Cíoradh den scoth ar charachtar Sherlock Holmes ach an bhleachtaireacht ‘bunúsach’ go maith

LÉIRMHEAS: Ní hé seo Sherlock an chaipín ach Sherlock daonna na seanaoise, idir chraiceann agus chnámha

Sherlock

Holmes

Stiúrthóir: Bill Condon

Cliar: Ian McKellen, Milo Parker, Laura Linney

Dar liom nach bhfuil aon charachtar ficseanúil atá léirithe an oiread sin babhtaí is atá fear 221 Baker Street. Go deimhin, i láthair na huaire, tá ceithre tháirge ag faoileáil timpeall ag iarraidh lorg charachtar Arthur Conan Doyle a leanúint: an léamh Meiriceánach – Elementary (le Johnny Lee Miller agus Lucy Liu); an léamh Sasanach – Sherlock (Benedict Cumberbatch agus Martin Freeman) agus an leagan don scáileán mór mar a bhfuiltear ar gor ar bhuille scoir thrílóg Robert Downey Jr. agus Jude Law.

Ba i ndeireadh na naoú haoise déag a gineadh an carachtar suaithinseach seo i scioból samhlaíochta in Albain. Níorbh fhada go raibh sé á theilgean ar scáileán, agus na chéad léirithe le feiscint ag tús an chéid seo caite. Ba é The Hound of the Baskervilles (1939), áƒach a bhunaigh an íomhá den bhleachtaire leis an gcaipín fiagaí agus píp agus a bhronn stádas íocónach ar Basil Rathbone, dá réir.

Is liosta le háireamh iad na saothair atá tagtha os ár gcomhair i gcaitheamh na mblianta agus gach ceann acu ag iarraidh guailleáil isteach i bpáiste éigin: a óige, bean mar Watson, léamh comhaimseartha srl. Fan na slí tá comaoin curtha ar an iliomad táirgí ó Poirot agus Marple go Jessica Fletcher agus an CSI uileláithreach.

Níl aon dabht ná go n-éiríonn leis an saothar seo léamh sainiúil faoi leith a dhéanamh. Go deimhin, tá an oiread sin tochailte agus claochlaithe anseo gur ar éigean a d’aithneofá an príomhcharachtar.

Tá eachtraí an scannáin seo suite in Sussex na bliana 1947 le fear an teidil (McKellen) éirithe as a chuid bleachtaireachta agus ar a sháimhín só ag tabhairt aire dá chuid beach. Tá meath na seanaoise ar Holmes atá trí bliana déag le cois an cheithre scór. Luíonn seo go trom air óir tá sé ag iarraidh a chuimhní cinn ar chás faoi leith a bhreacadh. Ba í an mhistéir sin, a tharla 30 bliain roimhe sin, a spreag é lena chaipín a chaitheamh leis an gcúram, ach, ar an drochuair, tá na sonraí imithe sa bhfraoch air.

Seo linn ar bhróithríní an iardhearcaidh go Londain 1919 agus Holmes ag iarraidh ciall a dhéanamh dá mheabhair agus cuimhní. Tugann cúpla iardhearcadh eile (gur cuma ann nó as iad i ndáiríre) éacthaint ar a thuras chun na Seapáine le teacht ar phlanda a thabharfadh grinneas cuimhne dó. Is mó do chomhrac a dhéanann Sherlock lena chuimhne féin ná mar a dhéanann sé le haon bhithiúnach nó mistéir, agus baineann an téama seo macallaí as The Iron Lady (2011).

Thiocfadh daoine go táirge Sherlock le tnutháin faoi leith agus muna bhfuil cló beag an scannáin seo léite acu, beidh díomá orthu, díreach mar a bhí le táirge Thatcher agus muc ar gach mala ag saoithiní na polaitíochta.

Bheadh daoine ag súil leis an gcarachtar seanchaite, mistéir, bleachtaireacht agus iardhearcadh ag an deireadh le gach rud a mhíniú. Is beag de na tréithe sin atá le feiscint anseo agus go deimhin tá na míreanna bleachtaireachta neafaiseach agus áiféiseach.

Ní hé sin ach é seo: cíoradh ar charachtar fir seo atá sna Táin agus ina chadhain aonair, é ciaptha ag mearbhall, ag gníomhartha danartha agus easpa gnímh.

Tugann McKellen taispeántas tomhaiste, machnamhach uaidh agus ligeann Condon (Dreamgirls -2006 agus Kinsey- 2004) don scéal bogadh ar aghaidh ar a bhogstró. Ní hé seo Sherlock an chaipín ach Sherlock daonna na seanaoise, idir chraiceann agus chnámha.

 

Fág freagra ar 'Cíoradh den scoth ar charachtar Sherlock Holmes ach an bhleachtaireacht ‘bunúsach’ go maith'