Ciontú Brendan Dassey curtha ar ceal, ach cad faoi chás na mbleachtairí ar an gcúits?

Éiríonn daoine áirithe gafa le sraitheanna ar nós Making a Murderer, amhail is gur gála de Murder She Wrote atá idir chamáin

Ciontú Brendan Dassey curtha ar ceal, ach cad faoi chás na mbleachtairí ar an gcúits?

Brendan Dassey

Nuair a fógraíodh an Aoine seo caite go raibh ciontú Brendan Dassey curtha ar ceal, thosaigh na seanmheáin agus na meáin shóisialta in Éirinn agus ar fud an domhain, ag rith le brothall. Ba é scéal Dassey ba mhó a bhí ag treochtáil ar Twitter in Éirinn ar an Aoine agus bhí cad é cadráil fós faoi ar an Satharn. Gan amhras is é an ráchairt a bhí ar tháirge Netflix, Making a Murderer, is cúis leis an mbús ait seo ar fad.

Seoladh an saothar ar an tseirbhís sruthaithe anuraidh agus ar an bpointe d’éirigh an lucht féachana gafa leis na comhchealga agus an mhistéir a bhain le scéalta Steven Avery agus a nia Brendan Dassey.

Gan dul i bhfad scéil leis, ciontaíodh an bheirt acu in 2007 as an mbean óg Teresa Hallback a dhúnmharú in Wisconsin in 2005. An cor ag tús an scéil ná gur ciontaíodh Avery san éagóir as bean a éigniú in 1985 agus chaith sé ocht mbliana déag sa phríosún sular éirigh le fianaise DNA é a shaoradh in 2003. Bhí sé ag tiargáil chun cúiteamh cúirte a fháil nuair a tharla an dúnmharú. Ba í an rannóg phóilíní chéanna a bhí páirteach sa dá chás agus maítear sa tsraith go raibh an chloch sa mhuinchille acu d’Avery mar aon le bheith sceimhlithe roimh dhaorbhreith na cúirte.

Tugadh ar thuras corraitheach deich mbliana sinn sa tsraith agus ba í tuairim na coitiantachta go raibh sé ar cheann de na saothair fhaisnéise is fearr a bhí riamh ann. D’éirigh daoine gafa leis an tsraith agus mhair an dúil mhíchuibheasach sin agus na handúiligh ag plé an cháis ar fhóraim idirlín agus na meáin shóisialta. Bleachtairí ón gcúits ba ea iad is iad ag tochailt agus ag fiosrú gach gné den chás.

Rinneadh réaltaí idirnáisiúnta de dhlíodóirí deisbhéalacha Avery, Dean Strang agus Jerry Buting, beirt a dhein pingin mhaith dóibh féin i ndiaidh na trialach ag tabhairt cainteanna ar fud an domhain, Éire san áireamh.

Cuireadh ciontú Dassey ar neamhní bunaithe ar iompar na bpóilíní agus an chocstí a dheineadar de na hagallaimh leis, ach go háirithe. Ní raibh sé ach seacht mbliana déag ag an am agus deacrachtaí foghlama aige. Ar an Aoine chaith an breitheamh slaiseanna diamhaire leis an dlíodóir a bhí ag Dassey, Len Kachinsky, liúdramán agus leath-amadán, má bhí a leithéid riamh ann.

Clúdaíodh seo ar fad go cuimsitheach sa tsraith rud a fhágann go bhfuil an baol ann go raibh tionchar ag an tsraith, agus an fothragadh a lean é,  ar fheidhmiú an chórais dlí agus cirt.  An bhfuil sin inghlactha, ní hamháin don té atá ciontaithe (san éagóir b’fhéidir) agus do mhuintir an té a dúnmharaíodh ach don phobal trí chéile?

I ndeireadh an lae ní ficsean atá anseo. Tá muintir Hallback fós faoi dhaolbhrat bróin agus tá fear, a d’fhéadfadh a bheith neamhchiontach, tar éis formhór a shaoil a chaitheamh i bpríosún as dhá choir nach raibh baint ná páirt aige leo.

An bhfuil sé cuí agus inghlactha go mbeimis ag gliúcaíl air seo agus ag baint an oiread súip as? Nó an gníomh ar son cearta daonna í an tsraith a thugann chun solais an éagóir atá déanta ag an gcóras ar dhuine aonair?

