Ciste €5 milliún curtha ar fáil do chomhlachtaí Gaeltachta atá buailte ag Covid-19

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, an Seanadóir Seán Kyne, inniu go mbeadh teacht ag cliantchomhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta ar sciar áirithe den Chiste Cothaithe Fiontair

Ciste €5 milliún curtha ar fáil do chomhlachtaí Gaeltachta atá buailte ag Covid-19

Tá ciste €5 milliún curtha ar fáil ag an Rialtas do chomhlachtaí Gaeltachta atá buailte de bharr ghéarchéim Covid-19.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, an Seanadóir Seán Kyne, inniu go mbeadh rochtain ag cliantchomhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta ar mhaoiniú faoin gCiste Cothaithe Fiontair.

Ciste €180 milliún atá ar fáil do na háisíneachtaí Stáit a bhfuil cúraimí fiontraíochta orthu faoin gciste atá seolta ag an Roinn Fiontair, Gnó agus Nuálaíochta i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach.

Tá an ciste dírithe ar chomhlachtaí a raibh tionchar ag COVID-19 ar a ngnó agus a bhfuil ar a laghad deichniúr fostaithe acu. Ní mór do na comhlachtaí a bheith inmharthana.

Dúirt an tAire Stáit Gaeltachta, an Seanadóir Seán Kyne, go bhfuil súil aige go sásóidh an maoiniú seo an t-éileamh atá ag comhlachtaí sa Ghaeltacht ar chuidiú faoi láthair.

“Tá áthas orm a dheimhniú gur féidir le cliantchomhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta rochtain a fháil ar an réimse iomlán tacaíochtaí faoin gCiste Cothaithe Fiontair tríd an Údarás, atá ag feidhmiú i gcomhar le Fiontraíocht Éireann atá á riaradh go náisiúnta,” arsa an Seanadóir Kyne.

“Táthar ag súil go mbeidh an €5 milliún seo mar thús chun freastal ar an éileamh reatha ó chliantchomhlachtaí an Údaráis agus déanfar breithniú air de réir mar leanann sé ar aghaidh.”

Chuir Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, fáilte roimh an maoiniú agus dúirt sé go raibh an tÚdarás ag obair “go dúthrachtach” le cúpla mí anuas chun tacú le comhlachtaí Gaeltachta atá buailte ag paindéim COVID-19.

“Léiríonn an fógra seo an dea-thionchar ar an nGaeltacht a eascraíonn as an gcomhoibriú eadrainn féin agus Fiontraíocht Éireann, an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus an Roinn Fiontair, Gnó agus Nuálaíochta,” arsa Ó hÉanaigh.

Mhol an tAire Stáit Seán Kyne do ghnólachtaí beaga ar fud na Gaeltachta iarratas a dhéanamh ar an Deontas Atosaithe, scéim faoina bhfuil €250 milliún curtha ar fáil ag an Rialtas trí na hÚdaráis Áitiúla chun cuidiú le gnólachtaí beaga atá ag oscailt arís.

Fág freagra ar 'Ciste €5 milliún curtha ar fáil do chomhlachtaí Gaeltachta atá buailte ag Covid-19'