Ciste €8.3 billiún a bheidh ag an Rialtas sa chéad bhuiséad eile

Ní den chéad uair, beidh a Riail Caiteachais Náisiúnta féin á sárú ag an Rialtas

Ciste €8.3 billiún a bheidh ag an Rialtas sa chéad bhuiséad eile

An tAire Airgeadais nuacheaptha, Jack Chambers. Pictiúr: RollingNews.ie

Beidh Buiséad 2025 bunaithe ar phacáiste caiteachais €8.3 billiún inniu, de réir Ráiteas Eacnamaíoch Samhraidh an Rialtais, a fógraíodh inniu.

Beidh Buiséad 2025 á fhógairt ar an 1 Deireadh Fómhair, seachtain níos luaithe ná mar a bhí beartaithe.  Caiteachas poiblí breise €6.9 billiún a bheidh i gceist agus €1.4 billiún a chuirfear ar leataobh do chiorruithe cánach.

De réir na bhfigiúirí sin, is ardú 6.9% ar chaiteachas a bheidh ann in 2025, rud a chiallaíonn, ní den chéad uair, go mbeidh a Riail Caiteachais Náisiúnta féin á sárú ag an Rialtas. Faoin riail sin níor cheart an caiteachas náisiúnta a ardú níos mó ná 5%.

Tá foláireamh tugtha don Rialtas ag Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann, agus ag an mBanc Ceannais go bhféadfadh pacáiste buiséid rófhlaithiúil borradh rómhór a chur faoi gheilleagar atá ag fás cheana féin.

Ach deir an tAire Airgeadais nuacheaptha, Jack Chambers, agus an Rialtas, gur socraíodh an pacáiste chun go bhféadfaí infheistíocht chaipitil níos mó a dhéanamh agus feabhas a chur ar sheirbhísí poiblí tráth a bhfuil an daonra méadaithe níos mó ná mar a bhíothas ag súil leis.

Seo an chéad bhuiséad ag Chambers, iar-aire stáit na Gaeltachta, a ceapadh ina aire airgeadais coicís ó shin.

Dúirt an Taoiseach, Simon Harris, go ndéanfaí iarracht sa Bhuiséad “cothromaíocht” a fháil idir tacú le daoine atá thíos leis an ngéarchéim costas maireachtála agus a bheith stuama ó thaobh caiteachais.

Mhaígh polaiteoirí de chuid an fhreasúra gur léir gurb é a bhí sa Ráiteas Eacnamaíoch Samhraidh ná léargas gur buiséad lán féiríní d’fhonn vótaí a mhealladh a bhí beartaithe ag an Rialtas.

Is é Buiséad 2025 an ceann deireanach roimh an chéad olltoghchán eile.

Fág freagra ar 'Ciste €8.3 billiún a bheidh ag an Rialtas sa chéad bhuiséad eile'