Clár faisnéise nua faoi chás na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht le craoladh ar TG4 anocht

Caitheann Ciara Ní É súil i gclár nua ar shaol an Ghaeilgeora atá ina chónaí sa chathair i gclár faisnéise nua a chraolfar anocht

Clár faisnéise nua faoi chás na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht le craoladh ar TG4 anocht

Craolfar clár faisnéise nua anocht ar TG4 faoi shaol an chainteora Gaeilge sa chathair.

Is í Ciara Ní É, scríbhneoir agus craoltóir as Baile Átha Cliath, atá ina láithreoir ar an chlár, atá ag teacht sna sála ar chlár a craoladh ar TG4 le déanaí faoi chás na Gaeltacht.

Sa chlár nua, pléann Ciara Ní É, bunaitheoir an chlub filíochta REIC, cás na Gaeilge le cainteoirí Gaeilge i mBéal Feirste, Baile Átha Cliath agus Carn Tóchair i nDoire.

I measc na ndaoine atá faoi agallamh sa chlár Ciara Ní É – Saol Trí Ghaeilge, tá Peadar Ó Caomhánaigh agus Osgur Ó Ciardha, bunaitheoirí an Pop-Up Gaeltacht, baill den ghrúpa feachtais an Dream Dearg, an tráchtaire peile agus príomhoide aitheanta Colm O’Rourke, an saineolaí oideachais, an tOllamh Pádraig Ó Duibhir agus an file Séamus Barra Ó Súilleabháin.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Ciara Ní É, go raibh sí ag iarraidh fáil amach an bhféadfadh sí “saol trí Ghaeilge” a chaitheamh.

“Go háirithe domsa, toisc gur tháinig mé ó chúlra nach raibh aon Ghaeilge ar fáil ann, chuile rud a dhéanaim i nGaeilge, más cairde atá i gceist nó imeachtaí nó cibé rud, caithfidh mé dul amach agus é a lorg.

“Tá mise agus an-chuid de mo chairde ag iarraidh an tsaoil seo ach anois agus mé i lár mo thríochaidí tá mé ag iarraidh féachaint air seo i gceart. Cad atá le déanamh agam le cinntiú go mbeidh saol trí Ghaeilge agam agus nach dtitfidh mé isteach i saol an Bhéarla?” a dúirt Ní É.

Pléitear sa chlár an Ghaeilge sa chóras oideachais, conas pobal teanga a chruthú agus gnéithe éagsúla de shaol na Gaeilge sna cathracha agus i gceantracha tuaithe ina bhfuil borradh faoin teanga.

Dúirt an file go bhfuair sí tuiscint níos fearr ar chás an chainteora Gaeilge sa Ghaeilge agus nach “freagra amháin” atá ar an gceist.

“Shíl mé ar dtús go raibh gá lonnaíocht a thógáil mar a rinneadh ar Bhóthar Seoighe i mBéal Feirste, ach anois braithim gur meascán mearaí d’iarrachtaí atá i gceist agus go mbraitheann sé.”

“An rud a theastaíonn ná pobal, go mbeadh daoine agat le labhairt leo. Mura bhfuil tú in ann a bheith go fisiciúil sa nGaeltacht, tá an-chuid slite éagsúla chun pobal a chothú, bíodh sé ina phobal filíochta, mar atá á dhéanamh againn le REIC nó seans go n-imríonn tú spórt agus gur mhaith leat cumann spóirt Gaeilge a bhunú.

“Caithfidh daoine a n-iarrachtaí féin a dhéanamh chun Gaeilge a bheith acu ina saol go laethúil,” a dúirt Ciara Ní É.

Fág freagra ar 'Clár faisnéise nua faoi chás na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht le craoladh ar TG4 anocht'