Clabhsúr á chur ag Corcaigh agus Cill Chainnigh ar mhí na gcluichí ceannais

Tabharfaidh Corcaigh agus Cill Chainnigh aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais camógaíochta na hÉireann den chéad uair ó 2018 inniu

Clabhsúr á chur ag Corcaigh agus Cill Chainnigh ar mhí na gcluichí ceannais

Corcaigh v Cill Chainnigh – Páirc an Chrócaigh, 4.15pm (Beo ar RTÉ)

Tiocfaidh deireadh le mí na gcluichí ceannais i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna nuair a imreofar cluiche ceannais Chraobh Shinsir na camógaíochta. Tar éis do Luimneach, Ciarraí agus An Mhí craobhacha uile-Éireann a thabhairt leo le trí dheireadh seachtaine anuas, Corcaigh agus Cill Chainnigh atá anois ag iarraidh go mbeadh cúis mhór cheiliúrtha acu an fómhar seo. 

Le dua a bhuaigh an dá fhoireann a gcluichí leathcheannais ach is cinnte gur Chill Chainnigh ba shásta a bhí tar éis dóibh Gaillimh, curaidh na bliana seo caite, a dhíbirt ón gcraobh coicís ó shin.

Is in aghaidh Phort Láirge a bhí Corcaigh sa chluiche eile agus measadh roimhe nach gcuirfeadh sé an iomarca dua ar Chorcaigh na Déisigh a chur de dhroim seoil, in ainneoin an dul chun cinn atá déanta ag Port Láirge. Níor mar sin a tharla, áfach, agus bhí Corcaigh go mór i mbaol ar feadh píosa. Níor éirigh leo scór ar bith a aimsiú i bPáirc an Chrócaigh go dtí an 25ú nóiméad, tráth a raibh Port Láirge cúig phointe chun tosaigh. Rinne Corcaigh teacht aniar láidir sa dara leath, áfach, agus bua cúig phointe sa deireadh acu.

B’fhéidir nach ndéanfaidh sé aon dochar do mhná Chorcaí gur baineadh croitheadh astu. B’fhearr go dteipfeadh ort sa chéad leath de chluiche leathcheannais ná sa chluiche ceannais agus d’fhéadfadh sé cabhrú le Corcaigh díriú isteach ar a bhfuil le déanamh acu in aghaidh na gCat, má bhí sin ag teastáil. Tháinig Tiobraid Árann aniar aduaidh ar Chorcaigh i mbabhta na ngrúpaí freisin agus údar imní atá ann nach bhfuil Corcaigh ag baint barr a maitheasa amach.

Beidh an taithí atá ag an bhfoireann tábhachtach. Tá Matthew Twomey ina chéad bhliain mar bhainisteoir ar Chorcaigh, agus Davy Fitzgerald tugtha isteach aige mar roghnóir, ach bhí Ashling Thompson, Laura Treacy agus Katrina Mackey ar fhoireann Chorcaí a bhuaigh Craobh na hÉireann in 2013 agus an beart déanta ar an lá mór ag leithéidí Amy O’Connor, Libby Coppinger agus Hannah Looney.

Níl aon easpa taithí ag cur as d’fhoireann Chill Chainnigh ach an oiread agus Craobh na hÉireann buaite acu dhá bhliain ó shin, ach is mó an tairbhe d’fhoireann Brian Dowling a n-aistear go dtí cluiche ceannais na bliana seo.

Chríochnaigh na Cait agus Gaillimh ar comhscór théis coimhlint dhochreidte sa chluiche deireanach i mbabhta na ngrúpaí agus thug Áth Cliath tástáil mhaith dóibh freisin sna babhtaí ceathrú ceannais. Is é an bua in aghaidh na Gaillimhe cúpla seachtain ó shin is mó a thabharfaidh muinín do Chill Chainnigh, áfach.

Bhí Gaillimh sa choimhlint go dtí an buille deireanach ach d’imir na Cait go ceannasach i rith na huaire agus sheas siad an fód nuair ba ghá. Bhí an cúl báire Aoife Norris ar fheabhas ar fad sa chluiche sin agus tá Miriam agus Grace Walsh, Katie Nolan agus Michelle Teehan uile ag dul go maith do Chill Chainnigh. Tá ag éirí thar barr freisin le Julianne Malone, atá ar ais i ngeansaí na gCat i mbliana den chéad uair ó 2018.

Is í seo an t-ochtú huair ag Cill Chainnigh an cluiche ceannais a bhaint amach le deich mbliana anuas ach níl an chraobh tugtha cois na Feoire ach faoi dhó sa tréimhse sin – in 2016 nuair a bhuadar ar Chorcaigh agus in 2020 nuair a sháraíodar Gaillimh. Beidh siad ar a ndícheall ag iarraidh a chinntiú nach gcaillfear deis eile tráthnóna.

Fág freagra ar 'Clabhsúr á chur ag Corcaigh agus Cill Chainnigh ar mhí na gcluichí ceannais'