Cláir spóirt an 20 clár is mó a mheall lucht féachana do TG4 in 2022

Léiríonn figiúirí a thug TG4 do Tuairisc gur chláir spóirt amháin a mheall meánlucht féachana níos mó ná 100,000 duine chuig an stáisiún

Cláir spóirt an 20 clár is mó a mheall lucht féachana do TG4 in 2022

Tá léargas eile ar a thábhachtaí is atá an spórt do TG4 ar fáil i bhfigiúirí nua. De réir na bhfigiúirí nua cluichí CLG agus rugbaí ab ea gach ceann den 20 clár is mó a mheall lucht féachana do TG4 anuraidh.

Nuair a d’fhógair an stáisiún an tseachtain seo go raibh méadú tagtha ar a lucht féachana in 2022, an tríú bliain as a chéile go raibh ardú i gceist, tugadh le fios gur cluichí a bhí sna cúig chlár ba mhó a mheall lucht féachana anuraidh.

Léiríonn figiúirí nua a chuir TG4 ar fáil do Tuairisc, áfach, gur craoltaí spóirt a bhí sa 20 clár is mó a mheall lucht féachana i rith na bliana agus nár mheall aon chlár eile meánlucht féachana níos mó ná 100,000 duine.

Cluiche Ceannais Peile Allianz idir Ciarraí agus Maigh Eo an clár ba mhó lucht féachana anuraidh. 228,000 duine a d’fhéach ar an gcluiche sin ag tús mhí Aibreáin agus sciar 30.2% den lucht féachana aige ag an am. Ba é Cluiche Ceannais Pheil na mBan idir an Mhí agus Ciarraí an dara clár ba mhó a breathnaíodh air in 2022. Bhí meánlucht féachana 206,000 duine aige sin, sciar 30.3%.

Bhí dhá chluiche rugbaí i measc an 20 clár ba mhó ar TG4 in 2022, an cluiche idir Cúige Mumhan agus Cúige Laighean Lá Fhéile Stiofáin – a raibh meánlucht féachana 144,000 aige – agus an cluiche idir na Muimhnigh agus Cúige Chonnacht ar Lá Caille 2022 – a mheall meánlucht féachana 118,000.

Cluichí peile agus iomána a bhí san 18 clár ba mhó féachana eile – Sraitheanna Allianz, Craobh Pheil na mBan, comórtais na gclubanna agus comórtais idirchontae faoi aois.

Ní hé TG4 amháin a bhíonn ag brath go mór ar chraoltaí spóirt chun lucht féachana a mhealladh, áfach. Ba é The Late Late Toy Show an clár ba mhó lucht féachana in Éirinn in 2022, le meánlucht féachana 1.33 milliún, ach cluichí spóirt a bhí i 14 den 20 clár is mó a mheall lucht féachana. Spórt a bhí i gceist le 30 den leathchéad clár ba mhó lucht féachana. Ar ndóigh, bhí tionchar ag Corn Sacair an Domhain ar na figiúirí sin.

Nuair a chuirtear cluichí spóirt as an áireamh, cláir cheol tíre a ghnóthaigh cuid de na figiúirí féachana is mó a bhí ag TG4. Bhí meánlucht féachana 96,000 ag Opry le Daniel – Ómós do Joe Dolan a craoladh ar an 28 Nollaig agus bhí cúig eagrán eile de Opry le Daniel i measc an 20 clár is mó féachana ar TG4 nuair a cuireadh cláir spóirt as an áireamh.

Bhí rath ar an tsraith nua, Contractors, a craoladh i rith an earraigh. Bhí gach ceann de na seacht gclár sa tsraith i measc na gclár is mó lucht féachana ar TG4 nuair a chuirtear cláir spóirt agus cheoil as an áireamh. Meánlucht féachana idir 75-52,000 a bhí ag an tsraith inar tugadh léargas ar chonraitheoirí feirmeoireachta a thugann cúnamh d’fheirmeoirí.

Bhí dhá chlár den tsraith nua Hector – Balkans go Baltics i measc na gclár is mó lucht féachana sa rannóg seo chomh maith. Bhí trí chlár sa tsraith i measc na gclár is mó lucht féachana nuair a chuirtear cláir spóirt agus cheoil as an áireamh.

