Cláir raidió, ócáidí bronnta agus ceolchoirmeacha ar chlár ar líne Oireachtas na Samhna

Beidh an fhéile ar siúl ó Dé Luain, 25 Deireadh Fómhair go dtí Dé Domhnaigh, 31 Deireadh Fómhair 2021 agus clár ilghnéitheach eagraithe

Cláir raidió, ócáidí bronnta agus ceolchoirmeacha ar chlár ar líne Oireachtas na Samhna

Beidh cláir raidió speisialta, ócáidí bronnta gradam agus ceolchoirmeacha mar chuid d’imeachtaí Oireachtas na Samhna 2021 a reáchtálfar go fíorúil an tseachtain seo chugainn.

Seacht lá d’imeachtaí atá beartaithe mar chuid de chlár oifigiúil na féile a seoladh inniu. Beidh an fhéile ar siúl ón Luan an 25 Deireadh Fómhair go dtí an Domhnach an 31 Deireadh Fómhair.

Cuirfear tús leis an bhféile le heagrán speisialta den chlár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag féachaint siar ar Oireachtas na Gaeilge 1996 a reáchtáladh i nGaoth Dobhair 25 bliain ó shin.

Bronnfar Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2021 Dé Máirt an 26 Deireadh Fómhair agus craolfar an ócáid sin i mBaile Átha Cliath ar shuíomhanna TG4 agus an Oireachtais.

Fógrófar buaiteoirí Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2021 ar Chéadaoin na Féile agus beidh agallamh speisialta ar Raidió na Gaeltachta le hiarstiúrthóir an Oireachtais, Liam Ó Maolaodha, a chuaigh ar scor níos luaithe i mbliana.

Beidh Ceolchoirm an Oireachtais le feiceáil beo ar TG4 oíche Déardaoin (9.30pm). Beidh fonnadóirí agus lucht steipeanna, scéalaithe, ceoltóirí agus carachtair éagsúla eile le feiceáil le linn na coirme a chuirfidh Máire Treasa Ní Dhubhghaill agus Joe Ó Dónaill i láthair.

Déanfaidh Fiachna Ó Braonáin, Mairéad Ní Mhaonaigh agus John Spillane moltóireacht ar Chraobhchomórtas Amhrán Úrnua i nGaeilge oíche Dé hAoine.

Déanfar comóradh ar Sheán Ó Riada Dé Sathairn ag siompóisiam ar oidhreacht an cheoltóra agus an chumadóra ag 2pm agus craolfar ceolchoirm speisialta ina ómós ar Raidió na Gaeltachta ag 7pm. Craolfar an dara cuid de Cheolchoirm an Oireachtais ag 9.30pm Dé Sathairn ar TG4.

Aifreann an Oireachtais ó Shéipéal Chúil Aodha ar Raidió na Gaeltachta ag 11am ar an Domhnach a chuirfidh ceann ar imeachtaí na féile.

Is féidir clár iomlán na féile a fheiceáil anseo.

Fág freagra ar 'Cláir raidió, ócáidí bronnta agus ceolchoirmeacha ar chlár ar líne Oireachtas na Samhna'