Tá cinsireacht curtha i leith Nuacht TG4 ag comhairleoir contae ó Dhún na nGall a deir nár craoladh agallamh a rinneadh leis toisc an T-léine a bhí á caitheamh aige.
Dúirt an comhairleoir contae Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig go ndearna sé agallamh le Nuacht TG4 Déardaoin seo caite, ach nár craoladh é. Léadh amach cuid den mhéid a bhí le rá ag an gcomhairleoir ach ní raibh sé féin le feiceáil ar an gclár.
Mheas Mac Giolla Easbuig gur mar gheall ar an T-léine a bhí á caitheamh aige a rinneadh an cinneadh gan an mhír leis a thaispeáint. An mana ‘Always Anti-Fascist’ a bhí scríofa ar T-Léine an chomhairleora neamhspleách.
Ní hé seo an chéad uair do T-léinte Mhic Giolla Easbuig conspóid a tharraingt agus é faoi agallamh ar TG4. In 2020, cuireadh deireadh le hagallamh leis ar an chlár cúrsaí reatha 7Lá nuair a tugadh faoi deara go raibh ‘Tiocfaidh ár Lá’ scríofa i nGaeilge, i mBéarla agus in Araibis ar an T-léine a bhí á caitheamh ag Mac Giolla Easbuig.
Maidir leis an eachtra is déanaí, dúirt an comhairleoir gur “cinsireacht pholaitiúil” a bhí ar bun ag TG4. Mheas sé nach mbeadh aon fhadhb ann dá mbeadh T-léine le “‘US Navy’ nó a leithéid” uirthi á caitheamh aige.
“Seo na t-léinte a bhíonn orm achan lá,” a dúirt Mac Giolla Easbuig le Tuairisc. “Is ar son cearta agus ar son saoirse a bhíonn na manaí.”
Is ag labhairt le Nuacht TG4 faoin scéal go bhfuil sean-stáisiún an Gharda Síochána sa Bhun Bheag i nGaeltacht Dhún na nGall le díol a bhí Mac Giolla Easbuig. Deir an comhairleoir gur cheart don stát an foirgneamh a choinneáil agus é a athchóiriú do thithíocht shóisialta.
Dúirt Príomh-Eagarthóir Nuacht TG4/RTÉ, Joe Reddington, le Tuairisc, go raibh polasaí ag RTÉ i leith caitheamh sluán agus suaitheantas.
“De réir ár gcuid treoirlínte eagarthóireachta, iarrann muid ar aíonna gan sluáin ná suaitheantais a chaitheamh faoi ábhair atá ina ndíospóireacht phoiblí nó atá conspóideach, nuair nach bhfuil deis na hábhair sin a phlé ná a cheistiú mar chuid den chlár.
“Tá sé seo ag teacht leis an dualgas atá orainn bheith neamhchlaonta.”
Concubhar
Maidir le T-léine an Chomhairleora Mhic Giolla Easbaig a chaith sé ar 7 Lá, ba i mBéarla agus Araibis a raibh an méid de t léine a raibh le feiscint ar an scáileán le linn an chláir. I bhfirinne mhothaigh mé go raibh an Chomhairleoir Gaeltachta seo ag brú Bearla orm. Ní h-amháin sin, ba shluan eagras sceimhle coiscthe as Béarla a bhí á fhógairt aige. Íorónta go maith, tá cuimhne agam ar an gComhairleoir frith chinsireachta seo bheith ag cosaint daoine a chuaigh amach ag péinteáil ar míreanns Bhéarla de chomharthaí bóithre. Dá mba mhaith leis péint a chur ar an mBéarla gránna ar a t léine féin!