‘Cinnteacht’ de dhíth faoi mhaoiniú fadtéarmach don phleanáil teanga chun dul i ngleic le ‘géarchéim teanga’

Moltar i dtuarascáil nua de chuid Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán go bhfuil gá le cinnteacht faoin maoiniú a bheidh ar fáil don phleanáil sa Ghaeltacht as seo go ceann seacht mbliana

‘Cinnteacht’ de dhíth faoi mhaoiniú fadtéarmach don phleanáil teanga chun dul i ngleic le ‘géarchéim teanga’

Deir Coiste Oireachtais na Gaeilge gur chóir d’Aire na Gaeltachta a dheimhniú do choistí pleanála teanga na Gaeltachta go mbeidh an “maoiniú cuí” á fháil acu as seo go ceann seacht mbliana ionas gur féidir leo plean fadtéarmach a chur i bhfeidhm agus daoine a fhostú do thréimhse iomlán a bpleananna teanga.

Moltar chomh maith i dtuarascáil nua de chuid Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán go mbunódh Aire na Gaeltachta foras taighde náisiúnta i nGaeltacht Dhún na nGall a mbeadh sé mar phríomhchúram air taighde sochtheangeolaíochta a dhéanamh faoin bpleanáil teanga, faoi chás na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Deirtear chomh maith sa tuarascáil, atá bunaithe ar thuras a thug baill an choiste ar Ghaeltacht Dhún na nGall níos túisce i mbliana, gur chóir “gach taca agus seirbhís atá ar fáil do scoileanna Béarla” a chur  ar fáil trí Ghaeilge do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

Dúirt Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, Catherine Connolly go dteastaíonn cinnteacht ón bpobal agus lucht pleanála teanga ag dul i ngleic le “géarchéim teanga” na Gaeltachta.

“Na daoine áitiúla atá ag treabhadh an ghoirt i gceantair Ghaeltachta, is iadsan atá lárnach maidir le dul i ngleic leis an ngéarchéim atá roimh an nGaeilge. Teastaíonn cinnteacht maidir le maoiniú ó choistí pleanála teanga ionas gur féidir leo pleanáil fhadtréimhseach a dhéanamh agus an fhoireann a theastaíonn uathu a fhostú,” a dúirt cathaoirleach an Choiste Gaeilge.

I measc an 20 moladh sa tuarascáil, moltar freisin go dtacódh an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta le hÁislann Ghaoth Dobhair.

Fág freagra ar '‘Cinnteacht’ de dhíth faoi mhaoiniú fadtéarmach don phleanáil teanga chun dul i ngleic le ‘géarchéim teanga’'

  • Fionnbarra

    An bhfuil nasc ann chun teacht ar an tuarascáil féin?