Má tá splanc ar bith fágtha i muintir na Gaeltachta, ba chóir dóibh athrú bunúsach ar an Údarás a éileamh

Tá gá le díospóireacht agus gníomh faoi Údarás na Gaeltachta mar a léirigh clár breá ar Raidió na Gaeltachta le déanaí

Má tá splanc ar bith fágtha i muintir na Gaeltachta, ba chóir dóibh athrú bunúsach ar an Údarás a éileamh

Ba bhreá go deo an comóradh a rinneadh ar an gclár ‘An tSeachtain’ ar Raidió na Gaeltachta ar an gcéad toghchán a bhí ann dhá scór bliain ó shin le hionadaithe a thoghadh ar Údarás na Gaeltachta.

Bhí painéal den scoth ar an gclár. Ba iad sin an Dr. Gearóid Ó Tuathaigh, Seán Ó Neachtain, Connie Ní Fhátharta agus Steve Ó Cualáin.

Cloiseadh agallaimh a rinneadh le Seán Ó Baoill agus le T.P. Ó Conchúir agus rinneadh ceangal teileafóin le Dáithí Mac Cárthaigh agus le Anna Ní Ghallachair.

Maidir leis an láithreoir, Máirín Ní Ghadhra, cá bhfaighfeá duine níba ghéarchúisí lena leithéid de dhíospóireacht a stiúradh?

Ba é Seán Ó Neachtain ba láidre a labhair in aghaidh an tsocraithe a rinne Fine Gael deireadh a chur leis an toghchán. Ba é an loiceadh ba mhó é a rinneadh ar an Údarás ó lá a bhunaithe, a dúirt sé.

Breithiúnas den chineál céanna a thug Connie Ní Fhátharta. B’ise an chéad bhean a toghadh ar Bhord an Údaráis. Bhí trí bliana caite aici roimhe sin ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Thagair sí do na cruinnithe spreagúla a bhíodh ag cruinnithe an Údaráis agus do na míreanna spéisiúla a thagadh astu ar Raidió na Gaeltachta ina dhiaidh sin.

Bhíodh an pobal rannpháirteach in obair an Údaráis, a dúirt sí, agus ceangal dlúth acu leis na baill tofa.

Ní mar sin atá sé anois, a dúirt sí. Dá n-iarrfá ar dhaoine baill an Bhoird a ainmniú inniu, ar sise, is ar éigean a bheidís in ann ainm duine amháin féin acu a thabhairt dhuit.

I dteannta na cainte faoin toghchán pléadh go mion an éifeacht a bhí ag an Údarás ar na pobail Ghaeltachta ó bunaíodh é.

Ag snámh in aghaidh easa a bhídís go hiondúil, a dúirt Seán Ó Baoill. Bhíodh easpa airgid orthu i gcónaí beagnach.

Cén bhrí, a dúirt Steve Ó Cualáin, ach níor cheart don rialtas drogall ar bith a bheith orthu airgead a infheistiú san Údarás mar go dtagann toradh na hinfheistíochta sin ar ais ina chánacha taobh istigh de dhá bhliain.

Caithfear a choinneáil i gcuimhne freisin, a dúirt sé, gur thar lear a chuirtear 60% de na hearraí as na comhlachtaí ar thug an tÚdarás cúnamh dóibh.

Éacht a bhí ann gur baineadh an toghchán amach an chéad lá, a dúirt Seán Ó Neachtain. Ba chuimhin leis go maith go mbíodh “faobhar toghchánaíochta” ann agus go mbíodh díocas ar an bpobal ag spreagadh a gcuid iarrthóirí.

Dúirt Gearóid Ó Tuathaigh freisin go raibh tábhacht leis an ngné thofa. Bhí faitíos ar chuid de na státseirbhísigh go dtabharfadh an toghchán paróisteachas isteach sna cruinnithe. Ba é a thaithí féin nuair a bhí sé ina Chathaoirleach ar an Údarás nár tharla sé sin.

B’fhacthas dó go raibh na baill in ann chuile chás a mheas go tomhaiste, stuama.

Easpa mhór amháin a bhí ar a gcuid oibre, a dúirt sé, nach raibh cead acu cabhrú le tionscail seirbhíse.

Is maith a thuig mé an chuid sin dá scéal. Nuair a bhí muid ag iarraidh teach altranais a chur chun cinn i gCarna ní fhéadfadh an tÚdarás a thabhairt de chabhair dhúinn ach €7,000 i gcomhair staidéir féidearthachta.

De bharr a ndearna muid de chomhoibriú ar an mbord d’éirigh linn an riail sin a athrú.

Is féidir a rá go fírinneach anois go bhfuil an teach altranais i gCarna ar cheann de na tograí is fiúntaí dár chuidigh an tÚdarás leis in áit ar bith.

Bhí locht ag T.P. Ó Conchuir é féin ar an teir agus an toirmeasc seo ar na seirbhísí. Murab ionann agus Conamara, ní ceantar monarchan a bhí i gCorca Dhuibhne, a dúirt sé.

Iascaireacht, feirmeoireacht agus turasóireacht a thuig siad ó dheas agus ní raibh cead ag an Údarás tacaíocht cheart a thabhairt do na réimsí oibre sin beag ná mór.

Thug Seán Ó Baoill le tuiscint ina chuid cainte go bhfuil ceangal dlúth idir cás na Gaeltachta agus cás na tuaithe fré chéile.

Bánú na tuaithe atá i gceist ag na rialtais ar fad anois, a mheas sé. Ní fheictear dó go bhfuil de pholasaí acu ach “muilte gaoithe agus turasóireacht”.

Chuir sé iontas orm nár pléadh tionchar pholasaí an nualiobrálachais atá ag Aontas na hEorpa ar obair an Údaráis.

Seo é an polasaí a fhágann go bhfuil an deontas céanna le fáil ag an té a thosaíonn tionscal in aice le hAerfort Bhaile Átha Cliath agus a bheadh le fáil ag an duine a rachadh i mbun oibre sa gcuid is faide siar de Leitir Mealláin.

Nuair a bhí muid ag iarraidh scéim na gcurachaí a chosaint ag Bord an Údaráis fuair muid amach go raibh maorlathas Aontas na hEorpa míshásta leis an scéim.

Ghlacfaidís le cúnamh d’obair ar pháirt amháin de churach ach dhiúltóidís d’aon athrú a bheifí ag iarraidh a chur ar pháirt eile di.

Níorbh ionann acu obair uachtair ar churach agus obair ar an gcíle!

Labhair Dáithí Mac Cárthaigh go tuisceanach ar áit na Gaeilge in obair an Údaráis. Chreid sé go daingean nach mbeadh ciall ar bith le cead vótála a thabhairt do na ceantair Bhéarla i dtoghchán.

Ag deireadh an chláir d’fhógair an Cathaoirleach atá ar an Údarás anois, Anna Ní Ghallachair, go mbeidh sraith imeachtaí acu an bhliain seo chugainn le bunú an Údaráis a chomóradh.

Tabharfaidh sé sin deis bhreá dhúinn éileamh a dhéanamh ar athrú bunúsach ar an Údarás ó thaobh daonlathais agus acmhainní.

Sé sin má tá splanc ar bith fágtha i muintir na Gaeltachta agus na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Má tá splanc ar bith fágtha i muintir na Gaeltachta, ba chóir dóibh athrú bunúsach ar an Údarás a éileamh'

  • An Teanga Bheo

    Daonfhlathas ag dul i léigh agus ar cúl.