Clár ceiliúrtha le craoladh ar Raidió na dTreabh inniu agus an stáisiún bliain ar an bhfód

Craoladh an chéad chlár ar an stáisiún pobail Gaeilge i gcathair na Gaillimhe ó stiúideo FlirtFM ar an 2 Bealtaine 2016. Tiocfaidh foireann an stáisiúin le chéile inniu le clár speisialta ceiliúrtha a chraoladh

Clár ceiliúrtha le craoladh ar Raidió na dTreabh inniu agus an stáisiún bliain ar an bhfód

Craolfaidh Raidió na dTreabh, stáisiún pobail Gaeilge chathair na Gaillimhe, clár speisialta inniu le comóradh a dhéanamh ar bhliain a bhunaithe.

Craoladh an chéad eagrán den chlár Bricíní ar Raidió na dTreabh ar an 2 Bealtaine 2016, agus ba iad Emma Ní Chearúil, bainisteoir agus bunaitheoir an stáisiúin, agus Colm Ó Fátharta a chuir an t-eagrán sin i láthair. Tá foireann Raidió na dTreabh ag teacht le chéile sa stiúideo in Árus na nGael le clár ceiliúrtha a chur i láthair tráthnóna inniu.

“Nuair a thosaigh muid cothrom an lae seo bliain ó shin, ní raibh ach trí chlár á gcraoladh againn, an t-irischlár Bricíní, An Clár Leabhar agus Ruaille Buaille, clár siamsaíochta agus ceoil le Ruth Ní Ghuibhne. Bhí an fhoireann an-bheag an uair sin freisin, ach anois tá scór daoine againn agus tá 11 clár á gcraoladh gach seachtain,” a dúirt Ní Chearúil le Tuairisc.ie

Craoladh na chéad chláir de chuid Raidió na dTreabh ó stiúideo Flirt FM ar champas Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Ritheadh feachtas tiomsaithe airgid ar líne an samhradh seo caite ar an suíomh FundIt.ie le hairgead a fháil leis an stáisiún a chur ar bun.

Bailíodh nach mór €8,000 le linn an fheachtais sin agus tógadh stiúideo nua in Árus na nGael i lár na cathrach. Is ón stiúideo sin atá an stáisiún pobail ag craoladh ó shin i leith.

“Ba é tógáil an stiúideo nua ag deireadh an fhómhair buaic na bliana seo caite. Ba ardú croí freisin é an léim ollmhór a tháinig ar líon na n-éisteoirí agus líon na gcraoltóirí i mí Feabhra na bliana seo. Chabhraigh an stiúideo nua agus an sceideal nua an Earraigh borradh a chur faoi chúrsaí,” a dúirt Ní Chearúil.

Dúirt sí go bhfuil pleananna anois ag Coiste Raidió na dTreabh don chéad bhliain eile agus súil ag an stáisiún fáilte a chur roimh “shlua nua craoltóirí” san fhómhar agus tréimhsí a chaitheamh ag craoladh ar mhinicíocht FM le linn “imeachtaí móra” 2018.

“Beidh mise ag díriú i ceart ar Raidió na dTreabh ón bhfómhar ar aghaidh agus tá maoiniú á lorg againn ó fhoinsí éagsúla don bhliain seo chugainn,” a dúirt Ní Chearúil, atá i mbun bainistíochta ar an stáisiún ar bhonn deonach i láthair na huaire.

Ghabh sí buíochas as an “sár-obair” atá déanta ag Coiste Raidió na dTreabh le bliain anuas agus as an muinín a chur siad sa togra “ón gcéad lá riamh”.

“Ba mhaith liom buíochas mór a ghabháil freisin le gach uile dhuine a thug tacaíocht dúinn anuraidh le linn an fheachtais tiomsaithe airgid, murach an t-airgead a thug muintir na Gaillimhe agus pobal na Gaeilge ar fud na cruinne dúinn, ní fhéadfaí an fhorbairt mhór a rinneadh le bliain anuas a dhéanamh.

“Ach is leis an bhfoireann, go háirithe, ba cheart buíochas a ghabháil. Tá daoine ann atá linn le bliain anuas, agus tá daoine nua linn a thosaigh ag tús na bliana seo nó níos deireanaí. Tá mé fíorbhuíoch díobh as a gcuid ama agus a gcuid oibre, tá siad iontach agus is álainn a bheith ag obair leo,” a dúirt sí.

Dúirt cathaoirleach Raidió na dTreabh, Maitiú Ó Coimín, go bhfuil sé “ag súil go mór” leis an mbliain atá romhainn agus leis an “bhforbairt mhór” atá beartaithe don stáisiún.

“Tá foireann dhíograiseach dhílis ag Raidió na dTreabh anois, agus níl aon amhras orm ach go bhfuil ceann de na spriocanna móra a leag muid amach cothrom an ama seo bliain ó shin bainte amach againn — pobal a chruthú i gcathair na Gaillimhe. Tá pobal nua ann anois agus cairdeas, agus más fíor do na ráflaí, romance nua cothaithe idir na craoltóirí.

“Tá súil againn an pobal éisteoirí a  mhéadú in 2017 agus 2018, agus is léir ón ardú mór a tháinig ar staitisticí an stáisiúin le cúpla mí anuas go bhfuil sé sin ag tarlú cheana féin. Tá an coiste ag obair go dian leis an stáisiún a fhorbairt agus tá súil againn go leor dea-scéalta a bheidh againn faoi dheireadh na bliana seo,” a dúirt Ó Coimín.

Dúirt sé freisin gurbh í Ní Chearúil “bunchloch” an stáisiúin agus “croí an phobail a d’fhás timpeall Raidió na dTreabh” le bliain anuas.

“Murach Emma, ní bheadh Raidió na dTreabh ann, agus dá bhfágfadh sí muid anois, bheadh sé an-deacair bainisteoir deonach eile a aimsiú a bheadh chomh maith céanna léi. Tá obair na gcapall déanta aici le bliain anuas agus tá an t-ádh orainn go bhfuil sé i gceist aici a haird a dhíriú go hiomlán ar reáchtáil agus ar fhorbairt an stáisiúin an fómhar seo,” a dúirt sé.

Tá Raidió na dTreabh ar fáil ar líne ar www.rnat.ie.

Fág freagra ar 'Clár ceiliúrtha le craoladh ar Raidió na dTreabh inniu agus an stáisiún bliain ar an bhfód'

  • Aodh Ó Coileáin

    Óoo!
    Eachtraigh….Romance…ceann eile? Níor chuala faic!