Ciste cúitimh €1.7 milliún fógartha do choláistí samhraidh na Gaeltachta

Faoin gciste nua cuirfear buníocaíocht idir €500 agus €7,000 agus íocaíocht €75 in aghaidh an scoláire ar fáil do choláistí incháilithe

Ciste cúitimh €1.7 milliún fógartha do choláistí samhraidh na Gaeltachta

Tá ciste cúitimh €1.7 milliún fógartha ag Airí na Gaeltachta do choláistí samhraidh na Gaeltachta.

Fógraíodh pacáistí faoisimh cheana do mhná tí na Gaeltachta agus do na hallaí pobail a chuireann áiseanna ar fáil do na coláistí samhraidh ach bhí lucht stiúrtha na gcoláistí féin fós ag fanacht ar fhógra faoi thacaíocht na Roinne.

Faoin gciste nua, cuirfear buníocaíocht idir €500 agus €7,000 agus íocaíocht €75 in aghaidh an scoláire ar fáil do choláistí incháilithe.

€142,000 an méid is mó ar féidir le haon choláiste amháin a fháil. Chaithfeadh 2,000 scoláire a bheith ag coláiste i samhradh 2019 chun an méid sin cúitimh a fháil.

Dúradh go gcuideodh an cúiteamh le coláistí “costais riaracháin, árachais agus cothabhála a chlúdach don bhliain reatha”.

D’fhógair an Roinn chomh maith inniu go bhfuiltear “sásta mar eisceacht” gearrchúrsaí seachtaine nó coicíse idir seo agus an samhradh seo chugainn a aithint faoi scéim na Roinne.

Cuireadh na coláistí samhraidh ar ceal don dara bliain as chéile i mbliana de dheasca an Covid-19 ach bhí ceist ann faoin gcúiteamh a d’íocfaí leis na coláistí féin.

Thug an Roinn rabhadh d’úinéirí na gcoláistí gan a bheith ag brath ar an gcúiteamh céanna a fuair siad anuraidh a fháil i mbliana. Is chun éarlaisí a aisíoc le tuismitheoirí a cuireadh formhór an chiste cúitimh €3.1 milliún ar fáil do na coláistí samhraidh anuraidh.

I dtuarascáil a cuireadh faoi bhráid Thithe an Oireachtais an mhí seo moladh go n-íocfaí an cúiteamh paindéime céanna leis na coláistí féin is a íocadh leo an samhradh seo caite.

Fógraíodh mí Iúil ciste €2.2 milliún do na mná agus fir tí a chuireann lóistín ar fáil do na scoláirí a thagann go dtí an Ghaeltacht sa samhradh ag foghlaim na Gaeilge. Ciste €240,000 a fógraíodh do na hallaí pobail i mbliana.

Dúirt an tAire Gaeltachta Catherine Martin go raibh “tábhacht ar leith” ag baint le hearnáil na gcoláistí samhraidh sa Ghaeltacht “idir na deiseanna foghlama agus saibhrithe teanga a thugann siad do dhaoine óga, agus an teacht isteach luachmhar do na teaghlaigh agus pobail Ghaeltachta atá ag brath ar an ioncam sin”.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, go rachadh fógra an lae inniu chun leas na gcoláistí agus go gcinnteodh sé go mbeadh “teacht aniar rathúil” i ndán dóibh an bhliain seo chugainn.

Fág freagra ar 'Ciste cúitimh €1.7 milliún fógartha do choláistí samhraidh na Gaeltachta'