Cionta na gcéadta a ciontaíodh as caidrimh homaighnéasacha le cur ar neamhní

Ciontaíodh ar a laghad 941 fear aerach as an homaighnéasachas sular deineadh díchoiriúlú air i 1993

Cionta na gcéadta a ciontaíodh as caidrimh homaighnéasacha le cur ar neamhní

Cuirfear ar neamhní ciontuithe na gcéadta fear a cúisíodh i gcaidrimh homaighnéasacha a bheith acu nuair a bhí a leithéid in aghaidh an dlí.

D’aontaigh an Rialtas inniu go gcuirfí ar neamhní na ciontuithe a bhaineann leis an tréimhse roimh 1993, an bhliain ar deineadh díchoiriúlú ar an homaighnéasachas.

Fógraíodh chomh maith inniu go bhfuil sé i gceist reachtaíocht a thabhairt isteach chun cosc a chur ar theiripe an tiontaithe.

Ciontaíodh ar a laghad 941 fear as an homaighnéasachas sular deineadh díchoiriúlú air.

Grúpa oibre a bunaíodh sa Roinn Dlí chun tuarascáil a ullmhú faoin ábhar a mhol go mbunófaí scéim reachtúil chun na taifid choiriúla a chur ar ceal.

Fógraíodh na beartais nua ag cruinniú i dTithe an Rialtais le grúpaí LGBTQI+ do Sheachtain an Bhróid.

Tá cúig bliana ann ó ghabh an rialtas leithscéal oifigiúil le fir aeracha a d’fhulaing toisc go raibh a gclaonadh gnéis in aghaidh an dlí.

Fág freagra ar 'Cionta na gcéadta a ciontaíodh as caidrimh homaighnéasacha le cur ar neamhní'