Claonpháirtíocht deimhnithe anois i ndúnmharuithe Loch an Oileáin, 1994

Dúirt Príomhchonstábla an PSNI, George Hamilton gur “uncomfortable reading” a bhí i dtuairisc an ombudsman inniu go raibh claonpháirtíocht idir baill de na póilíní agus na paraimíleataigh a mharaigh seisear fear i dtábhairne agus iad ag féachaint ar an chluiche idir Éirinn agus an Iodáil

Loughinisland

Tá fáilte curtha ag gaolta na bhfear a dúnmharaíodh i dtábhairne an Heights Bar i Loch an Oileáin, Co an Dúin i 1994 roimh thuairisc ó Ombudsman Phóilíní Thuaisceart Éireann inniu inar dúradh go raibh claonpháirtíocht i gceist idir póilíní áirithe agus na dúnmharfóirí sa chás.

Dúnmharaíodh an seisear Caitliceach agus gortaíodh cúigear eile nuair a d’ionsaigh buíon gunnadóirí an tábhairne fad is a bhí slua laistigh ag breathnú ar an chluiche sacair idir Éirinn agus an Iodáil i gcomórtas chraobh an Domhain an 18 Meitheamh 1994. 

Tá leithscéal foirmiúil á lorg anois ag gaolta na marbh ó údaráis na Breataine.

Dúradh sa tuarascáil ó Ombudsman na bPóilíní, Dr Michael Maguire inniu go raibh baint ag brathadóirí de chuid na bpóilíní ag leibhéal sinsearach sna heagraíochtaí paraimíleata dílseacha le hiompórtáil gunnaí agus armlóin. Dúirt sé freisin gur tháinig péire de na gunnaí a úsáideadh san ionsaí ar an tábhairne i Loch an Oileáin as lastas ollmhór a tugadh i dtír ón Afraic Theas sna hochtóidí.

“Catastrophic failure” a thug an tOmbudsman ar an mbealach a ndeachaigh na póilíní i mbun a gcuid fiosrúchán ar an ionsaí i dtús aimsire. Bhí dearcadh lochtach ag cuid de na hoifigigh a bhí i gceannas an fhiosrúcháin arbh ionann é agus “hear no evil, speak no evil, see no evil”.

Seo an dara fiosrúchán a rinne Oifig Ombudsman Phóilíní Thuaisceart Éireann ar chás Dhúnmharuithe Loch an Oileáin. Dúradh sa chéad tuairisc nuair a bhí Al Hutchinson ina ombudsman nach raibh aon chlaonpháirtíocht i gceist idir póilíní agus dúnmharfóirí ach tugadh dúshlán an chinnidh sin san Ard-Chúirt agus cuireadh ar ceal é.

Dúirt Príomh-Chonstabla an PSNI, George Hamilton go rachfar sa tóir ar na daoine a bhí freagrach as an gclaonpháirtíocht agus go ndéanfar gach iarracht iad a chúiseamh. “Uncomfortable reading” a thug sé ar thuairisc an lae inniu ón Ombudsman. 

Fág freagra ar 'Claonpháirtíocht deimhnithe anois i ndúnmharuithe Loch an Oileáin, 1994'