Clann eile ruaigthe as baile ag an imeaglú seicteach

Tá cancar an imeaglaithe sheictigh fós ina smál ar an tsochaí 

Clann eile ruaigthe as baile ag an imeaglú seicteach

Máthair agus a triúr clainne –   an páiste is óige bliain d’aois –an dream is deireanaí ar deineadh imeaglú seicteach orthu. Nó is iad an dream is deireanaí iad a raibh iomrá orthu, mar tá an seicteachas chomh domhain i gceantair áirithe gur minic a tharlaíonn bagairt nó díbliú nach dtuairiscítear agus nach gcuirtear ar an taifead oifigiúil iad.

Bhí an bhean agus na páistí ina gcónaí i gceantar na Creagaí in oirthear Bhéal Feirste i dteach a sholáthair NIHE, an Fheidhmeannacht Tithíochta. Ní raibh siad ann ach tamaillín gearr nuair a chuir an Fheidhmeannacht in iúl dóibh gur raibh bagairt déanta ag an UVF agus an UDA go mbeidís i gcontúirt mura bhfágfadh siad an teach agus an ceantar. Caitlicigh as iarthar na cathrach is ea iad. 

Dúirt an PSNI go raibh an eachtra á fiosrú acu mar choir fuatha.

Thairg an Fheidhmeannacht áras eile dóibh ach níor ghlac siad leis. Rinne siad socrú príobháideach fhad is a bheidh siad ag fanacht le teach i gceantar ina mbeidh siad sábháilte. Is í an fhadhb leis sin go bhfuil ganntanas tithíochta i gceantair áirithe sa chathair agus Caitlicigh á lonnú i gcomharsanachtaí ‘dílseacha’. Ní fheileann eastáit mheasctha do na paraimíleataigh in oirthear na cathrach a fhéachann leis an bpobal in áiteanna ar nós na Creagaí a choinneáil faoina smacht.

Caithfear a rá go bhfuil cuid de na heastáit sa gcomharsanacht i bhfad níos measctha ná mar a bhí le linn na dTrioblóidí nuair ba mhinic a bhí an meascadh doghlactha ag ceachtar taobh agus é fíorchontúirteach freisin. Tá feabhas ar chúrsaí gan dabht ach ní leor é. Is minic fós a chuirtear bratacha nó comharthaí seilbhe eile anairde ag ionaid tógála chun tithíocht a mharcáil do ‘thaobh amháin’.

Fadhb mhór is ea an t-imeaglú seicteach agus a leathbhádóir an t-imeaglú ciníoch don Fheidhmeannacht Tithíochta. Is orthusan a thiteann an crann iarracht a dhéanamh tithíocht fheiliúnach a sholáthar do dhaoine a ruaigeadh as baile de bharr seicteachais, ciníochais, homafóibe nó míchumas fiú. 

Paraimíleataigh dhílseacha a bhíonn freagrach as cuid mhór den bhagairt ach is ó ghnáth-áitritheoirí a eascraíonn cuid di. Tráth den saol ruaigeadh lánúin a bhí i bpóstaí ‘measctha’ freisin. Díbrítear daoine de bharr iompar frithshóisialta ar dhá thaobh na deighilte, go háirithe nuair is drugaí a bhíonn i gceist agus achrann fúthu leis na dronganna, ar paraimíleataigh iad go minic, idir dhílseoirí agus mhionghrúpaí poblachtánacha. 

Deir an Fheidhmeannacht Tithíochta nach bhfuil na heachtraí imeaglaithe ina mbíonn sé riachtanach teaghlaigh a bhogadh ar mhaithe lena sábháilteacht chomh líonmhar is a bhíodh. Tá an cancar fós ina smál ar an tsochaí, áfach. 

 

De réir na gcuntas a choinníonn an NIHE ar na cásanna ina mbíonn athlonnú riachtanach b’éigean déileáil le 286 cás sa bhliain 2020-21; chinn siad gur ghá tithe a sholáthar do 256 díobh sin. Paraimíleataigh a rinne an t-imeaglú in 230 den 256 cás sin agus seicteachas a bhí taobh thiar de chúig cinn agus ciníochas ba shiocair le ceithre cinn.

Tá an eachtra is deireanaí cáinte go géar ag polaiteoirí. Saothar in aisce. Níl teorainn leis an méid scéimeanna a bunaíodh le blianta chun cuidiú leis na paraimíleataigh dhílseacha iompú ar athrú saoil. Is léir nach raibh feidhm le mealladh agus breabadh. 

Tá cás na mná agus a triúr páistí á fhiosrú ag an PSNI ach i bhfianaise a bhfuil feicthe go dtí seo is beag seans go mbeidh siad in ann daoine a aimsiú a thabharfadh fianaise i gcúirt in aghaidh na bparaimíleatach. Ní hamháin go mbeadh imní ar fhinné faoina shábháilteacht féin ach bheadh daoine muinteartha i mbaol freisin. Is beag nach bhfuil glactha leis gur gnáthrud é tionóntaí nó áitritheoirí a imeaglú agus a ruaigeadh toisc nach bhfeileann a gcneas nó a gcreideamh. Tá normalú chomh maith déanta ar imeaglú finnéithe.

Fáinne fí is ea é. Beidh na paraimíleataigh in ann tíorántacht a dhéanamh ar an bpobal go dtí go n-aireoidh daoine sách láidir le haghaidh a thabhairt orthu. Ach cén seans atá ag gnáthdhaoine an neart agus an cumas sin a bhailiú chucu féin nuair is féidir leis na paraimíleataigh cos ar bolg a imirt orthu.

Fág freagra ar 'Clann eile ruaigthe as baile ag an imeaglú seicteach'