Casadh dream daoine ar a chéile in Ardeaglais Naomh Pádraig I mBaile Átha Cliath an oíche cheana. Ar an gcéad amharc shilfeá nach raibh mórán i bpáirt lena chéile acu – Gardaí Síochána, Iarchoimisinéir na nGardaí, Déin na hArdeaglaise, club óige ó lár na cathrach, peileadóirí óga, Ambasadóirí, Ard-Mhéara na cathrach, lucht oiliúna ó ollscoil i Sasana agus daoine ó shaol na teilifíse.
Bhíodar tagtha le chéile chun breathnú ar an gcéad léiriú den chlár faisnéise A Town Called Pyla. Ar bhealach amháin nó bealach eile bhí suim nó ceangal acu ar fad leis an ábhar a bhí sa scannán uair a’ chloig.
Bhí mé féin ag súil go mór lena fheiceáil toisc go raibh mé ar an láthair leis an leathbhádóir agus a chriú teilifíse Meán Fómhair seo caite nuair a bhíodar ag tabhairt athchuairt ar Pyla chun an scéal a thaifeadadh.
In oileán na Cipire atá an baile beag Pyla. Agus is é an rud atá neamhghnách faoi ná go maireann dhá phobal, atá in ainm is a bheith naimhdeach dá chéile, taobh le taobh ann. Sin iad na Cipirigh Thurcacha agus na Cipirigh Ghréagacha. Tá an baile Pyla suite ar an líne a thrasnaíonn an t-oileán – an ‘buffer zone’ mar a thugtar air.
Is cuimhin liom féin an chaint faoin gCipir nuair a bhíodh saighdiúirí de chuid na hÉireann ag dul ann mar chuid d’fhórsaí na Náisiún Aontaithe. Bhí mé ró-óg le ciall ar bith a bhaint as an gcogadh a bhris amach idir fórsaí na Gréige agus na Tuirce ansin ach ba é an deireadh a bhí air ná gur scar an dá phobal óna chéile. Tá Pyla ar an aon bhaile amháin ina maireann siad taobh le taobh sa lá inniu.
Chuaigh garda óg as Baile Átha Cliath ar dualgas leis na Náisiúin Aontaithe ann roinnt mhaith blianta ó shin – lár na nóchaidí – agus chuaigh muintir na Cipire agus go háirithe pobal Pyla go mór i gcion air. Sa lá inniu, is Bleachtaire Ard-Cheannfort sna gardaí é Brian Woods agus é ar dualgas den chuid is mó i lár na cathrach cé go bhfuil cúram uile-Éireann air (cibearshlándáil). Tá ceangal ar leith aige le club óige Belvedere (níl aon bhaint ag an gclub leis an scoil cháiliúil).
I measc na n-imeachtaí a chuirtear chun cinn sa chlub, a dhíríonn ach go háirithe ar dhaoine óga as lár na cathrach, tá an pheil, is é sin sacar. Agus tugtar chuile chúnamh agus ugach do dhaoine óga, idir bhuachaillí is chailíní, dul chun cinn a dhéanamh sa pheil.
D’fhás smaoineamh neamhghnách as na heilimintí sin ar fad agus tá tionscnamh spéisiúil ar bun anois faoi scáth Ollscoil Lancaster, Comhairle bhaile Pyla agus Brian Woods agus a chomhghleacaithe. Séard is aidhm leis ná ‘scileanna saoil’ a mhúineadh do dhaoine óga – ‘Gateway to Life Skills’ a thugtar air. Tugann dreamanna éagsúla ar nós Google agus Ardeaglais Naomh Pádraig cúnamh dóibh freisin.
Thug an criú teilifíse cuairt ar Pyla den chéad uair in earrach na bliana seo caite le roinnt scannánaíochta a dhéanamh tráth a raibh ceiliúradh 60 bliain á dhéanamh ar chéad mhisean síochána na Náisiún Aontaithe ansin.
An geábh seo, tháinig scata daoine óga ón gclub óige Belvedere in éineacht linn agus bhíodar le seachtain a chaitheamh in éineacht le daoine óga ón gCipir – daoine óga ón dá phobal ar an oileán.
I rith na seachtaine ba léir go raibh na dreamanna éagsúla ag réiteach go maith lena chéile – cé gur thóg sé tamall orthu dul i gcleachtadh ar a chéile. B’oscailt súl do mhuintir na Cipire an cumas peile a bhí ag na hÉireannaigh óga.
Oscailt súl a bhí ann dúinne freisin. Bhí a fhios againn go raibh scileanna ar leith ag duine nó beirt acu ach leath mo dhá shúil nuair a chonaic mé iad ar an bpáirc pheile.
D’fhás Halle Harcourt aníos i lár na cathrach agus í sáite i saol an tsacair – bhí gaolta léi ar an dá thaobh ag imirt agus ag tabhairt misneach di ó bhí sí an-óg. Chuaigh radharc amháin sa scannán go mór i bhfeidhm ar an lucht féachana –Halle agus a cara Toni (14 bliana d’aois) ag cur comhairle ar Uachtarán an chumainn sacair i Pyla, Kikis Mytides, faoin mbealach le cailíní a chur ag imirt sacair.
D’inis na cailíní ó thuaisceart na Cipire dúinne faoin tubaiste a bhuail a gcairde agus a gcuid múinteoirí nuair a tharla crith talún sa Tuirc agus iad ar cuairt ann ag imirt cispheile i Feabhra 2023. Chuaigh an tragóid sin go mór i bhfeidhm ar an dream óg as Baile Átha Cliath. Thaispeáin siad póstaer mór – pictiúr mór millteach de na daoine ar fad a maraíodh sa chrith talún agus muid ar cuairt ar an tuaisceart – agus é crochta i lár bhaile Famagusta.
Seans gur chuimhnigh an dream óg as Baile Átha Cliath ar na fadhbanna a luaitear go minic le lár na cathrach sa mbaile – ní dócha go mbeidh crith talún marfach ar cheann acu sin go deo.
Labhair roinnt de na haíonna ag deireadh an léirithe agus iad ar fad ag déanamh comhghairdis leis an dream a ghlac páirt agus a stiúraigh an tionscnamh. Duine de na cainteoirí ab ea iarChoimisinéir na nGarda, Noreen O’Sullivan. Bhí an-chur amach aici ar Pyla, toisc gur mhinic a thug sí cuairt oifigiúil air. Beidh an grúpa stiúrtha ó Gateway ag dul chun na Cipire arís an bhliain seo chugainn le dream óg eile. Agus i mbliana tabharfaidh siad dream as an gCipir ar cuairt go Baile Átha Cliath freisin. Beifear ag súil go mbeidh roinnt peileadóirí ban ina measc faoin am sin.
Agus muid ar tí filleadh abhaile ón dara cuairt an fómhar seo caite, fuair Halle an scéala go raibh sí roghnaithe ar fhoireann na hÉireann do chailíní faoi 16. Agus ó shin, tá sí tar éis imirt ar son na tíre trí huaire agus trí chúl faighte aici. Faoi láthair imríonn sí do chlub Shelbourne. Is é mian a croí imirt i gCorn an Domhain. B’fhiú súil a choinneáil uirthi – anseo a chuala sibh fúithi an chéad uair! Halle Harcourt.
Fág freagra ar 'Cipirigh óga Thurcacha, Cipirigh óga Ghréagacha agus daoine óga as Baile Átha Cliath ag cur aithne ar a chéile'