Clár breá faoi fhear breá caide is sacair

Léargas taitneamhach ar shaol Kevin Moran, fear umhal cumasach cróga a bhí againn i Codebreaker

Clár breá faoi fhear breá caide is sacair

Mhaítí go mbíodh sé de shíor mar cheist ag tráth na gceist i bpubanna sna hochtóidí agus sna nóchaidí, agus fiú ina dhiaidh sin: cé hé an t-aon imreoir a bhfuil bonn uile-Éireann sa pheil aige mar aon le bonn Chorn an FA? Freagra na ceiste? Kevin Moran. Gaisce ar leith ba ea eachtraíocht an Mhóránaigh ar pháirc na caide agus ar mhóinéar an tsacair. Cinnte tá imreoirí ann a léiríonn tallann i spóirt éagsúla ina n-óige ach rud eile ar fad é buaicphointí mar iad seo a bhaint amach. Fágann sin áit ar leith ag fear Rialto i stair spórt na hÉireann. Dhein an clár Codebreaker (RTÉ 1, Dé Luain) iarracht éachtaint agus ómós a thabhairt do na héachtaí seo.

Tá Kevin seacht mbliana le cois na trí scór agus tugann sé cuntas ionraic, umhal ar a shaol ar pháirc na himeartha. Ar shlí bhí an clár roinnte i dtrí chuid éagsúla. Sa chéad chuid tugadh cuntas ar na blianta caide. Ina dhiaidh sin bhí na blianta le Manchain Aontaithe agus ar deireadh thiar bhí na gaiscí le foireann cháiliúil Phoblacht na hÉireann.

I dtosach an chláir thug an t-ábhar cartlainne siar go lár na seachtóidí sinn agus lán ár gcuid súl á bhaint againn as ruathair fhear na gruaige cataí suas faoin bpáirt. Sceimhle á chur ar na Ciarraígh chumasacha. Ba é Moran ba chionsiocair lena mbuanna uile-Éireann i 1976 agus 1977, an cluiche leathcheannais cáiliúil sin ina measc. Bhí sé ar an bpáirc i 1978 chomh maith agus murach é bheith ag imirt agus  teannán a hioscaide stróicthe agus greamanna ina éadan ní fios cad a bheadh tarlaithe. Bailíodh Seán Doherty, Tony Hanahoe agus Jimmy Keaveney le chéile le pionta a chaitheamh siar agus dul siar bóithrín na smaointe. Rud amháin a rith liom ag an bpointe sin ná an gean a bhí acu ar a n-iarchomrádaí.

Ansan tháinig an sacar agus Manchester United. Rud amháin a mheabhraigh an clár seo dúinn ná an tsaontacht agus an tsimplíocht a bhain leis an rud ar fad. Níl aon dul go dtarlódh a leithéid sa lá atá inniu ann. É ag dul sall agus an fiche bliain slánaithe aige agus gan aon choinne aige go dtabharfaí conradh dó. É fós ag imirt caide ina dhiaidh sin. Nuair a d’iarr Bleá Cliath cead imeartha dó don chluiche ceannais i 1978 thoiligh Dave Sexton agus é ag ceapadh go raibh sé ag ciceáil timpeall le cairde. Ní raibh aon tuiscint aige gur comhrac bradáin os comhair breis agus 70,000 duine a bheadh ann. Thuig sé an cúram níos fearr nuair a tháinig Kevin ar ais agus greamanna agus coiscéim bhacaí ann.

Ar aghaidh linn ansin chuig laethanta imeartha le Man Utd. Imreoir neamheaglach, stóinsithe ba ea é a chuir a chos is a cheann sa bhearna baoil gan fuacht ná faitíos. Dhá bhonn FA aige, an dara ceann ag teacht tar éis na conspóide a bhain lena chárta dearg sa chluiche ceannais. Bhí Kevin mar chrann taca le foireann Jack sna blianta tosaigh, an fhoireann sin a dhein gaiscí i 1988 agus 1990. Arís eile ba léir an meas agus gean atá ag leithéidí Paul McGrath, Norman Whiteside agus Bryan Robson air.

Léargas taitneamhach ar dhuine umhal, cumasach, cróga ar leith.

Fág freagra ar 'Clár breá faoi fhear breá caide is sacair'

  • Tiarnan de Fréine

    Sár chlár. Thaitin sé go mór liom, siúlóid siar ar bóithrín na smaointe!

  • Kevin Hickey

    Ceann des na cláracha faisnéise spóirt is taitneamhaí dá bhfaca mé riamh.