Deireadh seachtaine fada againn agus aon duine gur suim leo an stair faighidís uair an chloig le héisteacht le clár na hAoine de An Saol ó Dheas. A leithéid de chlár a mheabhraíonn tábhacht Raidió na Gaeltachta dom.
Mar is dual, lena géarchúis is meabhair chinn spreag Helen Ní Shé an staraí Pádraig Óg Ó Ruairc le léargas ginearálta a thabhairt dúinn ar obair mhná Chumann na mBan sa dá chogadh – cogadh na saoirse agus cogadh na gcarad – agus an chaoi ar athraigh a gcuid oibre sa tréimhse sin.
Cérbh iad na mná dearmadta seo?
Margaret Keogh, Gaeilgeoir as an Rinn i mBaile Átha Cliath a bhásaigh agus armlón á chur i bhfolach aici ar son na poblachta. Míniú an-spéisiúil ag Pádraig faoin ngráin a bhí ag Cumann na mBan ar an gconradh – gur bhraitheadar go rabhthas ag séanadh na mban chomh maith le hidéil na poblachta.
Cumann na mBan i ngluaiseacht na Saoirse ó dheas le plé ar @saolodheas inniu. @RTERnaG pic.twitter.com/dWHotDhbcD
— Saol ó Dheas RnaG (@saolodheas) April 30, 2021
Siobhán Ní Chléirigh, altra a bhí ag obair i gCorcaigh agus a bhí gníomhach i gCumann na mBan. Bean a bhásaigh i mbláth a hóige tar éis a bheith ar stailc ocrais i rith chogadh na gcarad. Sean-aintín le Siún Nic Gearailt ab ea Siobhán agus is iontach go deo an cur síos a bhí ag Siún ar a bean ghaoil.
Neans Scully de bhunadh an Gharda Cósta a d’fhan leis na hóglaigh leonta nuair a bhí na heasláin le haistriú ar chairt capaill trasna na gcnoc agus na fir tar éis teitheadh. Tá ábhar scannáin i saol agus i gcrógacht na mná sin.
Na fir a bhíodh ag scríobh na leabhar i ndiaidh na ngaiscí – “rinneadar [na mná] an gnó agus choinníodar na prionsabail ach ní rabhadar ag scríobh na leabhair” arsa an Dr Tim Horgan.
Peig Turraoín bn Uí Réagáin a bhí ina ball do Chumann na mBan i Rinn Ua gCuanach. @aineuifhoghlu trácht uirthi inniu ar @saolodheas pic.twitter.com/UEfobxhEqg
— Saol ó Dheas RnaG (@saolodheas) April 30, 2021
Ní raibh aon easpa mná cróga ar an Rinn ach oiread mar a ríomh Áine Uí Fhoghlú.
Ó 1923 ar aghaidh níor labhair na mná “puinn faoin dtréimhse” agus iad i mbun teaghlaigh is cúraim, a dúirt Áine. A éileacht [shliocht] orthu ba go doicheallach a fuaireadar pinsean throdairí na saoirse, má fuair. Fiú an naoscaire Margaret Skinnider, diúltaíodh pinsean di mar shaighdiúir a d’iompair gunna.
Thug Marie Ní Ghrifín cur síos spéisiúil ar mhná Chorca Dhuibhne agus taighde déanta agus á dhéanamh aici ar an obair dhainséarach a rinne na mná ar ceileadh a gcuid éachtaí orainne a bhain an tairbhe as a saothar.
Más mall féin é, is maith go bhfuil scéal na mban sin á ríomh dá bpobal féin.
Caithfear éisteacht.
Seodchlár eile as Baile na nGall.
– Tá an clár ar fáil anseo
Muireann Ní Mhóráin
Chuala an clár agus aontaím le Máire agus tréaslaím le lucht a dhéanta. Is fada ó chuala mé clár chomh spéisiúil. Cloiste agam faoi Margaret BÁC ach tá a faoi na mná iontacha eile.