Tá €120,000 a chur ar fáil d’fhorbairt dhá thogra turasóireachta i nGaeltacht na Gaillimhe fógartha ag Údarás na Gaeltachta – Cósta Gaelach Chonamara agus Árann agus Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna.
€60,000 an ceann, thar thréimhse dhá bhliain, a thabharfar don dá thogra chun tacú leo i dtaobh bhainistíocht na forbartha, na margaíochta agus an fheidhmiúcháin. Tá an dá thogra i mbun earcaíochta faoi láthair agus poist fógartha ag an dá thogra inniu.
Táthar ag súil go gcuideoidh Cósta Gaelach Chonamara agus Árann leis an earnáil turasóireachta a neartú i nGaeltacht Chonamara. Díreoidh Cósta Gaelach Chonamara agus Árann ar thurasóirí a mhealladh chun blaiseadh d’acmhainní nádúrtha na Gaeltachta, idir theanga, chultúr, oidhreacht agus timpeallacht.
Is grúpa margaíochta agus forbartha gnó atá i gceist le Cósta Gaelach Chonamara agus Árann, agus dúradh go mbeidh sé bunaithe ar an múnla a bhíodh ag ‘Cósta Chonamara’ i gConamara sna nóchaidí.
Tá Cósta Gaelach Chonamara ag súil le margaíocht a dhéanamh ar ar Ghaeltacht Chonamara “mar ‘cheann scríbe’ turasóireachta”.
Tá faoi Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna “léiriú agus cuntas a thabhairt ar an imirce as Conamara agus ar an lorg a d’fhág sí ar an gceantar” agus súil acu chomh maith cur le “forbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chultúrtha an cheantair”.
Méara Bhoston Marty Walsh a dhéanfaidh an tIonad a oscailt go hoifigiúil ar an 12 Bealtaine.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh gur chúis áthais dó an maoiniú a fhógairt. “Tá ríméad orainn a bheith in ann tacaíocht do dhá thogra turasóireachta straitéiseach Gaeltachta eile a fhógairt inniu faoinár Scéim Forbartha Bainistíochta Turasóireachta.
“Tá cúrsaí turasóireachta ina ngné lárnach de straitéis Údarás na Gaeltachta do na trí bliana atá romhainn agus tá sé ríthábhachtach dúinn forbairt a dhéanamh ar an acmhainn bainistíochta seo agus a chinntiú go bhfuil na scileanna riachtanacha cuí i gcomhair bainistíocht tograí turasóireachta ar fáil sna ceantracha Gaeltachta.”
Fág freagra ar 'Ciste €120,000 á chur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta d’fhorbairt ‘Cósta Gaelach Chonamara’ agus Ionad Cuimhneacháin Charna'