Cláir bheo beartaithe ag craoltóirí na Gaeilge do chuairt an Phápa

Táthar ag súil go mbeidh an Ghaeilge ina cuid ‘lárnach’ de na hócáidí a bheidh ar siúl le linn chuairt an Phápa Proinsias ar Éirinn an deireadh seachtaine seo

Cláir bheo beartaithe ag craoltóirí na Gaeilge do chuairt an Phápa

Craolfar ceithre chlár beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta chomh maith le dhá eagrán speisialta de Nuacht TG4 agus Nuacht RTÉ mar chuid den tuairisciú a dhéanfar ar chuairt an Phápa ag an deireadh seachtaine.

Dhá lá a bheidh an Pápa Proinsias sa tír seo, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh. Tabharfaidh sé caint ag Cruinniú Domhanda na dTeaghlach i bPáirc an Chrócaigh amárach agus tabharfaidh sé cuairt maidin lá arna mhárach ar Chnoc Mhuire i gContae Mhaigh Eo sula bhfreastalóidh sé ar Aifreann i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath.

Beidh Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta, ag Aerfort Bhaile Átha Cliath maidin Dé Sathairn agus an clár Teacht an Phápa á chraoladh ar an stáisiún sin ó 9.30-11am.

Máirín Ní Ghadhra a chuirfidh an clár sin i láthair ó stiúideo Chasla agus beidh painéal cainteoirí ina teannta, ina measc an Dr. Gearóid Barry, léachtóir le Stair in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Gearóid Ó Fátharta, iarshagart a chaith seal blianta ag obair i Meiriceá Theas. Beidh Easpag na Gaillimhe, Breandán Ó Ceallaigh faoi agallamh ar an chlár freisin.

Maidin Dé Domhnaigh, craolfar an clár An Pápa i gCnoc Mhuire ag 9.30am ar Raidió na Gaeltachta, ina mbeidh Frances Nic Géadaigh ag tuairisciú beo ó Chnoc Mhuire. Beidh Máirín Ní Ghadhra sa stiúideo i gCasla arís agus aíonna éagsúla ina teannta, ina measc an tOllamh Tony Fahey ó Choláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath agus an tAthair Páraic Ó Neachtain a bhfuil beagnach trí scór bliain caite aige ina shagart san Afraic Theas.

Tabharfaidh an Pápa Proinsias aghaidh ar na Róimh arís ag 6.30in tráthnóna Dé Domhnaigh. Beidh an clár Imeacht an Phápa á chraoladh ar Raidió na Gaeltachta ag 6.20pm.

Cuirfear tús inniu, Dé hAoine, le clúdach RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an chuairt agus Iris Aniar á chraoladh beo ó Chnoc Mhuire i gContae Mhaigh Eo ó 9.15 -10.15am.

Cuirfidh an craoltóir Séamus Ó Scanláin faoi agallamh muintir na háite agus iad ag ullmhú do theacht an Phápa. Beidh aíonna éagsúla ar Iris Aniar, ina measc sagart agus bean rialta as an áit, an tAth. Stiofán Ó Fearachair agus an tSr. Maud Ní Mhurchú, agus baill den chór a bheas ag canadh le linn chuairt an Phápa ar Chnoc Mhuire ar an Satharn.

Beidh Nuacht TG4/RTÉ á chraoladh beo agus ar TG4 ar RTÉ ó Chnoc Mhuire tráthnóna Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh, agus beidh tuairiscí acu ón cheolchoirm i bPáirc an Chrócaigh agus ón ardchathair.

Sna heagráin de Nuacht TG4 a chraolfar Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh ag a 7in, déanfar tuairisciú ó ionaid éagsúla ar bhuaicphointí chuairt an Phápa.

Siún Nic Gearailt a chuirfidh na feasacháin ar TG4 agus RTÉ i láthair.

