Cíor thuathail pholaitiúil sa Bhrasaíl

Agus todhchaí pholaitiúil an uachtaráin reatha Dilma Rousseff agus an iar-uachtaráin iomráitigh Lula i mbaol sa Bhrasaíl, is deacair a rá céard a tharlóidh sna seachtainí atá romhainn i dtír nach léir a thuilleadh cé atá i gceannas inti, a scríobhann ár gcolúnaí.

Lula_Pernambuco115935

Samhlaigh go gceapfaí Bertie Ahern ina Thánaiste i gcomhrialtas nua in Éirinn, ach go mbeadh a fhios ag madraí an bhaile gurb eisean, agus ní pé Taoiseach a cheapfaí, a bheadh i gceannas ar an tír i ndáiríre.

Samhlaigh ansin go gcuirfí ceapachán Bertie ar fionraí trí nóiméad glan i ndiaidh na hócáide insealbhaithe.

Samhlaigh ina dhiaidh sin go gcuirfí tús, an lá céanna, le próiseas chun táinseamh a dhéanamh ar Mhícheál D. Ó hUiginn.

Samhlaigh ar deireadh go raibh comhráite teileafóin idir Mícheál D. agus Bertie Ahern á dtaifeadadh ag na Gardaí agus á dtabhairt do na meáin chumarsáide ag ionchúisitheoir poiblí.

Sin, go bunúsach, a tharla sa Bhrasaíl le cúpla lá anuas.

Dé Céadaoin, d’fhógair uachtarán reatha na Brasaíle, Dilma Rousseff, go mbeadh an fear ar tháinig sí i gcomharbacht air, an t-iaruachtarán iomráiteach Lula, á cheapadh aici mar Cheann Foirne, an post is airde sa rialtas.

Bhí an ceapachán sin conspóideach ar dhá chúis.

I dtosach, tá a fhios ag madraí an bhaile sa Bhrasaíl go dteastaíonn ó Lula, a bhí ina uachtarán idir 2002 agus 2010, seasamh don uachtaránacht arís sa chéad toghchán uachtaránachta eile, i bhFómhar na bliana 2018. Agus é ina Cheann Foirne i rialtas Rousseff, bheadh ocht mí dhéag aige le bheith i mbun feachtais ar airgead an stáit.

Dá dtoghfaí Lula in 2018 agus arís in 2022, bheadh a pháirtí polaitiúil, Páirtí na nOibrithe (PT), lena mbaineann Dilma Rousseff freisin, i gceannas ar an mBrasaíl ar feadh ceithre bliana fichead gan bhriseadh. Ach tá an páirtí céanna, a tharraing na scórtha milliún duine ón mbochtanas agus a n-éiríonn go maith leis i dtoghcháin dá bharr, fite fuaite leis an scannal calaoise is mó i stair na Brasaíle, scannal a bhaineann leis an gcomhlacht ola leathstáit, Petrobras.

Tá Lula é féin luaite leis an scannal sin. Coicís ó shin, choinnigh na póilíní feidearálacha é agus rinneadh seó bóthair den cheistiúchán. An tseachtain seo, ba í tuairim na coitiantachta go raibh na póilíní feidearálacha ar tí é a ghabháil.

Go dtí gur fhógair Dilma Rousseff, Dé Céadaoin, go raibh sé le ceapadh mar Cheann Foirne. Sin an dara cúis go bhfuil oiread conspóide ag baint lena cheapachán.

Agus post sa rialtas aige, bheadh Lula slán ó na hionchúisitheoirí poiblí atá sna sála air. Ní fhéadfadh ach Cúirt Uachtarach Fheidearálach na tíre (ar ainmnigh sé féin agus Dilma Rousseff móramh na mbreitheamh inti) breith a ghearradh ar pé líomhaintí a chuirfí ina leith.

Ní raibh ceapachán Lula ach fógartha ag Rousseff nó gur sceith an breitheamh atá i gceannas ar fhiosrúchán scannal Petrobras, Sérgio Moro, taifeadtaí fuaime de chomhráite teileafóin idir Rousseff agus Lula a léireodh gur ar mhaithe le cosaint ón dlí a thabhairt do Lula a bhí an post rialtais á thabhairt dó ag Rousseff.

Is ea, tá tú á léamh i gceart: ní hamháin go ndearnadh comhráite teileafóin idir uachtarán reatha agus iar-uachtarán na Brasaíle a thaifeadadh, ach chuir breitheamh na taifeadtaí sin ar fáil do na meáin chumarsáide.

Ina ainneoin sin, agus in ainneoin na léirsithe a tharla i gcathracha éagsúla sa Bhrasaíl oíche Chéadaoin, insealbhaíodh Lula mar Cheann Foirne maidin Déardaoin.

Ach.

Ní raibh sé ach insealbhaithe, nó gur cuireadh a cheapachán ar fionraí. Chuir breithiúna éagsúla sa Bhrasaíl orduithe dlí amach a choscann ar Lula dul i mbun oibre mar Cheann Foirne, ag rá nach bhfuil i gceapachán Lula ach iarracht é a thabhairt slán ón dlí.

Chuir an rialtas i gcoinne na n-orduithe dlí ina gceann agus ina gceann i gcúirt níos cumhachtaí, áfach, agus tráthnóna inné, Dé hAoine, bhí an bealach réidh do Lula le dul i mbun oibre mar Cheann Foirne.

Ach oíche aréir, chuir an Chúirt Uachtarach Fheidearálach féin ceapachán Lula ar fionraí in athuair.

Murar leor an ruaille buaille seo ar fad, cuireadh tús go hoifigiúil oíche Dhéardaoin le próiseas chun táinseamh a dhéanamh ar an uachtarán reatha, Dilma Rousseff. Ní le scannal Petrobras atá sise luaite; tá drochbhainistiú ar chuntais an rialtais á chur ina leith.

Idir an dá linn, tá an eacnamaíocht ina cíor thuathail, tá airgeadra na tíre, an real, thuas go mór lá amháin agus thíos go mór an chéad lá eile, tá an tír á céasadh ag plá an zika agus níl ach cúig mhí fágtha go dtí go mbeidh na Cluichí Oilimpeacha ar siúl in Rio de Janeiro.

Ní haon ionadh é go bhfuil a bhfoighid á cailleadh ag muintir na Brasaíle. Dé Domhnaigh seo caite, chuaigh nach mór dhá mhilliún go leith duine amach ar na sráideanna i léirsithe frithrialtais. Oíche Chéadaoin, agus Lula ceaptha ina Cheann Foirne agus na taifeadtaí fuaime a rinneadh dá chomhrá le Dilma Rousseff tar éis sceitheadh, chuaigh na mílte duine amach ar shráideanna São Paulo, Rio de Janeiro agus Brasília. Dé hAoine, chuaigh na mílte amach ag léirsiú ar son an rialtais.

Agus anois? Ceist mhaith, agus is críonna an comhfhreagraí a dhéanfadh tuar nó tairngreacht faoina dtarlóidh sna seachtainí agus sna míonna romhainn i dtír nach bhfuil sé soiléir a thuilleadh cé atá i gcumhacht: an t-uachtarán reatha, iar-uachtarán, nó an bhreithiúnacht.

Fág freagra ar 'Cíor thuathail pholaitiúil sa Bhrasaíl'