out of a tree,” a dúirt Bill faoi.

Fágadh faoi Ian Paisley Jr, Colin Parry (athair Tim Parry a maraíodh i mbuamáil Warrington) agus Julie Hambletone (ar maraíodh a deirfiúr i mbuamálacha Birmingham) cuntas a thabhairt ar an bhforéigean. Tagraíodh chomh maith do mharuithe Patrick Kelly agus Patsy Gillespie ach b’fhéidir go mba cheart tuilleadh tochailte a bheith déanta faoi ról McGuinness i ngníomhartha foréigin an IRA, go mórmhór agus Adams faoi agallamh.

Is dóigh liom gurbh é cur síos an iriseora Peter Taylor is mó a fhanfaidh liom. Dar leis gurbh é McGuinness an té ba chumhachtaí, ba thábhachtaí agus ba mó tionchar san IRA ar feadh i bhfad. Ag an am céanna ní bheadh an próiseas síochána céanna againn murach é.

Clár tathagach a dhéanann iarracht cuntas a thabhairt, idir chraiceann agus chnámha, ar dhuine de mhórphearsana na hÉireann. Nílimid ach ina thosach, áfach. Tógfaidh sé blianta léamh críochnúil a thabhairt ar shaol agus oidhreacht fhear Thaobh an Bhogaigh.

 

Fág freagra ar 'Clár faisnéise tathagach faoi Mhartin McGuinness ach níl deireadh ráite go fóill'

  • Poraic o'hEipicín

    Ar dheis Dé go raibh a Anam uasal.

  • Seán Mag Leannáin

    Clár spéisiúil cothromach a bhí ann agus léarmheas tomhaiste air anseo.

  • Seán Mag Leannáin

    Clár spéisiúil cothrom a bhí ann agus léirmheas tomhaiste air anseo.