Maidin amárach, Dé Sathairn, a thiocfaidh an Pápa go hAerfort Bhaile Átha Cliath, áit a gcuirfear fáilte oifigiúil roimhe sula rachaidh sé go dtí Áras an Uachtaráin. Labhróidh sé le lucht riaracháin agus rialtais i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ina dhiaidh sin sula rachaidh sé go dtí an Leas-Ardeaglais. An tráthnóna sin tabharfaidh sé cuairt phríobháideach ar Ionad Lae na gCaipisíneach a dhéanann freastal ar dhaoine atá gan dídean. I bPáirc an Chrócaigh a chríochnóidh sé obair an lae nuair a thabharfaidh sé óráid ag Féile na dTeaghlach.

Tá súil le 70,000 duine ag mór-cheolchoirm Fhéile na dTeaghlach i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna Dé Sathairn. I measc na gceoltóirí a bheas ag seinm beidh Moya Brennan, amhránaí aitheanta as Gaoth Dobhair i nDún na nGall, muintir Bheaglaoich as Ghaeltacht Chiarraí, an ceoltóir tíre Daniel O’Donnell, The Priests agus Nathan Carter.

Beidh an Pápa Proinsias i gCnoc Mhuire maidin Dé Domhnaigh sula bhfillfidh sé ar Bhaile Átha Cliath le bheith i bPáirc an Fhionnuisce ag 2.30in mar a bhfuil rún aige an tseanmóir a thabhairt ag an Aifreann ansin. Tá leathmhilliún ticéad á gcur ar fáil d’Aifreann an Phápa agus 45,000 ticéad atá á gcur ar fáil don ócáid i gCnoc Mhuire. Tabharfaidh an Pápa aghaidh ar na Róimh arís ag 6.30in tráthnóna Dé Domhnaigh.

Táthar ag súil go mbeidh an Ghaeilge ina cuid “lárnach” de na hócáidí a bheidh ar siúl le linn chuairt an Phápa Proinsias ar Éirinn agus beidh an teanga sa treis ag Aifreann an Phápa i bPáirc an Fhionnuisce.

Thug urlabhraí ó Chruinniú Domhanda na dTeaghlach, lucht eagair na féile a bheas ar siúl le linn cuairt an Phápa, le fios do Tuairisc.ie roinnt seachtainí ó shin go mbeidh “cuid mhaith” d’Aifreann an Phápa i nGaeilge agus go mbeidh an Ghaeilge agus cultúr na nGael lárnach in imeachtaí na féile.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Brenda Drumm ó Chruinniú Domhanda na dTeaghlach go raibh “iarracht speisialta” á déanamh ag lucht na féile i mbliana deis a thabhairt don 12,000 cuairteoir idirnáisiúnta “eolas a chur ar an nGaeilge”.

Dúirt sí go mbeidh An Chéad Léacht agus ceann de phaidreacha Ghuí an Phobail i nGaeilge ag an Aifreann mór. Ceolfar chomh maith na paidreacha Gaeilge ‘A Thiarna déan trócaire’,  ‘A Uan Dé’ agus leagan Sheáin Uí Riada den ‘Ár nAthair’. Beidh dhá iomann eile i nGaeilge ag Aifreann an Phápa freisin a bheas ar siúl Dé Domhnaigh 26 Lúnasa.

Tar éis don Phápa cuairt a thabhairt ar Chnoc Mhuire, fillfidh sé ar Bhaile Átha Cliath le bheith i bPáirc an Fhionnuisce ag 2.30in an tráthnóna sin. Táthar ag súil le leathmhilliún duine ag Aifreann an Phápa.

Dúirt Brenda Drumm go raibh sé “an-tábhachtach” do lucht eagair na féile go mbeadh “áilleacht na Gaeilge” i lár an aonaigh sna himeachtaí a bheas ar siúl mar chuid den fhéile.

“Nuair a chloistear an Ghaeilge i gcomhthéacs idirnáisiúnta, buaileann taom mórtais tú,” a dúirt sí.

Cé nach fios go fóill cibé an labhróidh an Pápa Proinsias féin aon fhocal Gaeilge le linn a chuairte, dúirt Drumm go raibh sí “dóchasach” go ndéanfadh sé amhlaidh, mar a rinne an Pápa Eoin Pól II i 1979.

Fág freagra ar 'Cláir bheo beartaithe ag craoltóirí na Gaeilge do chuairt an Phápa'