‘Cíor thuathail de Bhreatimeacht nó síneadh ama an rogha ag an mBreatain’ – Tusk

Tá breithiúnas duairc tugtha ag Donald Tusk ar scéal an Bhreatimeachta, ach deir an Taoiseach gurb é a bhraistint siúd ná go mbeidh margadh nó síneadh ama ann

‘Cíor thuathail de Bhreatimeacht nó síneadh ama an rogha ag an mBreatain’ – Tusk

Donald Tusk

Níl aon ní i ndán don Bhreatain anois ach Breatimeacht a bheidh “ina chíor thuathail” nó síneadh ama a chur lena mballraíocht den AE tar éis an 29 Márta, dar le Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Donald Tusk.

Idir an dá linn, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar, a raibh cruinniú aige inniu le Theresa May san Éigipt, gurb í an bhraistint a bhí aige féin ná nach n-imeodh an Bhreatain as an Aontas Eorpach d’aon tuairt amháin gan aon mhargadh a bheith déanta acu.

“Beidh margadh nó síneadh ama againn,” a dúirt an Taoiseach in Sharm El Sheikh, mar a bhfuil cruinniú mullaigh inniu idir ceannairí an AE agus ceannairí as na tíortha Arabacha.

Dúirt Donald Tusk nach raibh seans ar bith go n-éireodh le Theresa May tacaíocht pharlaimint Westminster a fháil don mhargadh imeachta in am agus gur phléigh sé le Príomh-Aire na Breataine an próiseas dlí ar fad a bhainfeadh le síneadh ama a fháil chun moill a chur leis an mBreatimeacht.

Dúirt Theresa May nárbh é leigheas na faidhbe síneadh a chur le hAlt 50 cé nár chuir sí a leithéid as an áireamh. Ní bheadh ann ach an cinneadh faoin mBreatimeacht a chur ar an méar fhada agus ní réiteodh sé an t-easaontas sa pharlaimint, a dúirt sí. Dúirt May go gcreideann sí gur féidir teacht ar aontú faoin margadh imeachta faoi dáta imeachta, an 29 Márta.

Dúirt Donald Tusk nárbh é mian an AE síneadh ama a chur leis an bpróiseas idirbheartaíochta faoin mBreatimeachta ach go mba léir dó anois gurb é sin “an t-aon socrú a mbeadh ciall leis” i bhfianaise theip an Phríomh-Aire tacaíocht an tromlaigh a fháil don mhargadh sa pharlaimint.

Tá an dá thaobh ag obair i gcónaí ar dhréachtanna de shocruithe faoin gcúlstop, an ‘polasaí árachais’ sa mhargadh imeachta chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint.

Tá an cúlstop ar an dris chosáin is mó roimh an margadh imeachta i bParlaimint Westminster. Tá Theresa May ag iarraidh go ndéanfaí socruithe eile in áit an chúlstop ach deir lucht an AE nach bhfuil sé i gceist acu a thuilleadh idirbheartaíochta a dhéanamh faoin margadh.

Tuairiscítear go bhfuiltear ag féachaint faoi láthair ar conas socruithe dlíthiúla a dhéanamh de gheallúintí faoin gcúlstop a thug an AE i litreacha chuig Rialtas na Breataine anuraidh. Táthar ag féachaint chomh maith ar leasú a dhéanamh ar an dearbhú polaitíochta, a foilsíodh in éineacht leis an margadh imeachta, chun go luafaí ann réiteach teicneolaíochta ar cheist na teorann mar bhealach eile chun an cúlstop a sheachaint.

Fág freagra ar '‘Cíor thuathail de Bhreatimeacht nó síneadh ama an rogha ag an mBreatain’ – Tusk'

  • Braon den Bhreatimeacht

    Is ráiméis é seo ar fad. Ba mhaith liom go bhfága an Bhreatain an tAE ar an 29 Márta. Tá siad ag caint ó dhubh go dubh faoi sheafóid gan substaint ó reachtáladh an reifreann.

    Tá mé braon de bheith ag éisteacht leis sa nuacht agus tá mé braon de na polaiteoirí ag rá nach ndéanfaidh siad pé rud mar go bhfuil tús áite á thabhairt do chúrsaí Breatimeachta.

    Luath nó mall, tá an Bhreatain chun an tAE a fhágáil. Bíodh acu. margadh nó gan margadh agus piocfaimis suas na píosaí ar an 30 Márta. Ná bíodh sé mhí de chaint bhreise, siar is aniar agus strus againn. Suaimhneas atá anois uainn.