Ciste nua €2 mhilliún fógartha do chláir theilifíse agus raidió Gaeilge

€10.5 milliún breise ar fad a fógraíodh don scéim Fuaim agus Fís ag Údarás Craolacháin na hÉireann do 2022, ag áireamh €5 mhilliún do chláir faoin athrú aeráide

Ciste nua €2 mhilliún fógartha do chláir theilifíse agus raidió Gaeilge

Tá ciste nua €2 mhilliún do chláir theilifíse agus raidió Gaeilge fógartha ag Aire na Gaeltachta.

€10.5 milliún breise ar fad a fógraíodh do scéim ‘Fuaim agus Fís’ Údarás Craolacháin na hÉireann do 2022.

Cuirfear €5 milliún den airgead breise ar leataobh do chláir faoin athrú aeráide.

€2 mhilliún a chuirfear ar fáil don cheol beo agus cuirfear an €1.5 milliún eile ar fáil do thionscadail eile na scéime ‘Fuaim agus Fís’.

Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, go raibh sí “bródúil” as “tús áite” a thabhairt don athrú aeráide leis an gciste nua.

Maidir leis an maoiniú breise don Ghaeilge, dúirt Catherine Martin go gcabhródh an €2 milliún leis an Rialtas na gealltanais atá tugtha acu i leith na Gaeilge a chomhlíonadh.

“Tá lúcháir orm a bheith in ann €2 mhilliún breise a leithdháileadh chun cláir Ghaeilge ar ardchaighdeán a chruthú tríd an scéim Fuaim agus Fís, agus táim ag tnúth le bheith féachaint ar agus ag éisteacht leis an ábhar a léireofar leis an maoiniú breise seo.”

Fág freagra ar 'Ciste nua €2 mhilliún fógartha do chláir theilifíse agus raidió Gaeilge'

  • Pól Ó Braoin

    Ná déan dearmad an chorrfhógraíocht bheag a thabhairt don Fháinne Nua ar an teilifís. Níl a fhios ag an bpobal níos mó céard é…