Clár faisnéise nua ar an ‘High Nelly’ le craoladh amárach ar TG4

Clár a dhéanann ceiliúradh ar mhodh taistil buanseasmhach agus samhail den seansaol in Éirinn is ea ‘Mo High Nelly Álainn’, a chraolfar amárach ar TG4

 

 

14955924001_ea0a151de0_b

Craolfar clár faisnéise san oíche amárach ar TG4 faoin ‘High Nelly’, seanrothar a mbaintí úsáid fhorleathan as fud fad na tíre.

Is siombal é an ‘high nelly’ den seansaol in Eirinn. Ba chuma an ar shráideanna cathrach nó ar bhóithríní tuaithe a bheadh duine, d’fhéadfadh sé brath ar an high nelly am ar bith áit ar bith. Théití chuig an obair ar an high nelly, chuig an aifreann, chuig damhsaí agus ócáidí siamsiaíochta. B’fhéidir le daoine taisteal níos faide agus ualaigh bheaga a iompar gan gá le hasal nó capall dá bharr.

Tugann an clár faisnéise seo spléachadh spéisiúil, maoithneach ar an seanrothar agus an tionchar a bhí aige ar shaol daoine in áiteanna éagsúla ar fud na tíre.

I measc na ndaoine a chloistear ag caint ar an gclár, tá Joe Molloy, a dhéanann cur síos ag an ról a bhí ag an High Nelly in iompar teachtaireachtaí rúnda i measc ball den IRA le linn Chogadh na Saoirse; Beartlaí Seoighe agus Seamus Ó Droma, a labhraíonn faoin difear a rinne an rothar do Ghardaí agus baill den airm; agus Máire Ní Loideáin, a phléann an tábhacht a bhí leis an rothar di féin ó thaobh cúrsaí grá de.

 

Craolfar Mo High Nelly Álainn ar TG4 amárach, an 19 Nollaig 2015 ag 9:30pm, agus craolfar an athuair é Dé Domhnaigh, an 20 Nollaig 2012 ag 7:30pm