Bhí eagrán amháin de Nuacht TG4 i measc an 20 clár ba mhó lucht féachana nuair a chuirtear an spórt agus ceol as an áireamh. Bhí an clár áirithe sin ar an aer díreach i ndiaidh an chluiche rugbaí idir Cúige Chonnacht agus Cúige Mumhan Lá Caille agus meastar go bhféadfadh gurbh in a d’fhág na figiúirí féachana a bheith níos airde an lá sin.

Tuigtear go bhfuil an lucht féachana ag Nuacht TG4 cuid mhaith níos ísle de ghnáth ach níl an stáisiún sásta figiúirí féachana don chlár ná do 7Lá a fhoilsiú.

Sciar 1.96% den lucht féachana in Éirinn a bhí ag TG4 in 2022, ardú ón 1.8% a bhí i gceist in 2021. Is é sin an sciar is mó den lucht féachana a bhí ag TG4 in aon bhliain ó 2011.

Ná Cláir ba mhó ar TG4 i 2022
Ord Clár Dáta Am chraoladh Meán (000) Ard (000) Aimsiú (000) Sciar (%)
1 GAA Beo – CC Peile Allianz R1 – Ciarraí v Maigh Eo 03-04 15:42 – 18:04 228 306 468 30.2
2 Peil na mBan Beo – CC Sinsear TG4 – An Mhí v Ciarraí 31-07 15:40 – 17:56 206 281 446 30.3
3 GAA Beo – Sraith Iomána Allianz – Tiobraid Árann v Cill Chainnigh 13-02 15:30 – 17:34 189 266 381 22.3
4 GAA Beo – Sraith Peile Allianz – Tír Eoghain v Muinceachán 30-01 15:30 – 17:32 155 190 364 19.4
5 GAA Beo – Sraith Peile Allianz – Tír Eoghain v Áth Cliath 13-03 15:31 – 17:30 149 193 351 18.6
6 Rugbaí Beo – Mumha v Laighin 26-12 18:50 – 21:40 144 267 499 11.4
7 GAA Beo – Sraith Peile Allianz – Tír Eoghain v Cill Dara 20-02 15:32 – 17:34 144 189 359 16.4
8 GAA Beo – CLC Iomána Allianz R1 – Loch Garman v Port Láirge 27-03 15:33 – 17:31 136 174 325 25.1
9 GAA Beo – CC Iomána Allianz R1 – Port Láirge v Corcaigh 02-04 18:49 – 21:19 125 208 376 11.8
10 GAA Beo – Sraith Peile Allianz – Cill Dara v Áth Cliath 27-02 13:16 – 15:28 123 176 348 16.5
11 Rugbaí Beo – Connachta v Mumha 01-01 16:45 – 19:13 118 204 404 11.0
12 GAA Beo – Sraith Peile Allianz – Áth Cliath v Dún na nGall 20-03 15:33 – 17:30 118 151 319 15.1
13 GAA Beo – CLC Iomána na hÉireann AIB – Na Seamróga v Naomh Tomás 23-01 15:08 – 17:04 114 187 278 14.6
14 GAA Beo – Sraith Peile Allianz – Maigh Eo v Dún na nGall 30-01 13:12 – 15:25 113 211 322 18.7
15 GAA Beo – Sraith Iomána Allianz – Luimneach v Corcaigh 27-02 15:33 – 17:31 113 194 333 10.3
16 GAA Beo – CC Iomána na Mumhan AIB – Baile Mhic Gonair v Cill Mocheallóg 09-01 15:11 – 17:09 112 145 280 14.7
17 GAA Beo – CC Iomána na hÉireann Mionúr – Tiobraid Árann v Uíbh Fhailí 03-07 13:00 – 15:13 110 187 319 18.3
18 Peil na mBan Beo – CC Idirmheánach TG4 – Laois v Loch Garman 31-07 13:28 – 15:35 109 155 293 21.1
19 GAA Beo – Sraith Peile Allianz – Ciarraí v Dún na nGall 20-02 13:13 – 15:26 109 161 300 15.6
20 GAA Beo – CLC Iomána Allianz R1 – Corcaigh v Cill Chainnigh 26-03 18:45 – 21:14 107 197 328 9.9

 

Fág freagra ar 'Cláir spóirt an 20 clár is mó a mheall lucht féachana do TG4 in 2022'