Clár Diaspóra na hÉireann seolta ag Heather Humphreys

I measc na n-imeachtaí a eagrófar mar chuid den chlár, beidh comórtais aistí, ealaíne agus peile Gaelaí ar an gcoigríoch, agus léirithe nua stáitse ar shaothair scríbhneoirí Éireannacha

25/09/2014. Heather Humphreys. Pictured Minister f

Tá Clár Diaspóra na hÉireann 2016 seolta ag an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan TD, agus ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, tráthnóna inniu.

Is clár idirnáisiúnta é seo a chuimsíonn idir imeachtaí pobail agus imeachtaí cuimhneacháin chun céad bliain Éirí Amach na Cásca a chomóradh is a cheiliúradh.

Mar chuid den chlár, tabharfar spreagadh don diaspóra páirt a ghlacadh in imeachtaí a bheidh ar bun i gcathracha ar fud an domhain, ó Buenos Aires go Páras, agus ó Nua Eabhrac go dtí an Róimh, chun comóradh a dhéanamh ar chéad bliain an Éirí Amach.

Tá an clár á eagrú ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus Cultúr Éireann, agus deis a bheidh ann na gnéithe is fearr d’ealaín agus de chultúr na hÉireann a roinnt leis an domhan mór.

Agus í ag labhairt roimh an seoladh i gColáiste Ríoga na Máinlianna in Éirinn, áit a raibh Micheál Ó Mealláin agus an Chuntaois Markiewicz lonnaithe le linn Sheachtain na Cásca 1916, dúirt an tAire Humphreys:

“Is iad na healaíona croílár an cheiliúrtha le haghaidh Éire 2016. Toisc an ceangal atá againn leis an Diaspóra ar fud an domhain, is mian linn cuireadh a thabhairt do dhaoine i ngach cearn den chruinne páirt a ghlacadh i gceiliúradh na gcuimhneachán céad bliain; le hócáidí ealaíon, ceolchoirmeacha, taispeántais agus go leor leor eile. Tá sé ríthábhachtach freisin go ndéanfaimid teagmháil leis an Diaspóra agus go n-aithneoidh muid an méid atá déanta acu ar son na tíre seo le céad bliain anuas.

“Tá an-teist ar Chultúr Éireann as togha na healaíne in Éirinn a chur ar taispeáint thar lear. Sa chlár Éire 2016, a ndéanfar tuilleadh forbartha air sna míonna amach romhainn, cuirfear an chuid is fearr d’ealaín na hÉireann i láthair i roinnt de na cathracha is mó ar domhan, ina measc Nua-Eabhrac, Londain agus Sydney.

“Tá cáil dhomhanda ar mhuintir na hÉireann as feabhas a gcuid ealaíon agus a féadfaidh muid leas a bhaint as na dána chun daoine a thabhairt le chéile sa bhaile agus thar lear.”

Is mar seo a labhair Aire an Diaspóra, Jimmy Deenihan, TD ar an ábhar seo:

“Aithnítear an diaspóra sa Bhunreacht mar chuid dár náisiún agus tá ár bpolasaí nua i leith an diaspóra ina chuid lárnach den chlár seo.

“D’fhonn an ócáid seo a roinnt ar bhealach a ghabhfaidh i bhfeidhm mar is ceart ar dhaoine thar lear, déanfaimid cinnte go gcraolfar an Cheolchoirm Cheiliúrtha a bheidh ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta ar an 16 Márta 2016 ar fud an domhain agus cuirfimid giurléidí agus iarsmaí a bhaineann le 1916 ar fáil i bhfoirm dhigiteach ar an suíomh gréasáin www.Inspiring-Ireland.ie, a bhfuil gradaim buaite aige.”

Dúirt an tAire Stáit, Aodhán Ó Ríordáin, a bhfuil freagracht as Cultúr Éireann air, gur eascair “idéil lucht 1916 as gluaiseacht a bhain leis an gcultúr chomh mór is a bhain sí leis an bpolaitíocht. Chabhraigh athbheochan na Gaeilge agus na litríochta le glúin nua a spreagadh sa tslí is gur chreid siad go bhféadfadh Éire bláthú mar náisiún neamhspleách”.

Dúirt sé go bhfuil sé “cuí, mar sin, go bhfuil Cultúr Éireann ag forbairt clár fairsing, trína ligtear d’ealaíontóirí Éireannacha a gcuid saothar agus a gcuid tuairimí i dtaobh 1916 a chur i láthair an domhain”.

I measc na n-imeachtaí a eagrófar mar chuid den chlár, beidh comórtais aistí agus ealaíne a chíorfaidh téamaí an Éirí Amach; comórtais peil Ghaelach in áiteanna difriúla ar fud an domhain; agus léiriú nua stáitse ar shaothair mhóra le scríbhneoirí agus drámadóirí mar Joyce, Beckett agus Seán O’Casey.

Fág freagra ar 'Clár Diaspóra na hÉireann seolta ag Heather Humphreys'