Cad iad na himpleachtaí agus na léargais maidir le córas dlí agus cirt Mheiriceá? An bhfuil gá le clár faisnéise lena chruthú go bhfuil tú neamhchiontach? Is é sin má tá duine neamhchiontach, rud a bhfuil cuid mhór den lucht féachana ag glacadh leis maidir le Avery.

Steven Avery
Steven Avery

Gan amhras géarófar ar an mbús faoi Avery anois. Tá a dhlíodóir nua, Kathleen Zellner, ag maíomh le míonna (ar twitter!) go bhfuil an fhianaise acu a shaorfaidh é agus is cinnte go dtarlóidh rud éigin roimh dheireadh na bliana.

An rud is mó a thugaim féin suntas dó ná nach é seo an chéad uair ar tharla a leithéid seo. In 2014 seoladh an podchraoladh Serial, a bhí bunaithe ar dhúnmharú Hae Min Lee i Maryland i 1999. Ciontaíodh an fear óg Adnan Syed as an gcoir agus tá sé fós i bpríosún. Ach oiread le Making a Murderer  chuaigh an clár seo ag tochailt go cumasach, taitneamhach agus d’éirigh bleachtairí na méarchlár gafa leis. Faoi thosach na bliana seo bhí sé íoslódáilte tuairim is 60 milliún agus duais Peabody bronnta air.

Tá comparáidí suntasacha idir an dá chás, mar atá: cúbláil phóilíní, tuairiscí fhinnéithe á múnlú, teicneolaíocht na nguthán soghluaiste, an easpa fianaise  fóiréinsí agus, níos tábhachtaí, dlíodóirí cosanta a dhein cac sleaidí dá gcúraimí.

D’eascair podchraoltaí eile as Serial, ina measc an tsraith thathagach Undisclosed, a bhí breis agus 40 uair an chloig ar fhad. Chuaigh Undisclosed  ag rómhar sna mionsonraí agus chaith súil an tseabhaic ar gach cáipéis, ráiteas agus píosa fianaise a bhain le cás Adnan Syed.

Deineadh ceisteanna an lucht éisteachta a fhreagairt ó sheachtain go seachtain agus ba léir, ní hamháin dúil na ndaoine san ábhar ach an tuiscint dhomhain a bhí acu ar an scéal chomh maith.

Arís eile bhí dí-íogrú á thaibhreamh dom agus mé ag éisteacht leis seo. Tá daoine áirithe gafa leis na cásanna seo amhail is gur gála de Murder She Wrote atá idir chamáin.

Ach oiread le sraith Netflix is léir go raibh tionchar de shaghas éigin ag Serial, agus an bús a lean é, ar fheidhmiú an chórais dlí agus cirt. Fógraíodh an mhí seo caite go bhfuil Adnan le cur ar a thriail arís. Tharla sin tar éis blianta d’achomhairc nach raibh aon rath orthu. 

É sin ar fad gan trácht ar mhaoiniú. N’fheadar Dia ná duine na pinginí a deineadh a shluaisteáil i dtreo na bhfeachtas difriúil. Tar éis gach gála de Undiscolosed, mar shampla, meabhraítear seoladh idirlín duit le gur féidir leat lámh a chur id’ phóca.

Agus an t-alt seo á scríobh agam chonac go bhfuil clár faisnéise faoi Amanda Knox á chur le chéile ag Netflix agus táthar i mbun oibre ar an dara sraith de Making a Murderer.

Cá bhfágann sin muid? Ré nua don scáileán inar féidir le saothair dul ar fheachtais ar mhaithe le cearta daonna agus lucht an chórais a choimeád ar a mbarraicíní?

Nó an bhfuilimid ag siúl ar an tanaí anois? An bhféadfadh sé tarlú go mbeadh an iomarca tionchair ag na sraitheanna seo ar an dlí?

Agus an bhfuilimid mar lucht éisteachta/féachana ag siúl ar an tanaí, idir súp a bhaint as cláir agus gliúcaíocht mhídhaonna a dhéanamh ar eachtraí tragóideacha?

Fág freagra ar 'Ciontú Brendan Dassey curtha ar ceal, ach cad faoi chás na mbleachtairí ar an gcúits?'