Clár beo ó Chonamara le craoladh ag TG4 oíche chinn bliana

Hector Ó hEochagáin agus Eibhlín Ní Chonghaile a chuirfidh Fáilte 2020 i láthair ar TG4 oíche chinn bhliana

Clár beo ó Chonamara le craoladh ag TG4 oíche chinn bliana

Hector Ó hEochagáin agus Eibhlín Ní Chonghaile

Tá clár beo ó Chonamara oíche chinn bliana i measc na gclár nua ar sceideal TG4 don Nollaig.

Cuirfidh Hector Ó hEochagáin agus Eibhlín Ní Chonghaile Fáilte 2020 i láthair ó Óstán Tigh Pheacock ar an Teach Dóite i gConamara Oíche Chinn Bliana.

Beidh Sharon Shannon agus a banna, Frankie Gavin agus Carl Hession, Steve Cooney agus Nan Tom Teaimín, Johnny Óg Connolly agus MC Muipéid i mbun ceoil ar Fáilte 2020, agus gealltar scoth an cheoil agus an damhsa mar cheiliúradh ar thús na bliana nua.

I measc na gclár nua eile a bheidh le feiceáil ar TG4 le linn na féile, beidh Fear Darb Ainm Harris, clár faoin aisteoir Richard Harris a chraolfar Lá Caille. I measc na ndaoine a chloisfear ag caint faoi fhear Luimnigh ar an gclár beidh Clint Eastwood, Daniel Radcliffe, Ridley Scott, Jim Sheridan agus Stephen Rea.

Ar an 28 Nollaig taispeánfar clár faisnéise nua eile, Ar Thóir na Crown Jewels, clár ina bhfiosraíonn Oisín Mistéil mistéir ghoid Sheoda na Corónach ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath i 1907. Bean ghaoil leis an Mistéalach, Mary O’Farrell, a thug faoi deara gur goideadh na seoda nár thángthas orthu ó shin.

Beidh roinnt mhaith clár ceoil ar TG4 an Nollaig seo, ina measc eagrán speisialta de Opry le Daniel Oíche Nollag.

Caithfear súil ar shaol an cheoltóra Phil Coulter Lá Nollag ar Phil Coulter – Mo Shaol agus craolfar Oireachtas 2019 ar an 2 Eanáir.

I measc na scannán a chraolfar ar TG4 an Nollaig seo, beidh leaganacha Gaeilge de na scannáin cháiliúla do pháistí Happy Feet Two, a chraolfar ar an 23 Nollaig agus Shrek, a chraolfar Lá Nollag.

Fág freagra ar 'Clár beo ó Chonamara le craoladh ag TG4 oíche chinn bliana'

  • Mary Kearns

    Looking forward to the program from Peacockes Hotel. A great venue to ring in 2020.